Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Ceannaire Club Óige Setanta

10 Meitheamh 2026
Buan

Tá muid ag lorg duine fuinniúil chun ról an Cheannaire a ghlacadh. Beidh cúlra láidir san obair óige ag an iarrthóir idéalach, agus taithí le foirne a threorú agus a spreagadh. Ba cheart dóibh a bheith paiseanta faoi fhorbairt dhearfach óige a chothú agus timpeallacht thacúil a chruthú le go mbeidh rath ar dhaoine óga.

Beidh ról lárnach ag an duine seo i gcur i bhfeidhm príomhphróisis agus polasaithe chun struchtúr agus eagraíocht a thabhairt don chlub, ag cinntiú go n-oibríonn sé go héifeachtúil agus go héifeachtach. Tá scileanna láidre ceannaireachta, sárchumas cumarsáide, agus fíorthiomantas do chur chun cinn na Gaeilge agus an chultúir ina gcáilíochtaí riachtanacha atá á lorg againn inár n-iarrthóir idéalach.

Iarrtar ar dhaoine ar spéis leo cur isteach ar an phost seo rphost a chur chuig Jack Mac Íomhair le litir chumhdaigh ag díriú isteach ar na critéir thuas luaite, ar aon le CV: jack@culturlann.org

Spriocdháta: 10 Meitheamh 2026, 12in
Tá an ról seo maoinithe ag an Údaras Oideachais.

Tuilleadh eolais anseo: https://lnkd.in/eMkfhXYq

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta