Conas d’ainm a athrú go dtí an leagan Gaeilge, agus cén chaoi an leagan ceart a aimsiú.
Cén fáth athrú a dhéanamh #
Is bealach iontach simplí é d’ainm a úsáid as Gaeilge le léiriú do dhaoine go bhfuil an Ghaeilge agat agus go bhfuil tú sásta í a labhairt.
Roghanna #
Tá dhá bhealach simplí in úsáid ag daoine le haitheantas a thabhairt don leagan Gaeilge dá n-ainm seachas an leagan Béarla:
1. Trí úsáid leanúnach a bhaint as an leagan Gaeilge
Ní mór duit ach an nós a thosú an leagan Gaeilge de d’ainm a úsáid go rialta, go hoifigiúil agus go neamhoifigiúil.
Is féidir é a dhéanamh de réir a chéile, ar dtús báire le do chlann, le do chairde, ag clárú le club, scoil, coláiste nó ollscoil, ag oscailt cuntas bainc, ar do cheadúnas tiomána, ar dhuillíní pá ó d’fhostóir, leis na Coimisinéirí Ioncaim srl.
Smaoinigh ar do Phás a athrú go Gaeilge – is é an doiciméad oifigiúil is fearr agus is éasca le hathrú. Nuair atá d’ainm as Gaeilge ar an bPas, is leor sin mar fhianaise chun d’ainm a athrú go Gaeilge ar beagnach gach doiciméad eile, cosúil leis an gCeadúnas Tiomána, an t-aoischárta, nuair atá cuntas bainc á oscailt agat, agus ar d’iarratas CAO.
2. Tríd d’ainm a athrú trí ghníomhas aonpháirtí
Is é atá i ngníomhas aonpháirtí le haghaidh athrú ainm ná go bhfuil tú ag tréigean úsáid d’iar-ainm, go n-úsáidfidh tú d’ainm nua i gcónaí agus go n-éilíonn tú ar gach duine d’ainm nua a úsáid.
Is bealach é seo le d’ainm as Gaeilge a úsáid ar bhonn níos foirmiúla agus beidh fianaise dhoiciméadach agat ansin go bhfuil d’ainm athraithe.
Tá an-chuid eolais ar shuíomh Fhaisnéise do Shaoránaigh faoi conas d’ainm a athrú.
Cabhair leis an leagan Gaeilge #
Bain úsáid as sloinne.ie mura bhfuil tú cinnte cén leagan Gaeilge atá ar d’ainm agus/nó ar do shloinne.
