Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Bainisteoir Scrúduithe agus Measúnaithe – Seirbhís Aistriúcháin

11 Meitheamh 2026
Téarma Seasta

Tá dualgas ar Choimisiún na Scrúduithe Stáit (CnaSS) scrúduithe Teastais an Stáit a reáchtáil. Tá an Coimisiún freagrach as na scrúduithe a fhorbairt, a mheas, a chreidiúnú agus a dheimhniú, lena n-áirítear scrúduithe na hArdteistiméireachta, scrúduithe na
hArdteistiméireachta Feidhmí agus scrúduithe na Sraithe Sóisearaí.

Tá folúntas i Rannóg na Scrúduithe agus an Mheasúnaithe den Choimisiún anois do Bhainisteoir Scrúduithe agus Measúnaithe (BSM) sa tSeirbhís Aistriúcháin. Is deis í seo do dhuine díograiseach a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu agus atá tiomanta seirbhís dhátheangach ardchaighdeáin a chinntiú.

Ag tuairisciú do Cheannasaí Cúnta Rannóg na Scrúduithe agus an Mheasúnaithe, beidh an té a cheapfar iomlán freagrach as Seirbhís Aistriúcháin Choimisiún na Scrúduithe Stáit a
bhainistiú agus a fhorbairt, maoirseacht a dhéanamh ar obair na Seirbhíse Aistriúcháin agus comhairle a thabhairt do CnaSS faoi gach rud a bhaineann leis an tSeirbhís Aistriúcháin.

Cé go bhfuil ceanncheathrú an Choimisiúin lonnaithe i mBaile Áth Luain, Contae na hIarmhí, bíonn na Bainisteoirí Scrúdaithe agus Measúnaithe lonnaithe ar fud na tíre.

Tuilleadh anseo: https://bit.ly/SCE_Ad_EAMGA

Is é 3i.n. ar an Déardaoin 11 Meitheamh 2026 an dáta deireanach ar a nglacfar le hiarratais chomhlíonta.

Táimid tiomanta do dheiseanna comhionannais agus cuirimid fáilte roimh iarratais faoi na naoi bhforas san Acht um Chomhionannas Fostaíochta.

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta