Má tá tú ag iarraidh do chuid Gaeilge a fheabhsú nó má tá eolas á lorg agat do dhuine eile, féach thíos ar mholtaí maidir le conas tabhairt faoi d’aistear teanga.

Ranganna #
Moltar go minic freastal ar ranganna chun tús a chur le do thuras foghlama, go mór mór má tá tú as cleachtadh le fada.
Tá an-chuid eagraíochtaí timpeall na tíre agus i gcéin ag cur ranganna ar fáil i bpearsa agus ar líne.
Is féidir freastal ar chúrsaí gearra i rith na bliana, nó b’fhéidir gur fearr leat ceann de na teastais nó dioplómaí atá ar fáil ag an tríú leibhéal a bhaint amach.
Cabhair d’fhoghlaimeoirí ar líne #
Idir fhoclóirí agus aipeanna, tá go leor acmhainní luachmhara ar fáil anois chun cabhrú le saibhreas teanga, foghraíocht, nathanna cainte, agus scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta sa Ghaeilge.
Agus ná déan dearmad ar na fóraim ar líne, áiteanna ar féidir ceist a chur nó a chuardach agus freagraí éirimiúla a fháil ó Ghaeilgeoirí eile.
Cleachtadh agus úsáid #
Grúpaí Comhrá & imeachtaí
Dar ndóigh, is beatha theanga í a labhairt. Tá an t-ádh linn go bhfuil níos mó ná 250 ghrúpa comhrá (atá ar eolas againn!) á reáchtáil i bpearsa agus ar líne faoi láthair, ar fud fad na tíre na tíre agus thar lear, idir ghrúpaí comhrá, clubanna leabhar, agus phreab-ghaeltachtaí rialta.
Is féidir eolais faoi ghrúpaí i do cheantar féin a aimsiú ar ár liosta d’imeachtaí – roghnaigh ‘Grúpa Comhrá’ mar chatagóir chun díriú isteach orthu.
Bíonn imeachtaí aonaracha eile, le nó trí Ghaeilge, ar siúl i rith na bliana – moltar freastal orthu chun do chuid Gaeilge a chleachtadh, agus chun bualadh le cainteoirí eile. Is féidir iad seo a aimsiú ar an liosta d’imeachtaí ar ár suíomh.
Déan cinnte go bhfuil tú cláraithe ar ár nuachtlitir laethúil toisc go mbíonn imeacht nua á fhógairt ann gach lá, mar réamhfhógra. Ina theannta sin, bíonn eolas ann faoi scéalta nuachta an lae, gnólachtaí le Gaeilge, agus folúntais reatha – féach ar eagrán de anseo. Is féidir leagan ríomhphost nó WhatsApp a roghnú nuair atá tú ag clárú.
Sa ghnáthshaol
Chomh maith leis na grúpaí comhrá agus na himeachtaí thuasluaite, is féidir triail a bhaint as do chúpla focal agus tú ag siopadóireacht – tá gnóthaí timpeall na tíre agus ar líne atá lán sásta seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil don a gcuid custaiméirí; féach thíos ar ailt le samplaí dóibh sna hearnálacha éagsúla:
Ar na meáin shóisialta
Tá úsáid na Gaeilge go breá bríomhar ar na meáin shóisialta – mar shampla, féach ar na seacht gcuntas seo ar Instagram atá dírithe ar fhoghlaimeoirí.
Déan cuardach leis an haischlib #gaeilge ar na meáin shóisialta chun na gnáthchomhráite i nGaeilge a fheiceáil.
Na meáin eile
Má tá suim agat i bpodchraoltaí, bain triail as ceann de na podchraoltaí le nó trí Ghaeilge.
Tá Gaeilge le feiceáil agus cloisteáil beo ar an teilifís agus an raidió, nó ar na seinnteoirí éagsúla.
Chun feabhas a chur ar do scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta, moltar na hailt ghearra ar na nuachtáin agus irisí Ghaeilge a léamh – ailt ó Tuairisc, NÓS, EXtraG agus go leor eile. Cuirtear amach rogha dóibh ar ár nuachtlitir gach maidin seachtaine.
Tá leabhair Gaeilge ar fáil d’fhoghlaimeoirí ó shiopaí leabhair na tíre – téacsleabhair dar ndóigh, ach neart leabhair eile freisin, cosúil leis an leabhar seo de ghearrscéalta do thosaitheoirí, nó aistriúcháin cosúil leis An Hobad.
Tá Gaeilge ar fáil ar aipeanna ar nós Duolingo, atá úsáideach dóibh siúd a bhíonn gnóthach ach atá ag iarraidh a scileanna teanga a chleachtadh.
Eolas sa bhreis #
Seo cúpla alt úsáideach le moltaí don fhoghlaimeoir:


