Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó
View Categories

Cúig mholadh chun níos mó Gaeilge a úsáid sa bhaile

2 nóiméad ar fad

Seo cúig mholadh do thuismitheoirí agus seantuismitheoirí atá ag iarraidh níos mó Gaeilge a bheith á úsáid sa bhaile.
Cúig mholadh chun níos mó Gaeilge a úsáid sa bhaile

Na moltaí #

1. Úsáid frásaí simplí Gaelacha i rith an lae

Mar shampla:

  • “Oíche mhaith” seachas “Goodnight”
  • “Go raibh maith agat” seachas “Thank you”
  • “Maith an buachaill” nó “Maith an cailín” seachas “Good boy” or “Good girl”
  • “Slán” seachas “Goodbye”

2. Léigh leabhar Gaeilge ag am codlata

neart leabhair áille ar fáil agus ní fhágfar ag lorg frásaí thú!

3. Éist le raidió Gaelach

Cuir an raidió ar siúl i rith an lae – stáisiúin cosúil RTÉ Raidió na Gaeltachta, Raidió na LifeRaidió Rí-Rá.

Breathnaigh ar TG4 nó na cláir ar a sheinnteoir TG4.

Cula4

Cabhróidh sé seo le sealbhú teanga agus foghraíocht.

4. Cruthaigh lipéid simplí le crochadh timpeall an tí

Lipéid cosúil le “Doras”, “Bosca Bruscar”, “Fuinneog”, “Staighre”, “Ríomhaire”, “Tolg”, “Cathaoir”, “Bord”, srl – níl deireadh leis an liosta!

Bain úsáid as foclóir.ie chun teacht ar aistriúcháin.

5. Roghnaigh gnás amháin i do ghnáthshaol mar ‘am Gaeilge’

Roghnaigh gnás amháin i do ghnáthshaol (bricfeasta, dinnéar, turais charr – cibé ceann atá an strus is lú ag baint leis!), foghlaim na frásaí nó foclóir a bhaineann leis, agus beidh ‘am Gaeilge’ agat gach lá.

Na buntáistí #

Nuair a labhraíonn tú le páiste as Gaeilge, tá tú ag tabhairt buntáiste luachmhar dó/di a d’fhéadfadh cabhrú leis/léi:

  • Foghlaim conas léamh agus comhaireamh
  • Teangacha nua a fhoghlaim
  • Scileanna cumarsáide a fhorbairt
  • Post a fháil amach anseo
  • Cairde nua a dhéanamh
  • A bheith páirteach i nglúin nua cainteoirí Gaeilge
  • Féiniúlacht a threisiú

Scéim Teanga Tí #

Faigh níos mó eolais, comhairle, acmhainní agus go leor eile ó Ghlór na nGael tríd a scéim Teanga Tí.

Tugann Teanga Tí an-tacaíocht do theaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge.

Eolas sa bhreis #

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta