Comhordaitheoir Pleanála Teanga (Buan) X2
Is mian le Foras na Gaeilge, an comhlacht forfheidhmithe atá freagrach as an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann, na ceapacháin seo a leanas a dhéanamh.
Comhordaitheoir Pleanála Teanga (Buan) X2, Tagairt: AOFPT/0626
Beidh ról amháin lonnaithe in oifigí Fhoras na Gaeilge, Sráid Amiens, Baile Átha Cliath agus an ról eile in oifigí Fhoras na Gaeilge, Gaoth Dobhair.
Is é an raon tuarastail don phost ná: €57,173- €72,829 (Grád: Ardoifigeach Feidhmiúcháin)
D’fhéadfaí an ráta tuarastail a choigeartú ó am go chéile ar aon dul le beartas pá an Rialtais.
*Caithfear na poist a thairiscint ag bun an scála.
FOIRM IARRATAIS & LEABHRÁN EOLAIS
Íoslódáil díreach ó: http://www.forasnagaeilge.ie/fuinn/foluntais/
TUILLEADH EOLAIS:
T: (00353) (01) 639 8412
R: poist@forasnagaeilge.ie
SPRIOCDHÁTA:
Ní mór cóip PDF de d’fhoirm iarratais chomhlánaithe a sheoladh ar ríomhphost roimh 12 meán lae, Dé hAoine, 18 Meán Fómhair 2026

