Is i 2026 a ainmníodh an chéad Ghaeltacht go hoifigiúil, agus rinneadh athbhreithniú uirthí arís sna caogaidí. Féach thíos ar chur síos ar na ceantair atá sa Ghaeltacht faoi láthair.

Na ceantair Ghaeltachta #
Baintear úsáid as an téarma ‘Gaeltacht’ le cur síos a dhéanamh ar na ceantair sin in Éirinn ina bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga labhartha ag mórchuid den phobal.
Tá na ceantair seo sainithe ag orduithe Rialtais.
Tugtar aitheantas don fhíric go bhfuil gá le bearta, struchtúir agus maoiniú ar leith le cúnamh agus cuideachta a thabhairt do na ceantair seo ionas gur féidir leo feidhmiú trí Ghaeilge agus a gcuid féiniúlachta a choinneáil slán.
Tá sé ríthábhachtach go mbeadh pobal ann ina labhraítear an Ghaeilge mar ghnáth-theanga laethúil agus go mbeidh tacaíocht ann dóibh siúd atá ina gcónaí ann ionas gur féidir leo gnóthlachtaí agus teaghlaigh a bhunú agus a stiúradh trí mheán na Gaeilge.
Tá ceantair Ghaeltachta i gcodanna leathana de Chontae Dhún na nGall, Chontae Mhaigh Eo, Chontae na Gaillimhe agus Chontae Chiarraí – iad uile ar an gcósta thiar – chomh maith le codanna de Chontae Chorcaí, Chontae na Mí agus Chontae Phort Láirge. Chomh maith leis sin, tá sé oileán Ghaeltachta ann a bhfuil cónaí orthu.
Tá an próiseas pleanála teanga Gaeltachta ar siúl sna ceantair le gur féidir leo a stádas a choinneáil mar cheantair Ghaeltachta.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar na ceantair ó shuíomh Údarás na Gaeltachta.
Eolas sa bhreis #
- Cén tacaíochtaí atá ar fáil do ghnóthaí le Gaeilge
- Cuir aithne ar na grúpaí pobail Gaeilge
- Roghnaigh Coláiste Samhraidh do do dhéagóir
- Cúig mholadh chun níos mó Gaeilge a úsáid sa bhaile