Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó
View Categories

Cén tacaíochtaí atá ar fáil do ghnóthaí le Gaeilge

3 nóiméad ar fad

Faigh tacaíocht agus cúnamh ó na heagraíochtaí seo chun do ghnó a ‘Ghaelú’ – sé sin le rá, níos mó Gaeilge a úsáid idir sibh féin agus le bhur gcustaiméirí.

Cén tacaíocht atá ar fáil do ghnóthaí le Gaeilge

Tacaíochtaí náisiúnta #

Seo iad na heagraíochtaí móra atá ag soláthar tacaíochtaí.

Údarás na Gaeltachta

Skellings chocolate

Tá sé mar dhualgais ag an Údarás an Ghaeilge a chaomhnú mar theanga bheo trí fhorbairt fiontraíochta agus tionscnaimh, agus de bharr sin, níl aon amhras go bhfuil an-chuid tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí uathu.

Cuireann siad moltaí, comhairle, cúrsaí, tacaíocht airgeadais, áitribh, deontais agus níos mó ar fáil chun gnó a thosú, a fhorbairt, a leathnú nó a lonnú i gceantar Gaeltachta.

‘Todhchaí’

Seoladh an tionscadal ‘Todhchaí’ i mí  na Bealtaine 2026, mar chomhpháirtíocht idir Údarás na Gaeltachta, an Mol Digiteach agus Gaeilge365.

Is é sprioc an tionscadal seo ná Gaeilge a chur i gcroílár gheilleagar na hÉireann, agus is fiú súil a chaitheamh air má tá tú ag smaoineamh ar ghnó nua le Gaeilge.

San áireamh sna ríomhthacaíochtaí beidh:

  • Cúrsaí ar líne, haiceatóin agus grodchúrsaí gnólachtaí nuathionscanta atá deartha chun cabhrú le daoine gnólachtaí a thógáil trí mheán na Gaeilge
  • Naisc dhíreacha idir fiontraithe Gaeilge agus comhpháirtithe san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach a bhfuil fíoréileamh margaidh acu

Foras na Gaeilge

Oibríonn Foras na Gaeilge leis an earnáil ghnó phríobháideach, ag tabhairt tacaíocht phraiticiúil dóibh chun an Ghaeilge a chur chun cinn i ngnóthaí.

Foilsíonn an Foras taighde agus treoir maidir le dea-chleachtas i réimse an ghnó, lena n-áirítear treoirleabhar ar úsáid an dátheangachais ar phacáistíocht.

Is é a tionscadal ‘Gnó Means Business’ atá mar fhoinse lárnach eolais ar an nGaeilge i gcomhthéacs na hearnála gnó i gcoitinne, le pacáistí d’acmhainní gnó,  ríomh-threoirleabhráin úsáideacha, eolas faoi Q-Mharc agus go leor eile.

Cuireann an Foras maoiniú ar fáil freisin tríd a scéim bhliantúil An Scéim Tacaíochta Gnó.

Glór na nGael

Cuireann Glór na nGael tacaíocht, cuidiú agus aitheantas ar fáil do ghnólachtaí atá, nó gur mhaith leo, an Ghaeilge a úsáid mar chuid den ghnó acu, nó seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge.

Cuid lárnach den soláthair a dhéanann Glór na nGael d’earnáil an ghnó ná an scéim GRADAIM. Is scéim aitheantais í GRADAIM do ghnólachtaí atá ag úsáid na Gaeilge mar chuid den ghnó, nó atá ag cur seirbhíse trí Ghaeilge ar fáil dá gcustaiméirí. Comhartha aitheanta ar an dea-chleachtas maidir le húsáid na Gaeilge sa ghnó é an gradam seo.

Bíonn buaiteoirí an bhoinn óir agus airgid sa chatagóir ‘Seirbhísí i nGaeilge’ le feiceáil ar ár n-eolaire gnó.

Tacaíochtaí réigiúnacha #

Tá tacaíochtaí ar fáil go réigiúnach freisin. Féach thíos ar liosta d’eagraíochtaí cabhrach réigiúnach:

Gaillimh le Gaeilge

Cuireann Gaillimh le Gaeilge moltaí, tacaíocht, comhairle, aistriúcháin, fógraíocht, dea-chleachtas dearaí, frásaí, comharthaí agus níos mó ar fáil do ghnóthaí na háite.

Eagraíonn siad Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh freisin, i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí eile, chun gnóthaí agus eagraíochtaí a úsáideann an Ghaeilge ina ngnó laethúil a ceiliúradh, agus tugann sé aitheantas don sár-obair atá ar bun acu.

Líonra Leitir Ceanainn

Tá a ngradam gnó féin, Gnó le Gaeilge, ag an Líonra. Téigh i dteagmháil leo chun níos mó a fháil amach faoina dtogra ‘Gnó & Gaeilge’.

BÁC le Gaeilge

an-chúnamh, tacaíochtaí agus acmhainní ar fáil ón bhfoireann seo do ghnóthaí na príomhchathrach. Déan teagmháil leo dá mba mhaith leat do ghnó a fhás trí Ghaeilge.

Gnó Mhaigh Eo

Tá spreagadh agus tacaíocht ar fáil ón bhfoireann seo freisin. Téigh i dteagmháil leo chun níos mó eolais a fháil.

Cill Dara le Gaeilge

Faoin scéim Gnó Chill Dara, cuirtear comhairliúchán saor in aisce ar fáil do ghnólachtaí sa chontae atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn agus tugtar cabhrú dóibh iniúchadh a dhéanamh ar bhealaí nua chun a ngnó a chur chun cinn. Mar shampla – conas feachtais mhargaíochta shaincheaptha a rith, nó an úsáid is fearr a bhaint as ardáin ar líne agus as na meáin shóisialta.

Tugtar tacaíocht do ghnólachtaí nasc a chruthú le pobal a úsáideann an Ghaeilge go rialta nó a bhfuil spéis acu sa teanga, agus chun forbairt á déanamh ar a ngnó.

Skillnet Ireland

Tá cúpla gréasán de chuid Skillnet Ireland ann don ghnó le Gaeilge, cosúil le South West Gnó agus Gréasán na Meán.

Comhairlí Contae agus Cathrach

Bíonn eolas agus tacaíocht ag cuid acu go minic, mar shampla Scéim na Gaeilge ag Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge.

Is fiú fiosrú le do chomhairle áitiúil ar na tacaíochtaí atá ar fáil.

Oifigí Fiontair Áitiúla

Aimsigh an oifig is gaire duit anseo.

Eolas sa bhreis #

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta