Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó
View Categories

Roghnaigh Coláiste Samhraidh do do dhéagóir

4 nóiméad ar fad

Féach anseo ar an liosta cuimsitheach de Choláistí Samhraidh na Gaeltachta agus déan teagmháil le do rogha coláiste samhraidh go luath chun áit a chur in áireamh.

Roghnaigh Coláiste Samhraidh do do dhéagóir.png

 

Deis iontach do pháistí #

Is deis iontach iad na coláistí samhraidh do dhaoine óga an Ghaeilge a fhoghlaim chomh maith leis an gcultúr sna ceantair Ghaeltachta a fheiceáil dóibh féin.  Is iondúil go mbíonn an-chuid imeachtaí, spóirt, ealaíon, ceol agus turais i gceist leis na cúrsaí seo chomh maith le ranganna Gaeilge.

Tá gach coláiste éagsúil agus tá ceann ann a d’oirfeadh do chuile ghasúr, is cuma más spéis leo an ceol nó an tonnmharcaíocht nó bheith ag imirt peile.  Is taithí iontach iad na cúrsaí Gaeltachta, a thugann spreagadh do dhaoine óga an Ghaeilge agus is cinnte go dtiocfaidh siad ar chairdeas agus cuimhní a bheidh acu go brách chomh maith.

Cuireann cúrsaí samhraidh sa Ghaeltacht timpeallacht shábháilte ar fáil do dhéagóirí agus iad ag dul ó bhaile den chéad uair.

Suim sa Ghaeilge

Is minic go gcuireann déagóirí a théann chuig na cúrsaí níos mó suime i dteanga na Gaeilge nuair a fhilleann siad. Is samplaí iad na cúrsaí seo den chéad taithí atá acu den Ghaeilge lasmuigh den seomra ranga. Tugtar an deis do na daltaí an Ghaeilge a úsáid i dtimpeallacht nádúrtha, ag cothú spéise sa teanga in ionad a bheith ag díriú ar na mothúcháin dhiúltacha atá acu ina taobh.

Deiseanna fostaíochta

Bíonn deiseanna fostaíochta ann chomh maith dóibh siúd atá spéis acu bheith ina gcinnirí, cúntóirí nó múinteoirí agus iad beagán níos sine.

Na Coláistí Samhraidh #

Féach thíos ar na coláistí samhraidh atá ar siúl timpeall na tíre.

Cúige Chonnacht

Cúige Laighean

Cúige Mumhan

Cúige Uladh

Eolas sa bhreis #

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta