Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó
View Categories

Ullmhaigh leagan Gaeilge do do CV

3 nóiméad ar fad

Tá sé thar a bheith tábhachtach an leagan Gaeilge ar do CV a chur isteach le haon iarratas ar phost le Gaeilge. Féach thíos ar shampla de CV as Gaeilge chun bheith cinnte go bhfuil na míreanna is tábhachtaí agat.
Ullmhaigh leagan Gaeilge do do CV

An CV Samplach #

Cv samplach GaeilgeSeán Ó Briain, Feidhmeannach Feachtais
12 Páirc na Tuaithe, Dún Garbhán, Co. Port Láirge
Dáta breithe: 21 Bealtaine 1993
Uimhir theagmhála: 0871132444 Ríomhphost: sean@post.ie
LinkedIn: Seanobriain.Linkedin.com

GEARRBHEATHAISNÉIS

Seán Ó Briain is ainm dom agus tá an-spéis agam i gcúrsaí Gaeilge, i measc mo shuimeanna eile. D’fhreastal mé ar Ollscoil Mhá Nuad, áit ndearna mé staidéar ar an nGaeilge agus ar an tíreolas. Is duine an-tiománta mé agus táim thar a bheith díograsach. Nuair a thugtar deis dom, déanaim gach iarracht í a thapú. Ba bhreá liom a bheith ag obair leis an nGaeilge go fadtéarmach mar is breá liom a bheith idirghníomhach léi agus í a spreagadh sa phobal. Bhí mé an-ghníomhach ar an ollscoil leis an gCumann Gaelach mar aon leis an gClub Snámha agus bhí mé i m’uachtárán ar an gCumann 2009-2010. Chabhraigh sé seo liom taithí cheart a fháil ag obair i ngrúpaí ar ábhair a bhfuil an-spéis agam iontu.
Chaith mé seal ag obair mar mhúinteoir agus mar theagascóir, ag obair le grúpaí agus le haoisgrúpaí éagsúla. Bhí sé mar sprioc agam i gcónaí a bheith ag obair leis an nGaeilge. Tá an-spéis agam i gcur chun cinn na teanga agus ceapaim go mbeidh mé in ann cur le cibé foireann a bhfuilim mar cuid di.

TAITHÍ OIBRE

Múinteoir Gaeilge, Coláiste na Rí, Dún Garbhán (2012 – 2016)

  • Ag múineadh na Gaeilge agus tíreolais
  • Ag múineadh spóirt: peil agus iomáint
  • Ag eagrú turas agus imeachtaí scoile

Teagascóir Gaeilge, Ollscoil Éireann Gaillimh, Gaillimh (2017 – 2018)

  • Ag teagasc na Gaeilge do mhic léinn bunchéime
  • Ag tacú le múineadh na n-ábhar Ceilteach san ollscoil
  • Ag déanamh feighlíochta ar mhic léinn i mbun scrúduithe

Feidhmeannach Feachtais, Gaelfhís, Baile Átha Cliath (Feabh 2018 – Anois)

  • Ag reachtáil feachtas ar son chun chun cinn na Gaeilge
  • Ag láimhseáil cuntais dhigiteacha na heagraíochta – Facebook, Twitter, Instagram

GRADAIM

2015: D’éirigh liom duais do Mhúinteoir na Bliana a bhaint amach, comórtas a reáchtáladh i measc na foirne sa scoil
2018:Bhuaigh Gaelfhís comórtas a bhain le húsáid na meán sóisilata as Gaeilge nuair a bhí na cuntais faoi mo stiúir.

SCILEANNA LUACHMHARA

  • Taithí ar na cláir ríomhaireachta seo a leanas: WordPress, Microsoft Office (Word, Excel, PowerPoint), Mailchimp, Google Analytics, Google Drive, Facebook (Gnó), Twitter (Gnó), Instagram (Gnó) agus LinkedIn (Gnó)
  • Taithí ar chúram agus cosaint leanaí
  • Taithí ar chraoladh agus léiriú raidió

OILIÚINT

 M.A. san Oideachas
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
 Meán F. 2011 – Beal 2012
 B.A. (Onórach) Nua-Ghaeilge & Tíreolas (2.1)
Ollscoil Éireann Gaillimh
 Meán F. 2007 – Beal 2010
 Teastas Eorpach Gaeilge Leibhéal: C1  Márta 2017
 Ardteist: Scoil na Trá, Dún Garbhán  Meán F. 2001 – Beal 2006

TEANGACHA

Gaeilge – Líofa (TEG C1)
Fraincís – Cumasach (B1)

RÉIMSÍ SPÉISE

Teanga na Gaeilge
An Mhúinteoireacht
Cúrsaí reatha náisiúnta agus idirnáisiúnta
Cúrsaí spóirt
Cúrsaí polaitíochta

Teistiméireachtaí le fáil ar iarratas 

Eolas sa bhreis #

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta