An Ciste Craoltóireachta Gaeilge – Scéim na nIontrálaithe Nua
17 Meitheamh 2026
–
Aontroim
Taithí Oibre –
Téarma Seasta
Sonraíocht an Phoist & Treoirlínte
Tá iarratais á lorg ag an Chiste Craoltóireachta Gaeilge ó dhaoine a bhfuil Gaeilge líofa acu do Scéim na nIontrálaithe Nua i Scileanna Teilifíse agus Raidió.
Deis atá ann do na hoiliúnaithe taithí phraiticiúil a fháil i léiriúcháin teilfiíse agus raidió agus iad ar socrúcháin le comhlachtaí léiriúcháin teilifíse agus craoltóirí raidió ar fud Thuaisceart Éireann.
Sonraí na Scéime
- Socrúchán oibre 12-mhí i gceist le Fíorphá Maireachtála
- 5 áit oiliúna ar fáil ar an scéim teilifíse agus ceann amháin ar an scéim raidió
- Dírithe ar dhaoine atá nua sa tionscal teilifíse agus raidió
- Caithfidh an t-iarratasóir a bheith líofa sa Ghaeilge labhartha agus scríofa
Cuirfear ar fáil:
- Oiliúint ar an láthair oibre
- Meantóireacht
- Aiseolas rialta
Déanfar athbhreithniú ar an dul chun cinn mar chuid den phromhadh agus le linn na scéime ar fad.
Dátaí tábhachtacha
- Spriocdháta do na hiarratais: 1 i.n. ar an Chéadaoin, an 17 Meitheamh 2026
- Beidh na hagallaimh ar siúl ar: an Chéadaoin, an 24, agus an Déardaoin, an 25 Meitheamh 2026
Tuilleadh anseo

