Bainisteoir Comhar Caomhán Teo Inis Oirr
19 Meitheamh 2026
Buan
Riachtanais agus Dualgais an Phoist
- Plean forbartha a chur i bhfeidhm agus forbairtí úra ar an oileán a thabhairt chun foirfeachta;
- Plé le rannóga agus eagraíochtaí stáit;
- Feidhmiú go laethúil trí mheán na Gaeilge;
- Gníomhaíochtaí agus forbairtí pobail a spreagadh agus a chothú;
- Tacaíocht a thabhairt d’imeachtaí forbartha agus cultúrtha a bhíonn á bpleanáil nó á reáchtáil ag coistí agus eagraíochtaí pobail;
- Cabhrú le cur chun cinn na Gaeilge agus feidhmiú an phlean teanga ar an oileán – beidh réimse na pleanála teanga agus feidhmiú Plean 20 Bliain don Ghaeilge lárnach in obair an Chomharchumainn;
- Ábalta taisteal go dtí an mhórthír le haghaidh cruinnithe rialta;
- Ceadúnas glan tiomána agus fáil ar charr ar an mórthír;
- Ardchaighdeán Gaeilge idir scríofa agus labhartha;
- Cáilíochtaí tríú leibhéal le taithí ar chórais riaracháin agus airgeadais;
- Scileanna maithe bainistíochta, cumarsáide agus idirphearsanta;
- Taithí mhaith ar fhorbairt pobail;
- Scileanna maithe ríomhaireachta, na meáin shóisialta san áireamh;
- Cumas oibriú as a stuaim féin;
- Bainistiú scéimeanna.
Déan teagmháil le bainisteoir@discoverinisoirr.com
Tuilleadh eolais agus foirm iarratais anseo

