Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó
View Categories

Cé hiad na háiseanna ar líne is úsáidí sa Ghaeilge

6 nóiméad ar fad

Seo iad cuid de na háiseanna ar líne is úsáidí sa Ghaeilge.

Idir fhoclóirí agus aipeanna, tá foinsí luachmhara ann a chabhraíonn le saibhreas teanga, foghraíocht, nathanna cainte agus scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta.

Cé hiad na háiseanna ar líne is úsáidí sa Ghaeilge

Foclóirí, Nathanna & Gramadach #

Foclóir, téarma & teanglann

Is cinnte gur áiseanna an-luachmhara iad foclóir.ie, téarma.ie agus teanglann.ie le foclóirí, bunachar téarmaíochta, draoi gramadaí (bain triail as!) agus níos mó.

Tá físeáin curtha le chéile acu ar Youtube, i mBéarla agus i nGaeilge, ar conas úsáid a bhaint as na háiseanna seo. Tá físeáin ó Ghaelteanga agus daoine eile le treoracha níos mionsonraí ar fáil ar Youtube freisin.

Tá foclóirí eile ar fáil ar teanglann.ie, cosúil le leagan leictreonach inchuardaithe d’fhoclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill,  d’fhoclóir Gaeilge-Gaeilge An Foclóir Beag,  agus d’fhoclóir Béarla-Gaeilge de Bhaldraithe.  Is ann a bhfaighfeá freisin bunachar gramadaí agus bunachar foghraíochta.

An pota focal

Chomh maith leis na foclóirí thuasluaite, is áis úsáideach é potafocal.com – gluais focal agus nathanna as Gaeilge, mar aon le Litreoir Gaeilge agus Caighdeánaitheoir Gaeilge.

Más duine thú a mbíonn deacracht agat le rialacha ‘An Caighdeán Oifigiúil’, b’fhiú duit úsáid a bhaint as an acmhainn scríbhneoireachta iontaofa seo. Go háirithe i gcás seanteácsanna, d’fhéadadh an Caighdeánaitheoir a bheith an-chabhrach má táthar ag streachailt leis na frásaí neamhchaighdeánacha sin a thuiscint.

Scríbhneoireacht #

Corpas na Gaeilge

Is é Corpas na Gaeilge Comhaimseartha ar Gaois.ie ceann de na hacmhainní Gaeilge is luachmhaire dá bhfuil ann ar an idirlíon. Is éard atá i gceist leis ná corpas nó bunachar alt, irisleabhar agus foinsí nuachta inchuardaithe a chuimsíonn thart ar 21.4 milliún focal.

Corpas na Gaeilge

Ó thaobh na scríbhneoireachta de, is féidir frásaí ná clásail a chur isteach agus na samplaí díobh in a fheiceáil. Is iontach an áis í más ag cóipeagarthóireacht atá tú cuir i gcás. Má tá tú in amhras faoi struchtúr clásail is féidir é a chur isteach sa bhosca cuardaigh agus feiceáil an bhfuil samplaí eile d’úsáid an fhrása ar fáil sa chorpas.

Aistear.ie

Tá an suíomh seo dírithe ar chruinneas scríbhneoireachta trí chéile.

Tá roinnt cleachtaí eagarthóireachta air, mar aon le leabhar iomlán darb ainm Cruinneas a thugann comhairle maidir leis na bealaí is fearr le tabhairt faoi scríbhneoireacht Ghaeilge go beacht.

Cadhan Aonair

Ceann de na háiseanna is mó a úsáidtear ar Chadhan AonairAn Gramadóir. Is féidir na píosaí sin a chur isteach sa Ghramadóir le cinntiú go bhfuil siad ceart ó thaobh na gramadaí de. Níl súil go huile is go hiomlán géar ag an nGramadóir áfach, agus ní bhíonn sé in ann botúin bheaga leis an Tuiseal Ginideach a aithint cuir i gcás.

Tá go leor áiseanna eile ar an suíomh seo, a chuidíonn go mór leis an saol ríomhaireachta go hiomlán trí mheán na Gaeilge a éascú –  is fiú am a chaitheamh ag foghlaim fúthu agus á úsáid.

