Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó
View Categories

Conas m’fhón agus m’aipeanna a athrú go Gaeilge

1 nóiméad ar fad

Seo achoimre ar chuid de na huirlisí atá ar fáil trí Ghaeilge. Bain triail astu, is bealach iontach é chun do Ghaeilge a chleachtadh.

De ghnáth, caithfear teanga an aip ar an bhfón a athrú go Gaeilge trí na socruithe teanga ar an bhfón go ginearálta nó don aip áirithe, nó sna socruithe san aip féin.

Conas m'fhón agus m'aipeanna a athrú go Gaeilge

Córais oibriúcháin #

iPhone/IOS

Tá cuid de ar fáil i nGaeilge (Féilire srl.).

Settings -> General -> Language & Region -> Add Language -> Gaeilge

Samsung/Android

Tá Gaeilge ar fáil mar rogha ar an gcuid is mó de na gutháin Samsung.

Settings -> General Management -> Language and input -> Language -> Gaeilge

Níl leagan Gaeilge ar fáil go fóill ar fhóin Android eile.

Suíomhanna/Aipeanna #

Facebook

Tá an leagan deisce/brabhsálaí ar fáil as Gaeilge.

Settings & privacy -> Language -> Facebook language -> Gaeilge

Níl leagan den aip ar IOS/Android ar fáil as Gaeilge go fóill.

X

Tá leagan deisce/brabhsálaí ar fáil as Gaeilge:

More -> Settings & Privacy -> Accessibility, display, and languages  -> Languages -> App and post languages -> Gaeilge

Níl leagan den aip ar IOS/Android ar fáil as Gaeilge go fóill.

WhatsApp

Ar IOS, tógann WhatsApp an teanga ó shocruithe an fhóin:

Settings -> Language -> Gaeilge

Ar Android, athraítear an teanga sna socruithe san aip féin:

Settings -> App language -> Gaeilge

Leanfaidh WhatsApp Web pé leagan atá san aip ar d’fhón.

RTÉ Player

Is féidir an teanga a athrú ar sheinnteoir RTÉ (brabhsálaí agus aip araon) má théann tú go dtí an leathanaigh Login, agus roghnaíonn tú GAE mar an rogha teanga.

Má tá cuntas RTÉ agat, is féidir an teanga a athrú ó ‘Menu’ sa chaoi chéanna.

Airbnb

Ar an mbrabhsálaí, is féidir an teanga a athrú ón íocón ‘Language and region’ ag barr an leathanaigh

Language and region -> Gaeilge

Ar IOS, is féidir an teanga a athrú don aip ar shocruithe an fhóin:

Settings -> Airbnb -> Preferred Language -> Gaeilge

Ríomhphoist #

Gmail

Tá leagan deisce/brabhsálaí ar fáil as Gaeilge

Settings -> General -> Language - Gaeilge

Níl leagan den aip ar IOS/Android ar fáil as Gaeilge go fóill.

Outlook

Tá leagan deisce/brabhsálaí ar fáil as Gaeilge:

Settings -> View all Outlook Settings -> General -> Language and Time -> Language -> Gaeilge (Éire)

Ar IOS, roghnaigh

Settings -> Outlook -> Preferred Language

Bainfidh Samsung úsáid as na socruithe don phríomhteanga ar an bhfón.

Níl sé ar fáil go fóill ar Android.

Brabhsalaí #

Google

Do chuardach Google, téigh go dtí www.google.com/ga

Eolas sa bhreis #

 

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta