Seo cur síos ar an oideachas trí Ghaeilge, ón oideachas luathbhlianta suas go dtí an tríú leibhéal.

An t-oideachas trí Ghaeilge #
Is féidir d’oideachas a fháil trí Ghaeilge ag gach aois anois, cé go mbíonn na roghanna ata ar fáil sách teoranta ag an tríú leibhéal.
Is buntáiste é don dalta óg atá le freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge má tá Gaeilge á labhairt sa bhaile, fiú mura bhfuil i gceist ach í a labhairt ag am ar leith nó go bhfuil focail áirithe in úsáid, ach gur léir don dalta nach teanga scoile amháin í an Ghaeilge agus go bhfuil an-spéis ag na tuismitheoirí sa teanga.
Feidhmíonn scoileanna lán-Ghaeilge faoi ghnáthrialacha na Roinne Oideachais agus Scileanna ó dheas. Is é an Comhairle don Churaclam, Scrúduithe agus Measúnú (CCEA) a sholáthraíonn Curaclam Thuaisceart Éireann trí mheán na Gaeilge.
Aois < 5 bliana #
Is sna naíonraí a thosaíonn an turas oifigiúil san oideachas trí Ghaeilge. Is éard atá i gceist le naíonra ná grúpa páistí idir 3-5 bliana d‘aois a thagann le chéile go rialta (2-3.5 uair a chloig sa lá) i dtimpeallacht thaitneamhach faoi stiúir Stiúrthóra.
Cuirtear béim faoi leith ar fhorbairt fhisiciúil, intleachtúil, chruthaitheach, shóisialta, mhothúchánach agus teanga an pháiste. Déantar é seo trí mheán an spraoi agus na Gaeilge i dtimpeallacht atá sábháilte, spreagúil agus tacúil.
Ó dheas, cuireann Gaeloideachas seirbhísí tacaíochta ar fáil do naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht, agus is iad Comhar Naíonraí na Gaeltachta a dhéanann amhlaidh do na seirbhísí luathbhlianta sa Ghaeltacht. Is iad Altram a thugann tacaíocht do na naíscoileanna an t-oideachas luathbhlianta lán-Ghaeilge a chur chun cinn ó thuaidh.
Tá liosta de na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht ar fáil ó Ghaeloideachas.
Aois 4-12 bliana #
Leantar ar aghaidh leis an oideachas trí Ghaeilge sna bunscoileanna lán-Ghaeilge, agus is Gaelscoil an t-ainm a thugtar ar bhunscoil mar seo. Is í an Ghaeilge an teanga theagaisc sa Ghaelscoil, agus an teanga chumarsáide idir na múinteoirí, na daltaí agus an bhainistíocht. Is teanga bheo í an Ghaeilge sa scoil, laistigh agus lasmuigh de na ranganna.

Is féidir le haon bhunscoil, bunscoileanna lán-Ghaeilge san áireamh, cur isteach ar scéim Gaelbhratach, scéim a thugann aitheantas do scoileanna a ghníomhaíonn le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn tríd an scoil ar fad.
Ó dheas, is iad Gaeloideachas a chuireann seirbhísí tacaíochta ar fáil do bunscoileanna agus iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge. Is iad Comhairle na Gaelscolaíochta an foras atá ionadaíoch thar ceann na gaelscolaíochta in Éirinn ó thuaidh.
Tá eolas faoi Ghaelscoileanna ar fud fad na tíre ar fáil ar shuíomh Gaeloideachas agus ar shuíomh Comhairle na Gaelscolaíochta.
Aois 12-18 bliana #
Tugtar Gaelcholáiste ar iar-bhunscoil lán-Ghaeilge. Mar aon leis an nGaelscoil, is iad Gaeloideachas a chuireann seirbhísí tacaíochta ar fáil do Ghaelcholáistí ó dheas, agus Comhairle na Gaelscolaíochta atá ionadaíoch thar ceann na gaelscolaíochta ó thuaidh.
Is féidir le haon iar-bhunscoil, iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge san áireamh, cur isteach ar scéim Gaelbhratach, scéim a thugann aitheantas do scoileanna a ghníomhaíonn le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn tríd an scoil ar fad.
Ag an aois seo, tá deis ag na déagóirí dul chuig Coláiste Samhraidh i rith a leathanta saoire.
Aois 18-22 bliana #
Tá cúrsaí fochéime agus iarchéime tríd agus le Gaeilge ar fáil sna hinstitiúidí oideachais in Éirinn – sna ollscoileanna, institiúidí Teicneolaíochta, coláistí oiliúna agus coláistí eile.
Tá borradh tagtha ar íomhá na Gaeilge ag an tríú leibhéal ar an iomlán agus tá sé le feiceáil i measc na mac léinn mar gheall ar an iliomad imeachtaí agus feachtas a bhíonn á rith ag na Cumainn Ghaelacha agus ag an Aontas Mac Léinn ar fud fad na tíre leis an teanga a chur chun cinn.

Tá scéim mheantóireachta darb ainm Gníomhaí Gaeilge i bhfeidhm anois freisin do mhicléinn atá gníomhach leis an nGaeilge sa tríú leibhéal.