Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó
View Categories

Cén chaoi páirt a ghlacadh sa ghluaiseacht teanga

2 nóiméad ar fad

Glac páirt sa ghluaiseacht teanga le Conradh na Gaeilge.

Cén chaoi páirt a ghlacadh sa ghluaiseacht teanga

 

Cur aithne ar Chonradh na Gaeilge #

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge agus saothraíonn an eagraíocht ar son phobal labhartha na Gaeilge agus na Gaeltachta ar fud na hÉireann uile agus timpeall na cruinne. Ó bunaíodh é ar 31 Iúil 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre, ó chúrsaí dlí agus oideachais go forbairt meán cumarsáide agus seirbhísí Gaeilge.

Tá breis agus 200 craobh agus is iomaí ball aonair ag Conradh na Gaeilge sa lá atá inniu ann, agus bíonn baill uile an Chonartha ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn ina gceantair féin. Músclaíonn an eagraíocht uile-oileánda seo pobal na hÉireann, tugann sí tuiscint úrnua dúinn ar ár n-oidhreacht uathúil agus teanga, agus cothaíonn sí meas ionainn ar an gcultúr Gaelach luachmhar atá againn.

Ráiteas Misin na hEagraíochta

Is é ráiteas misin an Chonartha ná ‘An Ghaeilge a athréimniú mar ghnáththeanga na hÉireann’.

Príomh-Réimsí Oibre

Seo blaiseadh de phríomhréimsí oibre an Chonartha; tabhairt cuairt ar a shuíomh chun níos mó eolais a fháil orthu.

  • Abhcóideacht
  • Oideachas
  • Cumasú pobail
  • Siamsaíocht / Féilte
  • Ardú feasachta
  • Ionadaíocht

Conas a bheith páirteach in obair an Chonartha #

Picnic Leictreach

Is í an bhallraíocht – idir bhaill chraoibhe agus bhaill aonair – croílár agus bunchloch na heagraíochta. Féach thíos ar eolas faoin mballraíocht agus cúpla feachtas eile:

Bíonn craobhacha ollscoile, de ghnáth a ghlacann ‘Cumann Gaelach’ nó ‘Cuallacht’ mar ainm, ag obair i gcoláistí agus ollscoileanna na tíre leis an nGaeilge a chur chun cinn agus pobail Ghaelacha a thógáil is a neartú ar a gcampais éagsúla.

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta