Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó
View Categories

Faigh amach faoi thaithí daoine éagsúla atá ag obair le Gaeilge

22 nóiméad ar fad

Cuir aithne ar na poist éagsúla le Gaeilge agus taithí na ndaoine atá ag obair iontu.

Faigh amach faoi thaithí daoine éagsúla atá ag obair le Gaeilge

Taithí agus moltaí #

Féach ar na físeáin ( ▶) agus agallaimh scríofa thíos chun léargas a fháil ar thaithí daoine atá ag obair in earnáil éagsúla leis an nGaeilge.

Faigh eolas ar a dtaithí oibre go dtí seo, ar conas ar tháinig siad a bpoist reatha, an mór an buntáiste í an Ghaeilge, agus aon mholtaí eile a bheadh acu.

Cé go mb’fhéidir go bhfuil cuid acu bogadh go dtí poist eile anois, tá an-luach fós ag baint lena dtuairimí agus taithí.

Poist san earnáil phoiblí #

Poist sna meáin #

  • Aisteoir – Daithí Mac Suibhne ▶
  • Bainisteoir Stáisiún Raidió – Niamh Ní Chróinín

    Cad is ainm duit?

    Niamh Ní Chróinín

    Cén earnáil ina bhfuil tú ag obair?

    Tá mé ag obair le Conradh na Gaeilge & ag feidhmiú mar bhainisteoir ar Raidió Rí-Rá. Mar sin, tá mé ag obair in earnáil na Gaeilge & na meán.

    Cad a bhí mar spreagadh agat dul ag obair leis an nGaeilge?

    Bhí mé an-bhainteach leis an gCumann Gaelach nuair a bhí mé sa choláiste agus bhí mé ag plé go rialta le heagraíochtaí Gaeilge & leis na daoine a bhí ag obair leo. Thaitin an réimse oibre liom agus bhraith mé go raibh an-chuid deiseanna agus féidearthachtaí amuigh ansin san earnáil.

    Cad é an cúlra oideachais atá agat? An raibh baint ag an nGaeilge leis?

    Bhí mé i nGaelscoil ag an mbunleibhéal, níor fhreastail mé ar Ghaelcholáiste ag an dara leibhéal ach rinne mé céim sa Ghaeilge agus sa tsocheolaíocht i gColáiste na Tríonóide ansin.

    Cad é an rud is mó a thaitníonn leat faoi do phost?

    Tá sé deacair rud amháin a roghnú! Tá gach duine paiseanta faoin nGaeilge agus faoin obair atá ar siúl againn. Tá an obair tábhachtach dúinn ar fad. Tá foireann den scoth againn & tá go leor deiseanna ann triail a bhaint as rudaí nua.

    An mbíonn an Ghaeilge in úsáid agat lasmuigh den obair? Céard iad na deiseanna atá ann?

    Bíonn! Ar dtús báire, tá an-chuid deiseanna ann an Ghaeilge a úsáid ar líne trí a bheith ag labhairt le daoine i ngrúpaí Facebook ar nós Gaeilge Amháin, ag seoladh tvuíteanna as Gaeilge chuig Gaeilgeoirí Twitter (X) nó ag leanúint agus ag labhairt le daoine ar Snapchat. Tá clubanna peile & ióga ann ag feidhmiú trí Ghaeilge, ciorcail chomhrá, clubanna óige & oícheanta sóisialta ar nós na bPop-Up Gaeltachtaí. Dár ndóigh, má tá tú ag iarraidh éisteacht le níos mó Gaeilge, tá go leor le cloisteáil ar an raidió & ar an teilifís!

    Cad iad na príomhdhualgais a bhíonn agat?

    Cuirim sceideal Raidió Rí-Rá le chéile & cruthaím ábhar don stáisiún. Bím ag plé le meáin shóisialta an stáisiúin & ag déanamh ceardlanna raidió i scoileanna timpeall na tíre. Bím ag plé le hurraíocht & margaíocht an stáisiúin chomh maith. Faoi láthair, tá mé an-ghnóthach ag obair ar an albam CEOL 2018.

    Cad a mholfá do dhaoine a bhfuil suim acu a bheith ag obair leis an nGaeilge?

    Ní dóigh liom go bhfuil gá le céim sa Ghaeilge i gcónaí. Tá go leor daoine san earnáil a rinne stáidéar ar rud éigin iomlán éagsúil. Chabhródh sé taithí oibre scoile nó ollscoile a dhéanamh in eagraíocht Ghaeilge nó stáisiún raidió. Thabharfadh sé blaiseadh ceart duit den obair a bhíonn ar siúl againn! Bí bainteach le saol na Gaeilge & le himeachtaí na nGael – glac páirt i bhfeachtais, freastal ar imeachtaí srl. Bí cruthaitheach & bíodh go leor smaointe nua agat – taitníonn sé sin le fostóirí!

    (2019)

  • Comhordaitheoir Digiteach Gaeilge – Siún Ní Dhúinn ▶
  • Eagarthóir Irise – Maitiú Ó Coimín

    Cad is ainm duit?

    Maitiú Ó Coimín

    Cén earnáil ina bhfuil tú ag obair?

    Is mise eagarthóir na hirise cultúir NÓS.ie

    Cad a bhí mar spreagadh duit dul ag obair leis an nGaeilge?

    Oibrím i nGaeilge mar bhainim leis an bpobal Gaeilge agus feictear dom go bhfuil sé tábhachtach na scéalta atá ag an bpobal sin a fhoilsiú.

    Cad é an cúlra oideachais atá agat? An raibh baint ag an nGaeilge leis?

    Fuair mé mo chuid scolaíochta i mBéarla ach bhí an cúrsa ollscoile san iriseoireacht i nGaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá cúrsaí éagsúla sa gcruinnscríobh déanta agam i gcaitheamh na mblianta freisin.

    Cad é an rud is mó a thaitníonn leat faoi do phost?

    Is maith liom go gcasaim le go leor daoine éagsúla ar fud na hÉireann agus go gcloisim na scéalta aisteacha iontacha atá acu.

    An mbíonn an Ghaeilge in úsáid agat lasmuigh den obair? Céard iad na deiseanna atá ann?

    Labhraím an Ghaeilge chuile lá le cairde agus gaolta. Bhog mé go Baile Átha Cliath ag tús na bliana seo agus tá i bhfad níos lú deiseanna Gaeilge a labhairt go leanúnach rialta anseo ná mar a bhí mé ag cur fúm i gConamara ach mar sin féin bíonn imeachtaí maithe ar bun ar fud na cathrach ag ar féidir an Ghaeilge a labhairt. Labhraím chuile lá í ar na meáin shóisialta freisin.

    Cad iad na príomhdhualgais a bhíonn agat?

    Ábhar a choimisiúnú agus a roghnú do NÓS, eagarthóireacht a dhéanamh ar ailt, agus an suíomh idirlín a riaradh.

    Cad a mholfá do dhaoine a bhfuil suim acu a bheith ag obair leis an nGaeilge?

    Más spéis leat an tseodóireacht, gabh leis an ngaibhneacht agus labhair Gaeilge i do cheardlann, más maith leat an aisteoireacht, glac páirt i ndrámaí Gaeilge, más fút a bheith i do spásaire, déan chuile iarracht a chinntiú gurb í an Ghaeilge an chéad teanga a labhrófar ar Mhars.

    (2019)

  • Físiriseoir – Caoimhe Ní Chathail

    Cad is ainm duit?

    Caoimhe Ní Chathail

    Cén earnáil ina bhfuil tú ag obair?

    Na meáin Ghaeilge

    Cad a bhí mar spreagadh agat dul ag obair leis an nGaeilge?

    Bhí dúil agam sa Ghaeilge i gcónaí agus nuair a bhí mé ar scoil, chonaic mé i gcónaí go raibh deiseanna sa bhreis tugtha dúinn mar gheall go raibh Gaeilge againn. Chonaic mé an buntáiste a bhain leis an Ghaeilge agus thaitin an spás a bheadh ann dom a bheith cruthaitheach i mo theanga féin liom. Theastaigh uaim post a bheith agam sna meáin, ach i nGaeilge, agus léiriú gur féidir rudaí iontacha a bhaint amach leis an Ghaeilge.

    Cad é an cúlra oideachais atá agat? An raibh baint ag an nGaeilge leis?

    D’fhreastail mé ar Ghaelscoil agus ar Ghaelcholáiste i Leitir Ceanainn agus ansin chuaigh mé go DCU agus rinne mé staidéar ar Ghaeilge agus Iriseoireacht. Mar sin, bhí oideachas trí mheán na Gaeilge i gcónaí agam.

    Cad é an rud is mó a thaitníonn leat faoi do phost?

    An éagsúlacht – éagsúlacht na hoibre, na scéalta, na daoine a bhuailim leo, na poist éagsúla atá agam agus na deiseanna éagsúla atá faighte agam.

    An mbíonn an Ghaeilge in úsáid agat lasmuigh den obair? Céard iad na deiseanna atá ann?

    Bíonn an Ghaeilge in úsáid níos mó ná an Béarla agam na laethanta seo. Tá cónaí orm ar Bhóthar na bhFál, i gCeathrún Gaeltachta Bhéal Feirste. Ta cónaí orm le daoine le Gaeilge, tá Gaeilge ag mo chairde ar fad, imrím peil leis an chlub lán-Ghaeilge Laochra Loch Lao, is ball mé den Dream Dearg, bím ag craoladh ar Raidió Fáilte agus is iomaí rud eile a bhíonn ar siúl agam i nGaeilge.

    Cad iad na príomhdhualgais a bhíonn agat?

    Is físiriseoir mé le meoneile.ie go príomha. Bíonn orm scéalta a aimsiú, a thaifeadadh agus a chur in eagar. Fosta, is tuairisceoir mé le Nuacht TG4 i mBaile Átha Cliath agus i nGailllimh. Bím le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta, Raidió Fáilte agus BBC Blas go minic. Is breá liom réimse leathan rudaí a bheith idir lámha agam!

    Cad a mholfá do dhaoine a bhfuil suim acu a bheith ag obair leis an nGaeilge?

    Mholfainn daofa obair a dhéanamh chun muinín a chothú ina gcuid Gaeilge. Bí ag caint agus ag scríobh i nGaeilge go minic. Is iomaí deis sóisialta taobh amuigh den seomra ranga atá ann don Ghaeilge fosta agus sílim go bhfuil sé tábhachtach páirt a ghlacadh ina leithéid. Cur aithne ar phobal na Gaeilge agus ná bíodh drogall ort ceisteanna a chur, taithí a lorg agus deiseanna a thapú.

    (2019)

  • Láithreoir Teilifíse – Caitlín Nic Aoidh

    Cad is ainm duit?

    Caitlín Nic Aoidh

    Cén earnáil ina bhfuil tú ag obair?

    Bím ag obair in earnáil na teilifíse le TG4. Is láithreoir aimsire agus leanúnachais mé.

    Cad a bhí mar spreagadh agat dul ag obair leis an nGaeilge?

    Rugadh agus tógadh le Gaeilge mé. Tá mo chroí ‘s anam sa Ghaeilge agus bhí mé i gconaí ag iarraidh poist a fháil ag úsaid mo theanga dhúchais.

    Cad é an cúlra oideachais atá agat? An raibh baint ag an nGaeilge leis?

    Bhí baint ag an nGaeilge leis an gcúlra atá agam. Rinne mé céim sa Ghaeilge agus sa cheol ó Ollscoil na hÉireann Má Nuad. Rinne mé máistreacht sa Ghaeilge ón chólaiste céanna. Ina dhiaidh sin shocraigh mé an Dioplóma Gairmúil san Oideachas agus Dioplóma i Scileanna Aistriúcháin a dhéanamh in Ollscoil Éireann Gaillimh.

    Cad é an rud is mó a thaitníonn leat faoi do phost?

    Is breá liom gach ball foirne atá ag obair liom i TG4, cúrsaí aimsire ar ndóigh agus an saoirse atá againn a bheith cruthaitheach agus muid i mbun ár gcuid oibre. Faigheann muid go leor deiseanna le rudaí spéisiúla a dhéanamh agus triail a bhaint as rudaí úra, gné den phost atá iontach luachmhar measaim féin.

    An mbíonn an Ghaeilge in úsáid agat lasmuigh den obair? Céard iad na deiseanna atá ann?

    Bíonn an deis agam í a úsáid go rialta, le mo theaghlach, mo chairde, daoine ag an bhaile agus le daoine ar líne ar ndóigh chomh maith.

    Cad iad na príomhdhualgais a bhíonn agat?

    Is iomaí dualgas éagsúil atá agam ag brath ar an lá: an aimsir a láithriú, míreanna leanúnacháis a thaifead agus a chleachtadh, obair ar chuntais TG4 ar na meáin shóisialta agus VO’s. (Guthú a dhéanamh ar fhógraí agus ábhair eile de chuid an stáisiúin)

    Cad a mholfá do dhaoine a bhfuil suim acu a bheith ag obair leis an nGaeilge?

    Úsáid í, ná bíodh eagla ar bith ort botún a dhéanamh riamh. Is é cleachtadh a dhéanann máistreacht. Tá go leor deiseanna ann agus mar a dúirt mo mháthair liom fadó, “osclaíonn an Ghaeilge doirse”. Ag breathnú ar an áit atáim anois, is léir go raibh an ceart aici.

    (2019)

  • Láithreoir Teilifíse – Micheál Ó Ciaraidh ▶
  • Léiritheoir Raidió agus Teilifíse – Cian Mac Cárthaigh ▶

Poist san oideachas #

  • Cúntóir Taighde – Stiofán Ó Briain

    Cad is ainm duit?

    Stiofán Ó Briain

    Cén earnáil ina bhfuil tú ag obair?

    Taighde agus Oideachas

    Cad a bhí mar spreagadh agat dul ag obair leis an nGaeilge?

    Is dócha go raibh tionchar ag roinnt rudaí orm: grá don teanga í fhéin agus suim phearsanta i gcúrsaí oideachais agus taighde trí mheán na Gaeilge. Bhí a fhios agam go mbeinn ag iarraidh a bheith ag labhairt na Gaeilge go laethúil tar éis na hollscoile agus a bheith páirteach sa phobal Gaelach i gcathair Bhaile Átha Cliath. Mar sin céim stuama a bhí inti dul sa tóir ar phost leis an nGaeilge.

    Cad é an cúlra oideachais atá agat? An raibh baint ag an nGaeilge leis?

    Níor fhreastail mé ar bhunscoil nó ar mheánscoil lán-Ghaeilge. I ndiaidh mo chuid scolaíochta d’fhreastail mé ar UCD agus bhain mé bunchéim sna healaíona amach sa Bhéarla agus sa Nua-Ghaeilge, agus máistreacht sa Nua-Ghaeilge ina diaidh. Bhí dlúthbhaint ag an nGaeilge le m’oideachas ollscoile, agus le m’oideachas trí chéile d’fhéadfá a rá.

    Cad é an rud is mó a thaitníonn leat faoi do phost?

    An fhoireann a n-oibrím leo agus an dúshlán a bhaineann le cúrsaí teanga na Gaeilge a shimpliú síos len iad a mhíniú do ghlantosaitheoirí na teanga.

    An mbíonn an Ghaeilge in úsáid agat lasmuigh den obair? Céard iad na deiseanna atá ann?

    Bíonn. Is í an Ghaeilge an phríomhtheanga cumarsáide idir mise agus mo chairde agus mo chéile. Freastalaím ar imeachtaí éagsúla ar nós na Pop Uipe, Féile na Gealaí agus óicheanta amach i gClub Chonradh na Gaeilge le Gaeilge a labhairt le daoine eile. Taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, níl deiseanna agam an Ghaeilge a labhairt.

    Cad iad na príomhdhualgais a bhíonn agat?

    Cúrsaí teanga agus cultúrtha ar líne do ghlantosaitheoirí a chruthú i gcomhpháirt leis an bhfoireann. Profáil a dhéanamh. Taighde oideachasúil a dhéanamh ar rathúlacht na gcúrsaí agus eispéiris na mac léinn ar na cúrsaí.

    Cad a mholfá do dhaoine a bhfuil suim acu a bheith ag obair leis an nGaeilge?

    Cuir feabhas ar do scileanna gramadaí agus scríofa. Bíonn poist ar fáil ag déanamh eagarthóireachta agus ag aistriú, tá scileanna mar sin an-chabhrach. Déan cinnte go bhfuil do CV aistrithe go Gaeilge agat. Labhair le daoine a oibríonn in earnáil na Gaeilge, agus iarr cabhair orthu. Bí ag féachaint ar leathanach folúntas ar scéal.ie.

    (2019)

  • Múinteoir bunscoile – Úna Ní Fhlatharta ▶
  • Múinteoir Meánscoile – Sorcha Ní Ghallachóir ▶
  • Oifigeach Eagrúcháin – Nigel Govan

    Cad is ainm duit?

    Nigel Govan

    Cén earnáil ina bhfuil tú ag obair?

    Oibrím in earnáil na Gaeilge faoi láthair, leis an gcomhlacht Gael Linn.

    Cad a bhí mar spreagadh duit dul ag obair leis an nGaeilge?

    I ndiaidh dom céim a bhaint amach, ní raibh mé go hiomlán cinnte céard a bhí uaim. Thuig mé ag an tráth sin gur mhaith liom cur le stádas na Gaeilge in Éirinn nó ar an gcoigríoch. Ach an rud ba mhó a chuir i dtreo earnáil na Gaeilge mé ná an tréimhse a chaitheamh thall sa Bhruiséil i mbun tréimhse oiliúna.
    Le linn na tréimhse sin, chonaic mé cé chomh bródúil is a bhí gach aon duine a bhí ag obair liom, ní hamháin in Aonad na Gaeilge ach in aonaid éagsúla as a gcultúir féin. I ndiaidh dom filleadh abhaile, ní raibh spéis dá laghad agam cur isteach ar aon phost nach raibh bainteach leis an nGaeilge. D’fhéadfá a rá go gcabhraíonn tréimhse sáite i gcultúr eile le tábhacht agus luach do chultúir féin a thuiscint.

    Cad é an cúlra oideachais atá agat? An raibh baint ag an nGaeilge leis?

    Bhí baint láidir ag an nGaeilge le m’oideachas go háirithe i ndiaidh na meánscoile. Rinne mé bunchéim i nGaeilge agus Spáinnis i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. I ndiaidh na bunchéime, rinne mé máistreacht san áit chéanna dírithe ar an aistriúchán mar aon le gnéithe eile a bhaineann leis an nGaeilge. Tar éis na máistreachta, chaith mé seal in Óstaí an Rí chun an tArd-Dioplóma san aistriúchán dlíthiúil a bhaint amach agus faoi láthair tá cúrsa ar siúl agam in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath le bheith cáilithe mar theagascóir corpacmhainne agus traenálaí pearsanta.

    Cad é an rud is mó a thaitníonn leat faoi do phost?

    An éagsúlacht agus an spreagadh pearsanta a fhaighim uaidh.

    An mbíonn an Ghaeilge in úsáid agat lasmuigh den obair? Céard iad na deiseanna atá ann?

    Bíonn, labhraím Gaeilge i measc cairde ón ollscoil nuair a bhuailim leo ach tá clubanna is foirne éagsúla timpeall Átha Cliath lenar féidir Gaeilge a labhairt.Cad iad na príomhdhualgais a bhíonn agat?Bím freagracht as suíomh Gael Linn faoi láthair agus na meáin shóisialta a bhíonn in úsáid againn. Uaireanta, bím ar an mbóthar ag bualadh isteach chuig scoileanna nó ag freastal ar chomórtais agus rudaí éagsúla.

    Cad a mholfá do dhaoine a bhfuil suim acu a bheith ag obair leis an nGaeilge?

    Má tá sibh ar an ollscoil, mholfainn páirt a ghlacadh in imeachtaí atá eagraithe ag na cumainn ghaelacha, bhuailfeá le daoine éagsúla ann agus chloisfeá faoi poist éagsúla a mbeadh baint acu leis an nGaeilge. Mura bhfuil sibh ar an ollscoil nó mura bhfuil spéis agaibh freastal ar an ollscoil, mholfainn bualadh isteach chuig grúpa nó club áitiúil a bhíonn ag plé leis an nGaeilge i do cheantar, mura bhfuil a leithéid ann, mholfainn ceann a chruthú. Ná bíodh faitíos oraibh post nua le Gaeilge nach bhfuil ann faoi láthair a chruthú. Smaoinígí ar rudaí a bheadh taitneamhach is tairbhiúil le cur ar fáil don phobal.

    (2019)

  • Oifigeach Tionscadail le Techspace – Séamus Ó Fátharta ▶
  • Príomhoide, Bunscoile – Cuán Ó Flatharta ▶
  • Teicneolaí Oideachais le UCD – Eoin Mc Evoy

    Cad is ainm duit?

    Eoin Mc Evoy

    Cén earnáil ina bhfuil tú ag obair?

    Oideachas Tríú Leibhéal: UCD. Bím ag obair leis an teicneolaíocht go mór mór i mo ról mar Theicneolaí Oideachais.

    Cad a bhí mar spreagadh duit dul ag obair leis an nGaeilge?

    Pobal na Gaeilge a spreag i dtreo na teanga mé. Braithim gur cuid mé de dhlúthphobal cairdiúil oscailte fáiltiúil agus mé ag labhairt na Gaeilge agus tugann sé sin an-mhisneach dom. Is breá liom bheith ag obair leis an nGaeilge san ollscoil, áit a mbuailim le mic léinn as Éirinn agus mic léinn as áiteacha eile a chuireann spéis i dteangacha agus i gcultúr na hÉireann.

    Cad é an cúlra oideachais atá agat? An raibh baint ag an nGaeilge leis?

    D’fhreastail mé ar Scoil Náisiúnta Dharú agus Coláiste Thulach Mhór, scoileanna nach Gaelscoileanna iad, sular imigh mé le Gaeilge agus Gearmáinis in UCD. Ba sa mheánscoil ba mhó a spreagadh mé chun dul i mbun teangacha agus rinne mé staidéar ar an nGaeilge, an Fhraincis agus an Ghearmáinis ann taobh leis an ealaín agus an eolaíocht. Fuair mé an-oideachas i gColáiste Thulach Mhór i mo chuid ábhar go léir. Ba as Gaeltacht Chonamara do mo mhúinteoir i gColáiste Thulach Mhór agus d’fhág sé sin a rian ar mo chuid Gaeilge labhartha.

    Cad é an rud is mó a thaitníonn leat faoi do phost?

    Is breá liom an chruthaitheacht a bhaineann le teacht ar réitigh (theicniúla nó eile) ar dheacrachtaí a bhíonn ag na mic léinn agus ag an bhfoireann ó thaobh an teagaisc agus ó thaobh na foghlama de.

    An mbíonn an Ghaeilge in úsáid agat lasmuigh den obair? Céard iad na deiseanna atá ann?

    Bíonn! Bím ag labhairt Gaeilge le mo chuid cairde, táim páirteach i gclub leabhar (iontach) Gaeilge agus bím ag freastal ar imeachtaí Gaeilge freisin: REIC, imeachtaí sa Siopa Leabhar, IMRAM, an Pop Up Gaeltacht agus oícheanta breátha i gClub an Chonartha. Is iomaí deis atá ann an Ghaeilge a labhairt ach iad a chuardach!

    Cad iad na príomhdhualgais a bhíonn agat?

    Bím ag tacú leis an bhfoireann acadúil anseo i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD agus iad ag iarraidh leas a bhaint as an teicneolaíocht le cur leis an teagasc. Bím ag cruthú áiseanna foghlama agus measúnaithe ar líne freisin do na mic léinn. Táim i bhfeighil ar Cultúr@UCD, cuntas Soundcloud na Scoile, agus táim ag obair in éineacht le Bairbre Ní Chonchúir, Riarthóir na Nua-Ghaeilge in UCD, ar an tsraith físeán #Gaeilge365, a bhfuil muid ag obair uirthi do Bhliain na Gaeilge.

    Cad a mholfá do dhaoine a bhfuil suim acu a bheith ag obair leis an nGaeilge?

    1. Cuir aithne ar an bpobal agus bain sult as bheith i gcomhluadar daoine eile a labhraíonn Gaeilge.
    2. Léigh leabhair Ghaeilge.
    3. Cuir feabhas ar do chuid gramadaí agus do chuidse cainte. Má bhíonn tú cruinn rachaidh do chuid seansanna san earnáil i méid go mór.

    (2019)

Poist san earnáil phríobháideach #

  • Bainisteoir Siopa Leabhar – An Dr Caitlín Nic Íomhair

    Cad is ainm duit?

    An Dr Caitlín Nic Íomhair

    Cén earnáil ina bhfuil tú ag obair?

    Tá mé i mo bhainisteoir ar shiopa leabhar.

    Cad a bhí mar spreagadh agat dul ag obair leis an nGaeilge?

    Chaith mé dua ag foghlaim na teanga agus bhí mé faoi dhraíocht aici ón tús. Ní bhfuair mé mo sháith di fós, go mór mór an taobh cultúrtha den teanga. Is doiligh a chreidbheáil gur éirigh le teanga mhionlaithe an oiread scríbhneoiri agus ceoltóirí iontacha a chothú. Theastaigh uaim an dea-scéal a scaipeadh, mar chritic agus mar mhúinteoir ar dtús, agus anois mar Chaitlín an tSiopa!

    Cad é an cúlra oideachais atá agat? An raibh baint ag an nGaeilge leis?

    Is dócha go bhfuil mo ‘thuras teanga’ rud beag éagsúil ó roinnt mhaith daoine eile atá ag obair trí mheán na teanga sa mhéid is nach raibh focal i mo phluc agam go dtí go raibh mé timpeall fiche nó fiche haon. Is as an tuaisceart mé agus tógadh i gceantar mé nár aithin an teanga in aon dóigh. Bhí sé an-deacair go deo teacht ar ranganna ag an tús agus sa deireadh chinn mé theacht go Baile Átha Cliath len í a fhoghlaim go lánaimseartha. Rinne mé céim sa Léann Éireannach ar dtús agus ansin PhD sa Léann Ceilteach i gColáiste na Tríonóide. Bhain mé sult as achan uile soicind dó (seachas scrúduithe).

    Cad é an rud is mó a thaitníonn leat faoi do phost?

    Is breá liom nuair a thig teaghlaigh óga isteach ag spalpadh na Gaeilge. Bíonn atmaisféar faoi leith ag pointe le seoladh maith leabhair. Thar rud ar bith eile, is pribhléid í go bhfaighim an deis foghlaimeoiri a mhisniú agus a threorú agus iad ag pilleadh ar an teanga. Tógann sé mo chroí nuair a fhágann siad an siopa le níos mó uchtaigh agus misnigh ná nuair a shiúil siad isteach.

    An mbíonn an Ghaeilge in úsáid agat lasmuigh den obair? Céard iad na deiseanna atá ann?

    Tá sé saoithiúil. Mairim trí mheán na Gaeilge b’fhéidir 85% den lá. Bím ag éisteacht le RnaG, bim ag comhrá le Gaeil i bhfad i gcéin ar Twitter (X) agus Facebook ní labhraíonn muid Béarla san obair agus tá Gaeilge ag nach mór mo chairde ar fad, ach is Béarla amháin atá ag mo mhuintir féin. Is cuimhin liom sórt ‘culture shock’ nuair a bhínn ar an ollscoil, go mbeinn sáite sa Bhéarla athuair agus mé sa bhaile le linn na saoire. Bhraith mé cumha agus d’éirigh mé ‘rusty’ go gasta, ach d’aimsigh mé bealaí – go mór mór an léitheoireacht agus an scríbhneoireacht – le mo Ghaeltacht phríobháideach féin a iompar thart liom agus ni mhothaím cumha níos mó.

    Cad iad na príomhdhualgais a bhíonn agat?

    Bím freagrach as leabhair a dhíol agus a dháileadh, súil a choinneáil ar an teacht isteach agus an caiteachas, pleananna margaíochta agus díolacháin a leagan síos, cumarsáid rialta a dhéanamh leis an ‘mhargadh’, seoltaí agus imeachtaí eile a eagrú sa siopa. Bíonn an obair dian ach taitneamhach.

    Cad a mholfá do dhaoine a bhfuil suim acu a bheith ag obair leis an nGaeilge?

    Déan é! Tum tú féin isteach i ndomhan na Gaeilge. Bí á léamh, á scríobh is á labhairt. Éist léi. Labhair leat féin, labhair leis na peataí, cleachtaigh. Cuir barr feabhais ar do scileanna teanga agus cumarsáide agus bí i do chrann taca ag foghlaimeoirí i gcónaí. Oibrigh go dian ar do chruinneas agus do líofacht agus bí bródúil asat féin agus d’oidhreacht uasal. Bí feiceálach, misniúil agus dearfach. Tacaigh le Gaeil agus le foghlaimeoirí agus never, ever read the comments faoi ailt ar an Ghaeilge sna nuachtáin!

    (2019)

  • Bainisteoir Margaíochta – Michelle Seoighe ▶
  • Grúdaire, Four Provinces Brewing – Fergal Chambers ▶
  • Straitéisí Pobail & Meán Sóisialta – Niamh O Regan

    Cad is ainm duit?

    Niamh O Regan

    Cén earnáil ina bhfuil tú ag obair?

    Earnáil na meán sóisialta agus miondíolachán ar líne

    Cad a bhí mar spreagadh agat dul ag obair leis an nGaeilge?

    Rinne mé staidéar ar an nGaeilge do mo chéim, agus bhí fonn orm leanúint ar aghaidh á húsáid agus mé ag obair, ionas go mbeadh an deis agam fós, an Ghaeilge a labhairt gach lá agus an Ghaeilge a chur chun cinn fad is mé i mbun oibre. Tugann sé áthas dom an Ghaeilge a úsáid, mothaím níos fearr ar na laethanta a úsáidim Gaeilge. Braithim ar nós go bhfuil níos mó fuinnimh agam théis Gaeilge a labhairt.

    Cad é an cúlra oideachais atá agat? An raibh baint ag an nGaeilge leis?

    Chaith mé an chuid is mó de m’oideachas bunscoile thar lear, agus mar sin níor thosaigh mé ag foghlaim na Gaeilge i gceart go dtí go raibh mé naoi mbliana d’aois. Nuair a d’fhill mé, bhí múinteoir den scoth agam i mo bhunscoil, a thug uair sa tseachtain breise de ranganna Gaeilge dom ar feadh na scoilbhliana agus faoi deireadh bhí an leibhéal céanna agam leis na daltaí eile i mo rang. Ó shin d’fhreastail mé ar mheánscoil lánghaelach agus rinne mé staidéar ar an nGaeilge mar cuid de mo chéim, i gcomhpháirt leis an bpolaitíocht.

    Cad é an rud is mó a thaitníonn leat faoi do phost?

    An saoirse a bhíonn agam leis; is féidir mórán feachtas a chur chun cinn thar na meáin shóisialta, agus iad a athrú go rialta, agus tá saoirse iomlán agam leis na feachtais atá fonn orm a thriail.

    An mbíonn an Ghaeilge in úsáid agat lasmuigh den obair? Céard iad na deiseanna atá ann?

    Bíonn. Labhraím Gaeilge le Gaeilgeoirí mo chlainne, le mo chairde ó mo chéim agus ó mo scoil. Freastalaím ó am go chéile ar an bPop Up Gaeltacht agus ar an gClub ar Shráid Fhearcair. Chomh maith leis sin bím ag léamh as Gaeilge, agus déanaim beagáinín scríbhneoireachta as Gaeilge. Déanaim mo dhícheall an leagan Gaeilge a roghnú ar shuíomhanna idirlíne agus ar an ATM chomh maith.

    Cad iad na príomhdhualgais a bhíonn agat?

    Bíonn orm na fógraí ar fad ar na meáin shóisialta éagsúla a chur amach, glaochanna a chur ar iarchustaiméirí, labhairt le hollscoileanna lasmuigh d’Éirinn a dhéanann ranganna as Gaeilge. Léitheoireacht agus litríocht na Gaeilge a chur chun cinn timpeall an domhain ar fad.

    Cad a mholfá do dhaoine a bhfuil suim acu a bheith ag obair leis an nGaeilge?

    Ná héistigí leo siúd a déarfadh nach bhfuil postanna ann; tá. Déan cleachtadh ar do chuid Gaeilge chomh minic agus is féidir. Anuas air sin bain úsáid as na deiseanna atá ann an Ghaeilge a úsáid; idir Facebook a bheith as Gaeilge, tvuíteáil as Gaeilge, déan clár raidió nó éist le podchraoladh as Gaeilge. Tá na deiseanna ann!

    (2019)

Saorphoist #

Eolas sa bhreis #

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta