Léigh anseo faoin reachtaíocht shuntasach a bhaineann leis an nGaeilge a shíníodh ina dlí le fiche bliain anuas.

An t-Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999 #
Is é An t-Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999 (Uimhir 1 de 1999) an bonn reachtúil do na Forais Fhorfheidhme Trasteorann, An Foras Teanga ina measc.
Rinneadh leasú ar an bpríomhreachtaíocht (Uimhir 1 -32).
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh 2001 #
Tá an Cairt Eorpach do Theangacha Mionlaigh agus Réigiúnacha deartha le cosaint a chur ar fáil trí chonstaicí d’úsáid na Gaeilge a bhaint.
Daingníodh an Cairt ag rialtas na Breataine i 2001, ag déanamh roinnt gealltanas ceangailteach i dtaca le teanga na Gaeilge faoi Cuid III den Chairt
Clúdaíonn airteagail na Cairte ábhair difriúla, m.s. oideachas, teagmháil leis an rialtas, seirbhísí atá le cur ar fáil trí theanga mionlaigh agus níos mó.
Tá dualgas ar Chomhairlí Áitiúla Cód Cúirtéise a chruthú don Ghaeilge agus a chinntiú go bhfuil gach ball foirne ar an eolas faoi seo agus ar an eolas faoi na nósanna a bhaineann leis an teanga.
Cuireann Cuid II den Chairt dualgas ar Chomhairlí úsáid na Gaeilge idir scríobh agus labhartha a spreagadh go réamhghníomhach sa saol poiblí agus príobháideach.
De réir Airteagal 7(4) den Chairt, beidh ar Chomhairlí “cuirfidh na Páirtithe san áireamh na riachtanais agus toilmhianta arna gcur in iúl ag na grúpaí a úsáideann na teangacha sin” i dtaca le dréachtú polasaithe teanga.
Cuireann Airteagal 10 den Chairt roinnt dualgas ar chomhairlí áitiúla, a chlúdaíonn ach nach bhfuil teoranta do:
- Cainteoirí ag cur iarratas scríofa nó labhartha isteach trí Ghaeilge a éascú
- Comhlachtaí poiblí ag dréachtú cáipéisí i nGaeilge a éascú
- Úsáid na Gaeilge i ndíospóireachtaí i Seomra na Comhairle a éascú a cheadú agus a spreagadh.
- Úsáid logainmneacha traidisiúnta agus sloinnte teaghlaigh thraidisiúnta a cheadú agus a éascú.
- Seirbhísí aistriúcháin a chur ar fáil nuair is gá.
Cuireann Airteagal 12 den Chairt dualgas ar chomhairliú áitiúla i dtaca le himeachtaí agus le háiseanna cultúrtha.
Clúdaíonn sé seo:
- Tionscadail i leith i dtaca leis an Ghaeilge a spreagadh agus cuidiú le inrochtaineacht ábhair Gaeilge
- Ag cur grúpaí atá freagrach as eagrú nó tacú le himeachtaí cultúrtha ar an eolas faoina dualgais i dtaca le riachtanais chainteoirí Gaeilge le linn eagrú na n-imeachtaí
- Ag cur gníomhachtaí chun cinn le cinntiú go bhfuil foireann ag grúpaí atá inniúil sa Ghaeilge chomh mhaith leis an Bhéarla. Clúdaíonn spriocanna agus prionsabail eile atá ag an Chairt: Foghlaim na Gaeilge a spreagadh agus a éascú, taighde, naisc agus malartuithe.
Déantar monatóireacht rialta ar fheidhmiú an chairt agus is féidir féachaint ar na tuairiscí agus moltaí a bhaineann le gach stát, an Ríocht Aontaithe san áireamh.
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 #
Is é príomhaidhm an Achta a chinntiú go gcuirtear feabhas ar sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge.
Déantar é seo trí fhorálacha an Achta mar aon le trí rialacháin atá infheidhme maidir le gach comhlacht poiblí faoin Acht. Tagann go leor ranna stáit agus comhlachtaí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, mar shampla:
- Oifig an Phoist
- Ospidéil phoiblí
- Oifig na bpasanna
- Leabharlanna
- An Roinn Oideachais agus Scileanna
- Ollscoileanna agus institiúidí teicneolaíochta
- Oifig Cheadúnas Tiomána
- Ard-Mhúsaem na hÉireann
- Gach músaem de chuid an Stáit
Ba é seo an chéad uair a cuireadh bunús reachtúil le soláthar sheirbhísí an státchórais go ginearálta trí mheán na Gaeilge.
Bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga faoin Acht seo mar oifig reachtúil neamhspleách a fheidhmíonn ina seirbhís ombudsman agus mar áisíneacht ghéilliúlachta. Is féidir an Treoirleabhar d’Acht na dTeangacha Oifigiúla a íoslódáil ó shuíomh Oifig an Choimisinéara Teanga.
Acht na Gaeltachta 2012 #
Tá dhá phríomhaidhm leis an Acht, eadhon, sainmhíniú nua a leagan síos don Ghaeltacht agus leasuithe a dhéanamh ar struchtúr agus ar fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta.
Faoi Acht na Gaeltachta 2012, tá sé i gceist go mbeidh an Ghaeltacht bunaithe feasta ar chritéir theangeolaíocha seachas ar limistéir thíreolaíocha mar a bhí go dtí seo. Beidh an phleanáil teanga ag leibhéal an phobail lárnach do phróiseas an tsainmhínithe nua don Ghaeltacht. Beidh deis ag ceantair lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta aitheantas reachtúil a bhaint amach mar Líonraí Gaeilge nó mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta, faoi réir critéir áirithe a bheith comhlíonta acu.
Chomh maith le leasuithe a dhéanamh ar fheidhmeanna áirithe de chuid Údarás na Gaeltachta, tugann Acht na Gaeltachta 2012 feidhm reachtúil don Údarás maidir le cur i bhfeidhm An Próisis Pleanála Teanga sa Ghaeltacht. Chomh maith leis sin, déantar foráil faoin Acht chun líon comhaltaí bhord an Údaráis a laghdú go suntasach agus chun deireadh a chur leis an riachtanas do thoghcháin do bhord an Údaráis.
Acht na dTeangacha Oifigiúla (leasú) 2021 #
Treisiú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 atá i gceist leis an reachtaíocht nua seo agus aithnítear go forleathan go gcuirfidh sé go mór le caighdeán na seirbhísí i nGaeilge a chuireann comhlachtaí Stáit ar fáil don phobal.
Is iad príomhspriocanna an Achta neartaithe seo ná:
- go mbeidh 20% d’earcaigh chuig an earnáil phoiblí inniúil i nGaeilge faoi dheireadh 2030;
- go gcuirfear na seirbhísí poiblí uile sa Ghaeltacht agus don Ghaeltacht ar fáil trí Ghaeilge;
- go mbeidh gach oifig phoiblí sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge; agus
- go ndéanfar Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge a fhorbairt
Gné shuntasach den Acht 2021 atá in ionadú chóras na scéime teanga reatha trí chaighdeáin teanga a thabhairt isteach do gach earnáil rialtais, agus beidh caighdeáin níos airde le baint amach ag earnálacha a bhfuil idirghníomhú níos mó acu leis an bpobal.
An Bille Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) 2022 #
Rith Parlaimint na Ríochta Aontaithe an Bille Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) i 2022, ina bhfuil forálacha maidir leis an nGaeilge.
Tagann an reachtaíocht seo as an gcomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua, agus aithníonn sí an Ghaeilge mar theanga, chomh maith le hoifig nua darb ainm ‘Oifig um Aitheantas agus Léiriú Cultúrtha’ a bhunú. Leagtar síos san Acht freisin foráil do Choimisinéir na Gaeilge agus caighdeáin teanga do údaráis phoiblí.
Príomhghnéithe an Achta:
- Aitheantas Oifigiúil: Tugann an tAcht aitheantas oifigiúil don Ghaeilge i dTuaisceart Éireann.
- Oifig um Aitheantas agus Léiriú Cultúrtha: Beidh an oifig seo, in éineacht le Coimisinéir Ultais, freagrach as feasacht a chur chun cinn agus as monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh phrionsabail an aitheantais náisiúnta agus chultúrtha.
- Coimisinéir na Gaeilge: Cruthaítear an ról seo chun tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus chun í a chur chun cinn.
- Caighdeáin Teanga: Beidh ar údaráis phoiblí aird chuí a thabhairt ar phrionsabail aitheantais náisiúnta agus cultúrtha agus iad ag comhlíonadh a bhfeidhmeanna, lena n-áirítear caighdeáin teanga.
- Cur i bhFeidhm Ré Nua, Cur Chuige Nua: Cuireann an tAcht cuid den chomhaontú 2020 maidir leis an nGaeilge i bhfeidhm.
- Cealú Cosc 1737: Cealaíonn an tAcht cosc ar úsáid na Gaeilge i gcúirteanna Thuaisceart Éireann a bhí i bhfeidhm ó 1737.
- Cumhachtaí Comhthreomhara: Beidh cumhachtaí comhroinnte ag Rúnaí Stáit na Ríochta Aontaithe chun feidhmeanna Aire Thuaisceart Éireann a chur i bhfeidhm i ndáil leis na comhlachtaí a bhunaítear leis an Acht.
- ‘Véató Shaint Aindriú’: Cuimsíonn an tAcht forálacha chun dul i ngleic leis an “véató Shaint Aindriú”, a d’fhéadfadh cinntí áirithe ó Airí Thuaisceart Éireann a stopadh.
Eolas sa bhreis #
- An t-Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999
- Leathanach eolais ar an Chairt Eorpach do Theangacha Mionlaigh agus Réigiúnacha
- Acht na dTeangacha Oifigúla 2003-2021
- Acht na Gaeltachta 2012
- Polasaí maidir leis an nGaeltacht
- Céard é an straitéis stáit maidir leis an nGaeilge
- Cur síos agus plé ar an mBille Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann)