Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó
View Categories

Cén buntáistí a bhaineann leis an oideachas trí Ghaeilge

1 nóiméad ar fad

Is iomaí buntáiste atá ann dóibh siúd a bhfuil níos mó ná teanga amháin acu. Seo a leanas roinnt buntáistí atá ann dóibh siúd a roghnaíonn oideachas trí mheán na Gaeilge.

Cén buntáistí a bhaineann leis an oideachas trí Ghaeilge

Tógáil páistí trí Ghaeilge #

Nuair a thógtar trí Ghaeilge, tá buntáistí luachmhaire á dtabhairt dóibh ó thaobh:

  • A bheith in ann léamh agus scríobh
  • Níos mó teangacha a fhoghlaim
  • Scileanna cumarsáide a fhorbairt
  • Deiseanna fostaíochta sa todhchaí
  • Cairde nua a dhéanamh
  • Buntáistí smaointeoireachta (cruthaitheacht, íogaireacht cumarsáide).
  • A bheith páirteach sa ghlúin nua Gaeilgeoirí
  • Buntáistí eacnamaíochta

An t-oideachas lán-Ghaeilge #

De réir An Foras Pátrúnachta, roghnaíonn tuismitheoirí oideachas lán-Ghaeilge ar chúiseanna éagsúla, na cúiseanna seo san áireamh:

  • Tá sé fíor-thábhachtach dóibh go mbeidh Gaeilge ar a dtoil ag a bpáistí.
  • Aithníonn siad go bhfaigheann an páiste léargas ar leith ar a c(h)ultúr féin agus ar chultúir eile.
  • Cothaítear bród na bpáistí ina dteanga, ina gcultúr agus iontu féin.
  • Ábaltacht na bpáistí labhairt, léamh agus scríobh i ndá theanga agus na buntáistí a théann leis sin.
  • An t-oideachas den scoth a chuireann na scoileanna ar fáil do pháistí.
  • Forbairt i bhféinmhuinín agus i bhféiniúlacht na bpáistí.

Buntáistí do na páistí

Feictear dóibh go bhfuil buntáistí breise ann do pháiste má fhreastalóinn sé/sí ar scoil lán-Ghaeilge. De réir taighde ar an oideachas dátheangach, seo a leanas cuid de na torthaí do na daltaí a théann tríd an gcóras:

  • Déanann siad níos fearr go hacadúil (Gallagher & Hanna, 2002)
  • Éiríonn leo an tríú agus an ceathrú teanga a fhoghlaim níos éasca (Cenoz & Valencia 1994)
  • Tuiscint agus oscailteacht do chultúir eile (Gallagher & Hanna, 2002)
  • Feabhas ar fheidhmiú cognaíochta ó thaobh cruthaíochta agus ábaltacht cumarsáide de (Bialystok et al. 2005)
  • Torthaí níos airde sa Bhéarla agus sa mhatamaitic (Foras Taighde ar Oideachas, 2011)
  • Tuiscint níos fearr ar fhéiniúlacht, ar chultúr agus ar spiorad pobail (Baker, 2003)
  • Féinmheas níos airde (Baker, 2003)
  • Cuireann oideachas dátheangach le torthaí acadúla, scileanna cruthaitheacha agus féinmheas sna daltaí (NMABE, 2006; Cummins, 2000)
  • Scileanna cumarsáide agus sóisialta níos fearr (Cummins, 2000)

Féach ar an físeán thíos nó léigh tuilleadh faoi bhuntáistí oideachais trí Ghaeilge anseo

Eolas sa bhreis #

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta