Clár an Ábhair
Léigh anseo faoi na grúpaí pobail éagsúla Gaeilge in Éirinn agus i gcéin. 
Na príomhghrúpaí #
Tá grúpaí agus eagraíochtaí pobail Gaeilge lonnaithe i mbailte agus sráidbhailte ar fud na tíre.
Bíonn eolas, comhairle, ranganna, ceardlanna, seirbhísí agus imeachtaí éagsúla ar fáil ó, agus ar siúl ag, na grúpaí seo.
Seo thíos liosta de na príomhlíonraí de ghrúpaí pobail atá againn agus conas níos mó eolais a fháil orthu:
- Na Lárionaid Ghaeilge – is féidir liosta iomlán de na lárionaid sa ghréasán a aimsiú ar leathanach Lárionad ar an suíomh seo.
- Craobhacha Chonradh na Gaeilge – tá liosta iomlán ar shuíomh an Chonartha de chraobhacha atá lonnaithe timpeall na tíre agus thar sáile.
- Coistí & Oifigigh Phleanála Teanga – is iad seo na daoine atá i gceannas ar na pleananna teanga áitiúla. Bíonn coiste agus oifigeach pleanála teanga ag nach mór gach Limistéar Pleanála Teanga, Baile Seirbhíse Gaeltachta agus Líonra Gaeilge.
- Coistí atá páirteacht sa Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge (SFLG) – is iad seo na grúpaí nach bhfuil ag feidhmiú mar Líonra Gaeilge fós ach atá ag déanamh iarrachtaí sa treo sin.
Eolas sa bhreis #
- Leabhrán na lárionad Gaeilge
- Scéim Pobal Gaeilge – an scéim a bhí i bhfeidhm roimh SFLG
