Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó
View Categories

Céard iad na cearta teanga a bhaineann leis an nGaeilge

2 nóiméad ar fad

Léigh faoi do chearta teanga maidir leis an nGaeilge agus conas tús a chur ar iad a bhaint amach.

Céard iad na cearta teanga a bhaineann leis an nGaeilge

An Ghaeilge ó Dheas #

Baineann cearta daonna agus cearta sibhialta leis an gceart atá againn an teanga a úsáideann muid sa réimse poiblí a roghnú. I gcás na Gaeilge tá cearta teanga an-tábhachtach. Tugann cearta teanga tuilleadh deiseanna dúinn ár gcuid Gaeilge a úsáid i mbealach a neartaíonn a stádas oifigiúil.

Tá sé de cheart agat Gaeilge a úsáid in áit an Bhéarla agus tú ag plé leis an stát. Caithfear an tseirbhís a sholáthar duit. Tagann seirbhísí riachtanacha faoi chúram an stáit (m.sh seirbhís sláinte), mar sin is gá go mbeidh an tseirbhís sin ar fáil as Gaeilge.

Tá an iliomad seirbhísí Gaeilge ar fáil anois mar gheall ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Má bhíonn fadhb agat le seirbhís a fháil as Gaeilge ó dheas, cuir scairt ar Oifig an Choimisinéara Teanga chun cabhair agus comhairle a fháil.

Cén áit le tosú

Áit mhaith le tosú ná d’ainm as Gaeilge a bheith a úsáid agat.

Tá sé de cheart agat d’ainm a úsáid sa leagan Gaeilge sa tír seo, anois is arís, nó le gach doiciméad más maith leat.

An Ghaeilge ó Thuaidh #

Ba chéim shuntasach chun cinn é maidir le stádas reachtúil na Gaeilge sa Tuaisceart an tAcht um Fhéiniúlacht agus Teanga (Tuaisceart Éireann) 2022, a rinne foráil d’Oifig an Choimisinéara Teanga Gaeilge.

Tugann an tAcht aitheantas oifigiúil do stádas na Gaeilge i dTuaisceart Éireann trí fhoráil a dhéanamh do:

  • cheapachán an Choimisinéara Teanga Gaeilge,
  • forbairt caighdeán dea-chleachtais maidir le húsáid na Gaeilge ag údaráis phoiblí, agus
  • ceanglas ar údaráis phoiblí aird chuí a thabhairt ar na caighdeáin sin.

Aithníonn an tAcht freisin bealaí eile ina dtugtar aitheantas oifigiúil don Ghaeilge, mar shampla trí ghealltanas Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann straitéis a ghlacadh chun forbairt na Gaeilge a fheabhsú agus a chosaint, trí obair an Chomhlachta Teanga Thuaidh-Theas, Foras na Gaeilge, agus trí fhoráil a bhaineann leis an oideachas lán-Ghaeilge.

Eolas sa bhreis #

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta