Clár an Ábhair
An bhfuil tú ag iarraidh níos mó Gaeilge a úsáid i do shaol? Bíodh ‘an Chaint’ agat. D’fhéadadh sé a bheith le cara, le comhghleacaí nó le duine i do theaghlach.

Is éard atá i gceist leis ‘an Chaint‘ ná feachtas atá dírithe ar dhaoine a chur ag machnamh faoi úsáid na Gaeilge ina saol féin.
Má tá aithne agat ar dhuine a bhfuil Gaeilge aige nó aici agus bíonn sibh ag labhairt as Béarla lena chéile, bíodh ‘an Chaint’ agaibh:
| – ‘Tá Gaeilge agat nach bhfuil?’ – ‘Tá, go deimhin.’ – ‘Tuigim nár labhair muid le chéile cheana í, ach cén fáth nach dtosaíonn muid?’ – ‘Ceart agat, tosóimid anois.’ |
Más foghlaimeoir thú bíodh an Chaint agat le cur le do chuid cúpla focal:
| – ‘Tá Gaeilge agat nach bhfuil?’ – ‘Tá, tá cúpla focal agam ar aon nós.’ – ‘Is foghlaimeoir mé, ach ba bhreá liom feabhas a chur ar mo chúpla focal féin.’ – ‘Suígh síos leat mar sin.’ |
Agus sin í ‘an Chaint‘. Bíodh sí agat.
Eolas sa bhreis #
- Bain triail as do chúpla focal i rith Seachtain na Gaeilge