Gaelspell & Gaelgram

Is aip/feidhmchlár thar a bheith luachmhar í Gaelspell, litreoir agus Gramadóir do Microsoft Word. Faraor, níl chuile fheidhmchlár scríbhneoireachta ar fáil le foclóir Gaeilge nó le seiceálaí gramadaí. Cruthaíodh Gaelspell go díreach le dul i ngleic leis an bhfadhb sin agus tá sé ar fáil do ríomhairí Apple agus Microsoft.

Foghraíocht #

Níl a leithéid is ‘caighdeán labhartha’ ann sa Ghaeilge – cé go bhfuil caighdeán scríofa ann – agus mar sin, go hiondúil, cuirtear fuaimniú sna trí phríomhchanúint ar fáil sna háiseanna – Gaeilge Uladh, Chonnacht agus na Mumhan.

abair.ie

abair.ie

Is tionscadal de chuid na Saotharlainne Foghraíochta agus Urlabhra, ag Scoil na nEolaíochtaí Teangeolaíochta, Urlabhra agus Cumarsáide i gColáiste na Tríonóide, é ABAIR, ag forbairt glórtha sintéise don Ghaeilge ó 2008.

Tá na trí mhórchanúint clúdaithe acu – Gaeilge Uladh, Chonnacht agus na Mumhan. Cuirtear an suíomh ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge. Má chuireann tú isteach d’fhocal Gaeilge, is féidir éisteacht leis a fhuaimniú sna trí chanúint.

foclóir.ie

Tar éis duit d’fhocal Gaeilge a aimsiú, is féidir éisteacht le fuaimniú an fhocail freisin, má tá sé ar fáil, sna príomhchanúintí uilig. Tá físeán foilsithe ag foireann an fhoclóra ar conas teacht ar na comhaid fhuaime sin.

teanglann.ie

Teanglann an t-ainm a thugtar ar an Leabharlann Teanga agus Foclóireachta ar líne. Tá bunachar foghraíochta ar fáil sa leabharlann, ina bhfaightear comhaid fhuaime sna trí mhórchanúint. Bailiúcháin nua iad seo a chruthaíodh mar chuid de thionscadal an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge.

Breacadh.ie

Is ea príomhchúram Breachadh acmhainní a chur ar fáil trí Ghaeilge d’fhoghlaimeoirí fásta na Gaeltachta.

Ceann dóibh siúd is ea Mar a Déarfá!, clár céimnithe fónaice/litearthachta, atá dírithe ar na fuaimeanna a dhéanann an cainteoir dúchais ina theanga labhartha féin. De bharr sin, tá stór iontach ann, i mbailiúcháin ar a dtugtar An Córlán, de ‘fuaim-litriú’ na canúintí. Tá An Córlán ar fáil amháin i nGaeilge.

Léighleat.com

An aidhm atá leis an suíomh seo ná acmhainní digiteacha a chur ar fáil do mhúinteoirí bunscoile chun tacú leo le múineadh na Gaeilge.

Chun tacú le scéim fhónaice ‘Fónaic agus Rann, Cleachtaí agus Greann’ do naíonáin, cruthaigh siad acmhainn idirghníomhach, atá saor in aisce, chun cur leis an gceacht fónaice. Tá an acmhainn curtha le chéile do na trí mhórchanúint – Cúige Mumhan, Cúige Chonnacht agus Cúige Uladh. Cloistear na hamhráin á gcanadh agus an fhuaim a bhaineann le gach focal.

Cé go bhfuil an acmhainn dírithe ar phaistí, bheadh sé úsáideach don fhoghlaimeoir fásta freisin.

Treoir ginearálta

Tá treoracha ginearálta ar fáil freisin ar fhuaimniú na Gaeilge ó scríbhneoirí éagsúla, cosúil le húdair na leathanaigh seo, i mBéarla, ó Donnacha Cionga, nualéargais.ie, bitesize.irish, agus an Geeky Gaeilgeoir.

Dar ndóigh, bíonn fuaimniú na Gaeilge fite fuaite sna ranganna Gaeilge atá ar fáil ar líne ach díríonn an físeán seo, Fuaimniú & Litriú na Gaeilge, go háirithe agus go cuimsitheach ar an fhuaimniú.

Na meáin #

Teilifís & raidió

Is féidir breathnú ar chláir theilifíse agus éisteacht le cláir raidió ar líne, agus déantar cur síos faoi na roghanna san alt seo. Tá go leor podchraoltaí le Gaeilge ar fáil le híoslódáil freisin, ar gach saghas ábhair.

Na meáin shóisialta

Na meáin shóisialta

Tá úsáid na Gaeilge go breá bríomhar ar na meáin shóisialta le chuntais ar hInstagram agus TikTok cosúil le @éasca péasca, @molscéal, @cuan.deburca, @maire_nichurraoin, @mofoodblog, @seamboyseam, @cnag – má leanann tú iad seo, tiocfaidh tú ar chinn eile go tréan.

An-chuid Ghaeilge ar X agus tá Bluesky ag dul ó neart go neart. Lean cuntais shuimiúla cosúil le Motherfoclóir –@theirishfor (X), @theirishfor.bsky.social (Bluesky) –  agus Coiste na bhFocal Nua – @coistenabhfocal (X), @coistenabhfocalnua.bsky.social‬ (Bluesky).

Tá grúpaí ar fáil ar Facebook chun bheith ag comhrá ar líne (cuardaigh ‘Gaeilge’ sna Grúpaí), cosúil le Gaeilge más féidir Béarla más gá, Gaeilge Amháin, Shop Gaeilge agus go leor eile. Léigh na rialacha a bhaineann leo – bíonn cuid acu go hiomlán as Gaeilge.

Déan cuardach leis an haischlib #gaeilge ar na meáin shóisialta chun na gnáthchomhráite i nGaeilge a fheiceáil.

Fóraim #

Tá fóraim iontacha ann ar líne, cosúil le Daltaí na Gaeilge, nó an Irish Language Forum, ar féidir freagra éirimiúil a fháil ar do cheist ghramadaí srl.

Is cinnte go dtiocfaidh tú ar shuíomhanna eile a chuireadh ar fáil go deonach d’fhoghlaimeoirí agus tú ag cuardach freagraí, cosúil le bitesizeirish, nualéargais agus cinn eile.

Áiseanna eile #

Suíomh an-úsáideach is ea logainm.ie, ar a bhfuil eolas maidir le logainmneacha na hÉireann ar fáil. Bíonn comhaid fhuaime go minic ar fáil ar logainm.ie freisin, chun cabhrú le fuaimniú ainmneacha áiteanna – mar shampla Leitir Ceanainn.

Má bhíonn seoladh d’áit éigin uait as Gaeilge, téigh go dtí suíomh eircode.ie, agus tar éis duit an tseolta a aimsiú, feicfidh tú ‘Gaeilge’ mar rogha teanga os cionn an tseolta, agus is ann a gheobhaidh tú an seoladh as Gaeilge.

Is áis iontach í sloinne.ie, áit ar féidir leat an leagan Gaeilge ar shloinne a aimsiú.

Tabhairt cuairt ar dúchas.ie freisin, tionscadal digitithe Chnuasach Bhéaloideas Éireann, ceann de na cnuasaigh bhéaloidis is mó ar domhan.

Má tá eolas ag teastáil uait ar dhaoine móra na Gaeilge, déan cuardach ar ainm.ie, an bunachar náisiúnta beathaisnéisí Gaeilge.

Is aip é GaelGoer chun Gaelgeoirí a chur in aithne dá chéile, le himeachtaí, comhrá, gnóthaí agus níos mó.

Má tá fonn spraoi ort, bain triail as foclach.com – suíomh cosúil le Wordle ach don Ghaeilge.

Bíonn eolas maith ar Vicipéid freisin, an leagan Gaeilge don chiclipéid shaor ó Wikipedia.

Eolas sa bhreis #

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta