Féach thíos ar na feachtais mhóra atá ar siúl agus na heagraíochtaí atá taobh thiar dóibh. Is féidir teagmháil a dhéanamh leo chun a bheith páirteach iontu.

Obair Chonradh na Gaeilge #
Bíonn Conradh na Gaeilge chun tosaigh i bhfeachtais chun an Ghaeilge agus chun cearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chosaint agus a leathnú.
Bíonn idir chruinnithe le polaiteoirí, stáit seirbhísigh agus daoine ábhartha eile; stocaireacht; chomhfhreagras; cheisteanna parlaiminte; leasuithe á moladh ar reachtaíocht; aighneachtaí; thacaíocht páirtithe polaitiúla á lorg; thacaíocht á lorg ón bpobal; laethanta eolais do pholaiteoirí agus comhdhálacha á n-eagrú; agus eile ar bonn go leanúnach ag Conradh na Gaeilge chun na haidhmeanna abhcóideachta atá ag an eagraíocht a bhaint amach.
Feachtais an Chonartha
Féach ar shuíomh an Chonartha ar leathanach na bhfeachtas chun eolas a fháil orthu – mar shampla, an infheistíocht sa bhreis ata á lorg sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht, an feachtas chun úsáid logainmneacha Gaeilge a chur chun cinn, moltaí do pholasaí don phleanáil tithíochta, ceist na hEireann Aontaithe, agus tuilleadh.
Aighneachtaí
Déanann an Conradh aighneachtaí ar ábhair éagsúla i rith na bliana. Féach thíos ar roinnt cinn a chuireadh isteach le cúpla bliain anuas:
- Aighneacht Chonradh na Gaeilge don Chomhairliúchán Poiblí ar Mheasúnú Rioscaí Náisiúnta
- Comhairliúchán: Dréacht-Pholasaí Eatramhach Gaeilge an Údaráis Oideachais
- Tuairim Chonradh na Gaeilge d’iarratas pleanála The Crescent Co. Ownership i gCnoc na Cathrach
- Aighneacht Comhairliúchán Poiblí maidir le Daonáireamh 2027
- Aighneacht Comhairliúchán ar Straitéis Litearthachta, Uimhearthachta agus Litearthachta Digití
- Aighneacht Chonradh na Gaeilge do Chomhairliúchán Poiblí ar an gcéad Chreat Beartais eile de chuid an Rialtais maidir le Rannpháirtíocht Leanaí agus Daoine Óga sa Chinnteoireacht
- Aighneacht maidir le hIarratas Pleanála Ballindooley Developments i Mionlach
Déan teagmháil le Bainisteoir Abhcóideachta (ó dheas) an Chonartha chun níos mó eolais a fháil.
An Dream Dearg #
Tháinig An Dream Dearg ar an fhód go luath in 2017 leis an fheachtas iomráiteach #AchtAnois a d’éiligh Acht Gaeilge ó thuaidh i ndiaidh bhlianta fada de leithcheal ar phobal na Gaeilge.
Ó shin i leith, tá fás as cuimse tagtha ar an ghrúpa agus iad aitheanta mar chrann taca do phobal na Gaeilge.
Feachtais de chuid An Dream Dearg
Díríonn an Dream ar fheachtais a bhaineann le sráidainmneacha, reachtaíocht teanga, an óige Gaeilge, an t-oideachas, comharthaíocht agus cearta teanga.
Féach ar shuíomh An Dream Dearg chun níos mó eolais a fháil nó lean An Dream Dearg ar na meáin shóisialta.
TINTEÁN #

Is feachtas náisiúnta tithíochta TINTEÁN a bhfuil sé mar aidhm acu dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta sna ceantair Ghaeltachta.
Tugann an feachtas seo, atá ina chomhiarracht ag Conradh na Gaeilge agus an grúpa feachtais BÁNÚ ó Ghaeltacht Chonamara, pobail Ghaeltachta fud fad na tíre le chéile chun aird a tharraingt ar na riachtanais phráinneacha tithíochta atá ag bagairt ar oidhreacht chultúrtha agus teanga na réigiún seo.
Eolas sa bhreis #
- Cén taighde atá á dhéanamh agus ar fáil faoin nGaeilge
