Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó
View Categories

Cén deiseanna atá ann chun Gaeilge a úsáid ar scoil

1 nóiméad ar fad

Féach anseo ar na tograí agus na himeachtaí inar féidir le scoileanna – scoileanna Gaeilge nó scoileanna Béarla araon – páirt a ghlacadh.

Cén deiseanna atá ann chun Gaeilge a úsáid ar scoil

Imeachtaí do scoileanna amháin #

Gaeilge24 – Dúshlán do dhaoine óga Gaeilge amháin a labhairt ar feadh 24 uair an chloig – sa bhaile, ar scoil, i siopaí agus gnólachtaí, timpeall an bhaile, sa chlub spóirt agus le cairde. Bíonn 300 scoil agus 30,000 dalta páirteach ann, ar a laghad.

#Dúshlán – Deis do mhic léinn agus daltaí iarbhunscoile úsáid a bhaint as an nGaeilge ar bhealach taitneamhach, nádúrtha, lasmuigh den tseomra ranga. Bíonn triúr ar gach foireann. Bíonn 30 dúshlán (tascanna) le cur i gcrích laistigh de 50 uair chloig. Bronntar duaiseanna ar an bhfoireann mheánscoile agus ar an bhfoireann ollscoile is fearr.

Traenáil na nOifigeach Gaeilge Dara Leibhéal – Lá traenála arna reáchtáil ag Conradh na Gaeilge agus Aontas Daltaí Iar-Bhunscoile na hÉireann chun deis a thabhairt do dhaltaí iarbhunscoile freastal ar cheardlanna idirghníomhacha faoi conas an Ghaeilge a chur chun cinn sa scoil agus go leor eile.

Ard-Fheis na nÓg – An t-aon imeacht don aos óg a thugann déagóirí Gaeltachta agus daltaí Gaelcholáistí sa tsraith shinsearach ó gach cearn den tír le chéile i gceantar Gaeltachta éagsúil gach bliain.

An Seó Bóthair – Ceardlann idirghníomhach í an Seó Bóthair a spreagann daltaí chun smaointeoireacht chriticiúil a dhéanamh maidir lena dtuairimí i leith na teanga.

Ceardlann na Sraithe Sinsearaí – Dírithe ar dhaltaí sa 5ú & 6ú Bliain i nGaelcholáistí & scoileanna Gaeltachta. Is leagan níos doimhne den Seó Bóthair (atá dírithe ar ranganna Idirbhliana) atá inti, le tuilleadh eolais ar chearta teanga, deiseanna fostaíochta trí Ghaeilge agus deiseanna eile chun páirt a ghlacadh i bpobal na Gaeilge tar éis na hArdteiste.

Ceardlanna Raidió Rí-Rá  – Tugann Ceardlann Raidió Rí-Rá deis do dhaltaí scileanna raidió a fhoghlaim. Ullmhaíonn agus taifeadann na daltaí cláir raidió. Craoltar na cláir raidió is fearr ar Raidió Rí-Rá nó cuirtear iad ar a suíomh gréasáin.

An Gaelbhratach – Scéim a spreagann agus a chumasaíonn scoileanna na tíre chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn ar fud na scoile ar bhonn pleanáilte, leanúnach, taitneamhach.

Imeachtaí inar féidir le scoileanna páirt a ghlacadh #

TrasnaNadTonnta (i gcomhpháirtíocht le ‘Comhrá’) – Deis ag daoine aonair & grúpaí ar fud an domhain pé Gaeilge atá acu a úsáid agus a cheiliúradh linn. Bíonn neart deiseanna páirt a ghlacadh ann trí imeachtaí ar líne, Ciorcail Chomhrá, agus comórtais éagsúla.

Seachtain na Gaeilge – ceann de na féilte Gaeilge is mó sa bhliain.

Má tá áiseanna tacaíochta don seomra ranga de dhíth, tá áiseanna saor in aisce curtha ar fáil ag Foras na Gaeilge do scoileanna bunscoile agus iarbhunscoile.

Eolas sa bhreis #

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta