Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó
View Categories

Céard é an straitéis stáit maidir leis an nGaeilge

3 nóiméad ar fad

Féach anseo ar chur síos ar na straitéisí oifigiúla stáit ó dheas agus ó thuaidh i leith na Gaeilge.

Céard é an straitéis stáit maidir leis an nGaeilge

Stráitéis ó dheas #

Foilsíodh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 ar an 21 Nollaig 2010, tar éis don Straitéis tacaíocht traspháirtí a fháil i dTithe an Oireachtais. Cuireann an Straitéis cur chuige iomlánaíoch, comhtháite i ndáil leis an nGaeilge chun cinn – cur chuige a luíonn le dea-chleachtas idirnáisiúnta.

Eascraíonn an Straitéis as próiseas comhairliúcháin agus taighde, lena n-áirítear tuarascáil a rinneadh don Roinn (Ollscoil Chathair BÁC, 2009), an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (OÉ Gaillimh & OÉ Má Nuad, 2007) agus tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta (2002).

Is ionann an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030 agus polasaí an Stáit i leith na Gaeilge. Tá úinéireacht thras-Rannach ag an Straitéis agus, dá réir, baineann an fhreagracht as í a chur i bhfeidhm le raon Ranna Rialtais, forais agus eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Is faoin Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta atá sé comhordú a dhéanamh ar a feidhmiú.

Réimsí Gníomhaíochta

Leagtar 9 réimse gnímh amach sa Straitéis, eadhon:

  • Oideachas
  • An Ghaeltacht
  • An Teaghlach ag Cur na Teanga ar Aghaidh – Idirghabháil go Luath
  • Riarachán, Seirbhísí agus Pobal
  • Na Meáin agus an Teicneolaíocht
  • Foclóirí
  • Reachtaíocht agus Stádas
  • Saol Eacnamaíochta
  • Tionscnaimh Leathana

De thoradh próisis comhairliúcháin poiblí a d’eagraigh an Roinn ar an áthar, aithníodh an gá le plean Gníomhaíochta 5 bliana 2018-2022 a chur ar fáil.

Straitéis ó thuaidh #

I mí Eanáir 2015 d’fhoilsigh an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta Straitéis le Forbairt na Gaeilge a Fheabhsú agus a Chosaint: 2015 – 2035. Tugann an Straitéis seo treoir don Fheidhmeannas agus leagann sé spriocanna síos i dtaca le forbairt na Gaeilge sna blianta atá romhainn.

Tá an Straitéis seo bunaithe ar na dualgais a cuireadh ar an Rialtas trí Chomhaontú an Chéasta 1998, Comhaontú Chill Rímhinn 2006, Clár an Rialtais 2011-2015, An Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh agus An Coinbhinsiún UNESCO maidir le Caomhnú na hOidhreachta Cultúrtha Doláimhsithe. I measc rudaí eile, tá sé mar aidhm ag an Straitéis seo ná dul i ngleic leis na dúshláin atá roimh theanga na Gaeilge anseo agus leis an Ghaeilge a chur chun cinn mar ghnáth-theanga labhartha.

Seo a leanas na cuspóirí a leagtar síos sa Straitéis:

  • Líon na ndaoine atá ag sealbhú na Gaeilge tríd an Ghaelscolaíocht a mhéadú
  • Líon na ndaoine atá ag foghlaim na Gaeilge i gcóras oideachais an Bhéarla a mhéadú
  • Líon na ndaoine atá ag foghlaim na Gaeilge taobh amuigh den chóras fhoirmiúil a mhéadú
  • Tacú le méadú i líon na bpáistí atá á dtógáil trí Ghaeilge
  • Na hoibleagáidí uilig a bhaineann leis an Ghaeilge faoin Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh a chomhlíonadh
  • Rochtain ar mheáin ardcháilíochta Ghaeilge a mhéadú
  • Feasacht ar luach eacnamaíochta agus sóisialta na Gaeilge a mhéadú
  • Cosaint reachtaíochta a ghnóthú don Ghaeilge
  • Pleananna agus tionscnaimh phobalbhunaithe, áitiúla, inbhuanaithe agus ardcháilíochta don Ghaeilge a fhorbairt
  • Deiseanna a chur ar fáil an Ghaeilge a úsáid don réimse is leithne daoine agus is féidir trí ghréasáin theaghlaigh, shóisialta agus phobail a spreagadh
  • Tacú le méadú an líon daoine a labhraíonn Gaeilge ar bhonn laethúil
  • Dearcthaí dearfacha ar an Ghaeilge a mhéadú i ngach cuid den phobal
  • Dearcthaí dearfacha ar an Ghaeilge a mhéadú sa phobal Phrotastúnach, Aontachtach, Dhílseach

Eolas sa bhreis #

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta