Faigh comhairle agus eolas anseo faoi na féadearthachtaí maidir le ghairmeacha le Gaeilge.

Buntáiste na Gaeilge #
Is buntáiste luachmhar í an Ghaeilge agus tú ag lorg fostaíochta anseo in Éirinn nó níos faide i gcéin. Is iomaí deis atá ar fáil dóibh siúd a bhfuil Gaeilge acu san earnáil phoiblí, le comhlachtaí gnó agus riaracháin, in earnáil an chultúir, sna meáin agus iriseoireacht, san aistriúchán agus ateangaireacht agus sa chóras oideachais.
Tá go leor acmhainní iontacha ar fáil chun comhairle agus eolas a fháil ar agus faoi na deiseanna. Féach thíos ar na cinn is cuimsithí.
Achoimre ar phoist fhéideartha #
Tugann an bhileog eolais seo blaiseadh de na earnálacha agus gairmeacha ina mbeadh Gaeilge úsáideach nó de dhíth. Déantar cur síos ann ar na poist fhéideartha sa Státseirbhís, sa tSeirbhís Phoiblí, sna meáin, in institiúidí an Aontais Eorpaigh, agus in earnálacha éagsúla eile.
Eolas mionsonrach ar dheiseanna #
Má tá eolas níos mionsonraí uait, tá sé ar fáil sa phacáiste eolais ‘Deiseanna Gairmeacha le Gaeilge’ ó COGG.
Is ann a bhfaighfear treoir, comhairle agus eolas tábhachtach faoi nithe eagsúla, mar chúrsaí ollscoile agus breisoideachais le Gaeilge, na réimsí éagsúla oibre atá ann dóibh siúd a bhfuil líofacht sa Ghaeilge acu, agus a thuilleadh nach iad. Déantar cur síos ar na deiseanna tá ar fáil sa meáin Gaeilge, san oideachas, san aistriúchán agus ateangaireacht, sa ghnó, in earnáil na Gaeltachta agus níos mó.
Faightear eolas ann freisin ar phrintíseachtaí agus cúrsaí breisoideachais, sparánachtaí, scoláireachtaí agus deontais, agus scéimeanna cónaithe, chomh maith le seicliosta treoirghairme le ‘10 rud le déanamh anois chun ullmhú do do ghairm le Gaeilge’.
Is féidir an pacáiste iomlán a íoslódail ó COGG.
Deiseanna thar lear
Tabhair faoi deara go bhfuil cúpla deis ann i liosta na scoláireachtaí sa phacáiste chun bheith ag obair thar lear in institiúidí oideachais i gCeanada (ICUF) agus sna Stáit Aontaithe (Fulbright Ireland-USA).
Suíomh gairmthreorach saoloibre.ie #

Roinntear agus cuirtear go mór leis an eolas ón bpacáiste eolais thuasluaite ar an leathanach ‘Deiseanna Gairme le Gaeilge’ ar an suíomh saoloibre.ie.
Is ann a bhfaighfear eolas agus comhairle maidir le gairmeacha le Gaeilge sna earnálacha seo a leanas:
- Ailtireacht, Foirgníocht & Maoin
- Ainmhithe & Tréidliacht
- An Domhan & An Timpeallacht
- Árachas
- Baincéireacht & Seirbhísí Airgeadais
- Bainistiú Gnó & Acmhainní Daonna
- Bia & Deochanna
- Ceol & Na Taibhealaíona
- Cléireachas & Riarachán
- Cuntasaíocht & Cánachas
- Cúrsaí Mara, Iascaireacht & Dobharshaothrú
- Díolacháin, Miondíol & Ceannachán
- Dlí agus Dlíthiúil
- Ealaín, Ceardaíocht & Dearadh
- Eolaíochtaí Ceimiceacha, Bithleighis agus Cógaisíochta
- Faisin & Scéimh
- Fisic, Matamaitic & Spáseolaíocht
- Fórsaí Cosanta agus An Garda Síochána
- Fógraíocht, Margaíocht agus Caidreamh Poiblí
- Fóillíocht, Spórt & Folláine
- Innealtóireacht & Déantúsaíocht
- Iompar & Lóistíocht
- Leigheas & Cúram Sláinte
- Meáin & Foilsitheoireacht
- Oideachas
- Pobal & Deonach
- Rialtas, Polaitíocht & an AE
- Ríomhairí & Bogearraí
- Síceolaíocht & Cúram Sóisialta
- Stair, Cultúr & Teangacha
- Talmhaíocht, Gairneoireacht & Foraoiseacht
- Teicneolaíochtaí Bithleighis & Leighis
- Turasóireacht & Fáilteachas
Eolas sa bhreis #
- Seimineáir ar líne faoi Ghairmeacha le Gaeilge
- Folúntais reatha le Gaeilge
- Cúrsaí breisoideachais agus ardoideachais le Gaeilge
- Faigh amach faoi thaithí daoine éagsúla atá ag obair le Gaeilge
- Cúig leid do dhaoine atá ag lorg poist le Gaeilge
- Conas cruthú go maith in agallamh do phost
- Tuilleadh eolais ar fhostaíocht agus níos mó ar leathanach na hóige