Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó
View Categories

Conas ar féidir liom léiriú go bhfuil Gaeilge agam

1 nóiméad ar fad

Faigh eolas anseo ar conas a chur in iúl do dhaoine (cairde, fostóirí, an pobal) go bhfuil Gaeilge agat, agus go bhfuil tú sásta í a labhairt.

Conas ar féidir liom léiriú go bhfuil Gaeilge agam

An duine aonair #

Suaitheantais

Is dócha gurb é An Fáinne an bealach is aitheanta chun cur in iúl do dhaoine go bhfuil Gaeilge agat agus tú i measc comhluadar. Caitheann tú ar do liopa é, ionas go bhfeiceann daoine é agus go dtuigeann siad go bhfuil siad in ann Gaeilge a labhairt leat.

Fáinne Óir, Fáinne Airgid agus suaitheantas Cúpla Focal ar fáil, agus léiríonn an ceann a roghnaíonn tú é chomh compordach atá siad a bheith ag labhairt Gaeilge. Má tú líofa, caith an Fáinne Óir, nó mura bhfuil tú fós, roghnaigh an Fáinne Airgid nó an Cúpla Focal.

Tá sé níos éasca comhrá a thosú i nGaeilge nuair atá a fhios agat go bhfuil an té lena bhfuil tú ag caint báúil agus sásta í a labhairt freisin.

I ndáiríre, is é féin-dearbhú na suaitheantais seo maidir le cumas an duine féin sa Ghaeilge agus mar sin, níl aon ghá scrúdú a dhéanamh chun ceann a fáil. Go minic, bronnann an múinteoir suaitheantas cuí ar fhoghlaimeoirí iad tar éis dóibh rang Gaeilge a chríochnú.

Is féidir na fáinní agus suaitheantais eile cheannach ó phríomhsiopaí na Gaeilge cosúil le Gael Linn, An Siopa Leabhar, An Siopa Gaeilge agus siopaí eile mar iad.

Caighdeán agus cáilíocht

Taobh amuigh den chóras oideachais, is é an Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) an cháilíocht is coitianta chun cumas an duine sa Ghaeilge a mheas agus a léiriú. Cuireann TEG sraith scrúduithe agus cáilíochtaí ar fáil do dhaoine fásta atá ag foghlaim na Gaeilge. Tugann na scrúduithe seo deis d’iarrthóirí, ó ghlantosaitheoirí go leibhéil ardchumais, a gcumas a dheimhniú sa labhairt, sa chluastuiscint, sa léitheoireacht agus sa Ghaeilge scríofa.

Is féidir teastais, dioplómaí, céimeanna agus iarchéimeanna a dhéanamh freisin le Gaeilge. Bheadh sé intuigthe gur ionann an cháilíocht a bhaintear amach agus leibhéal áirithe TEG.

Comhlachtaí agus eagraíochtaí #

Tá go leor scéimeanna tacaíochta do chomhlachtaí agus eagraíochtaí timpeall na tíre atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn, agus tá suaitheantais éagsúla ar fáil mar pháirt dóibh chun léiriú lena gcustaiméirí srl go bhfuil siad báúil don Ghaeilge.

Eolas sa bhreis #

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta