Comhordaitheoir Cearta Teanga – Gaeltacht
Tá clú agus cáil ar Chonradh na Gaeilge mar eagras deonach atá tiomnaithe do chur chun cinn na Gaeilge ar fud na cruinne. Bunaithe ag Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill agus eile é in 1893, tá an eagraíocht ar thús cadhnaíochta in athbheochan úsáid na teanga agus ag múscailt spéise sa Ghaeilge agus sa chultúr Gaelach ó shin i leith.
Tá an Conradh ag lorg duine le bheith mar Chomhordaitheoir Cearta Teanga – Gaeltacht
Cur síos ar an bpost:
Faoi stiúr Bhainisteoir Abhcóideachta ó dheas agus Buanchoiste an Chonartha, beidh sé de dhualgas ar an gComhordaitheoir Cearta Teanga na dualgais a leanas a dhéanamh:
- Gníomhú ar fheachtais chearta teanga Gaeltachta agus Gaeilge
- Obair le pobail Ghaeltachta, Ghaeilge agus ghrúpaí feachtais eile
- Idirchaidreamh le comhairlí áitiúla, polaiteoirí náisiúnta agus comhlachtaí poiblí ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta
- Páirt a ghlacadh i bpróisis poiblí ar leas cearta teanga na Gaeilge agus na Gaeltachta
- Feasacht phoiblí a ardú trí fheachtais eolais, cruinnithe poiblí agus imeachtaí poiblí
- Comhoibriú le hOifigigh Pleanála Teanga, eagraíochtaí pobail agus páirtithe leasmhara eile chun úsáid na Gaeilge mar ghnáththeanga phobail a neartú
- Tacú le gluaiseacht éifeachtach feachtasaíocht cearta teanga a thiomáint agus a eagrú de réir mar is cuí
- Acmhainní digiteach stocaireachta agus abhcóideachta a chruthú agus a bhainistiú atá oiriúnach do na meáin shóisialta agus agus do shuíomhanna idirlín – gníomh.ie
- Dualgais eile de réir mar is gá
Cur síos ar an té a cheapfar
- Cáilíocht tríú leibhéal atá in oiriúint don phost nó taithí a chomhionann
- Taithí ag plé le forbairt pobail nó ar fheachtasaíocht Ghaeilge nó Ghaeltachta
- Scileanna maithe idirphearsanta agus cumarsáide
- Cumas oibriú ar do thionscnamh féin agus mar chuid d’fhoireann
- Tuiscint ar reachtaíocht, polasaí agus cearta teanga
- Scileanna maithe riaracháin agus ríomhaireachta
- Caighdeán maith Gaeilge scríofa agus labhartha agus/no TEG – Leibhéal B2
Scála Tuarastail:
Oifigeach Feidhmiúcháin, Ciorcalán 07/2026 – €38,803 – €63,227. Caithfear an post a ofráil ag bun an scála. Chomh maith leis sin íocfar 5% den tuarastal sa bhreis ar an tuarastal mar sholáthar do phinsean an fhostaí ceaptha tar éis dóibh an tréimhse promhaidh a bhaint amach.
Spriocdháta:
Is gá CV agus litir chumhdaigh a chur chuig post@cnag.ie faoi dé hAoine 14 Lúnasa @ 11rn.
Eolas breise:
- Bíonn Conradh na Gaeilge ag feidhmiú ar bhonn uile-oileánda & bíonn cúraimí uile-oileánda ag gach fostaí dá réir sin
- Post lánaimseartha ar chonradh bliana atá i gceist leis an ról.
- Tá sé i gceist go mbeidh an post seo lonnaithe in Oifig na Tulaí, Baile na hAbhann sa Ghaillimh. D’fhéadfadh go mbeadh cianobair i gceist leis an bpost seo ach beidh ar a laghad lá sa tseachtain le déanamh in oifigí Chonradh na Gaeilge i nGaillimh nó oifig eile de réir mar is gá
- Glacfar le hiarratais as Gaeilge amháin
- Beidh na hagallaimh don phost seo ar siúl Déardaoin 20 Lúnasa thar zoom



