Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Bainisteoir CÚLA4

19 Meitheamh 2026
Téarma Seasta

Fáilteoidh TG4 roimh iarratais ar an bpost Bainisteoir Chainéal CÚLA4 ar chonradh 3 bliana.

Is post sinsearach, dúshlánach é seo ag bainistiú agus ag forbairt Chainéal CÚLA4. I gCeannáras TG4 i nGaeltacht na Gaillimhe a bheidh an té a cheapfar lonnaithe agus beidh sé freagrach don Stiúrthóir Lucht Féachana, Margaíochta agus Comhpháirtíochta.

Beidh an té a cheapfar freagrach as ceannasaíocht a ghlacadh ar fhorbairt CÚLA4, as bainistiú a dhéanamh ar an aschur, as láithreachas agus margaíocht CÚLA4 a stiúradh agus as ardáin CÚLA4 a fhorbairt agus a chur chun cinn i measc phobal féachana leathan na hÉireann agus thar lear.

4pm Dé hAoine an 19 Meitheamh 2026 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. Seol d’iarratas mar aon le litir iarratais ina leagtar amach an chaoi a n-oireann do thaithí agus do cháilíochtaí don ról seo chuig cv@tg4.ie

Tuilleadh anseo

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta