Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó
View Categories

Céard í Seachtain na Gaeilge

1 nóiméad ar fad

Is féile Ghaeilge idirnáisiúnta í Seachtain na Gaeilge, atá ar an gceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais a bhíonn ar siúl in Éirinn agus fud fad an domhain gach bliain.

Cad atá i gceist #

Tugtar deis do gach éinne sult a bhaint as an nGaeilge tríd a bheith páirteach san fhéile, idir chainteoirí dúchasacha, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal ar aon, trí fhéilire imeachtaí siamsúla agus spraíúla a chur ar fáil do gach cineál suime agus gach aoisghrúpa.

Is grúpaí deonacha agus pobail, comhairlí áitiúla, scoileanna, leabharlanna, agus eagrais cheoil, spóirt, ealaíne agus chultúrtha a eagraíonn imeachtaí ina gceantar féin do Sheachtain na Gaeilge.

Is le gach duine an Ghaeilge, is le gach pobal Seachtain na Gaeilge  – Bain Triail Aisti : Surprise Yourself!

Cathain a bhfuil sé ar siúl #

Ritheann Seachtain na Gaeilge ón 1 go dtí an 17ú de Mhárta gach bliain. Cuireadh tús le Seachtain na Gaeilge in 1902 agus an branda sin aitheanta go forleathan i measc mhórphobal na hÉireann.

D’imigh an fhéile ó neart go neart le blianta beaga anuas, agus mar sin beartaíodh an fhéile a shíneadh amach go tréimhse coicíse ach níor athraíodh an t-ainm mar go n-aithnítear an t-ainm go forleathan

Conas ar féidir liom a bheith páirteach ann #

Is féidir leatsa páirt a ghlacadh san fhéile i go leor slí:

  • Imeacht a eagrú do Sheachtain na Gaeilge – tá go leor smaointe agus moltaí ar fáil ar snag.ie/imeachtai
  • Freastal ar imeacht Sheachtain na Gaeilge – bíonn eolas faoi gach imeacht ar fáil ar ár liosta d’imeachtaí gach bliain
  • Bain níos mó úsáide as an nGaeilge le linn na féile: sa bhaile, le do chairde, ar an nguthán, i do ríomhphoist agus poist ar na meáin shóisialta – bíonn acmhainní ar fáil le cuidiú leat ar snag.ie/acmhainni
  • Féach ar na cláir teilifíse, éist leis na cláir raidió agus léigh na nuachtáin a bheidh ag déanamh scéalta faoin bhféile agus faoin nGaeilge féin le linn na féile
  • Ceannaigh clár oifigiúil na féile a eisítear leis an Irish Independent gach bliain, an t-aon áit a mbeidh liosta iomlán na n-imeachtaí curtha i gcló agus chomh maith leis sin, beidh ailt, agallaimh, míreanna spóirt, ceoil agus teicneolaíochta. Is iris dátheangach í seo atá iontach d’fhoghlaimeoirí agus dóibh siúd a bhfuil suim acu i bhforbairtí nua maidir leis an nGaeilge.

Le tuilleadh smaointe a fháil, is féidir súil a chaitheamh ar snag.ie

Eolas sa breis #

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta