Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó
View Categories

Cá bhfaighinn ábhair léitheoireachta as Gaeilge

3 nóiméad ar fad

Léigh anseo faoi na hirisí agus nuachtáin atá ar fáil faoi láthair as Gaeilge, agus moltaí maidir le leabhair Ghaeilge.

Cá bhfaighinn ábhair léitheoireachta as Gaeilge

 

Nuachtáin agus irisí #

Bí airdeallach go mb’fhéidir go mbeidh síntiús nó balla íocaíochta i gceist sna foilseacháin thíosluaite.

Nuachtáin

Is iad Tuairisc.ie agus Nuacht RTÉ na príomhfhoinsí nuachta ar líne sa Ghaeilge ach tá ExtraG agus Éirebheo tagtha ar an saol le déanaí.

Tá nuachtán clóite seachtainiúil An Páipéar ar fáil ar fud na tíre agus ar fáil ar líne freisin.

Foilsítear nuachtán ‘Seachtain‘ mar fhorlíonadh clóite san Irish Independent gach Céadaoin, ‘Scéal‘ san Irish Times gach Máirt, agus ExtraG sa Daily Mail gach Aoine, agus tá siad uilig ar fáil ar líne freisin.

Bíonn ailt ghearra ar fáil ar RTÉ le Gaeilge faoi scéalta nuachta na seachtaine. Bíonn físeáin ar scéalta nuachta ar fáil ar líne ag MolscéalTG4) go rialta i rith na seachtaine.

Chomh maith leis sin, foilsítear ailt as Gaeilge go minic ar nuachtáin náisiúnta agus áitiúla, cosúil leis an leathanach Tuarascáil ar an Irish Times agus ar an Irish News.

Irisí

Comhar & Glór Nua

Foilsítear an iris Comhar gach mí i leagan clóite agus ar líne, ag plé le réimsí ilghnéitheacha de scríbhneoireacht na Gaeilge. Foilsítear iris acadúil COMHARTaighde gach bliain agus tá cartlann ar fáil ar líne don iris don aois óg COMHARÓg.

Is iris chultúir é NÓS a chlúdaíonn suimeanna coitianta an tsaoil chomhaimseartha. Mar aon leis an iris ar líne, eagraíonn siad Gradaim NÓS don cheol Gaeilge agus imeachtaí eile gach bliain.

Is ardán ar líne é Meon Eile a thugann léargas ar leith ar an saol i gCúige Uladh agus níos faide i gcéin, ag foilsiú físeáin go rialta.

Caith siúl freisin ar iris dhátheangach mhíosúil Glór Nua – iris atá sách nua, le stíl tharraingteach bhríomhar nua-aimseartha.

Má tá suim agat i gcúrsaí spioradálta, foilsítear An Timire gach ráithe, agus pléitear ábhair spioradálta, chultúir, shóisialta agus dhaonna inti. Tá cartlann d’eagráin ar fáil freisin.

Foilsíodh an iris chomhaimseartha Feasta go míosúil, ag plé cúrsaí litríochta, eolaíochta, agus polaitíochta. Ba é eagrán Bhealtaine 2023 an t-eagrán deireanach agus cé nach bhfuil an iris á foilsiú a thuilleadh, tá cartlann d’eagráin ar fáil.

Leabhair & closleabhair #

Siopaí leabhar

Tá Siopa Leabhar le Conradh na Gaeilge ar oscailt ó Luan go hAoine agus ar an Satharn. Tá siopa ar líne acu atá an-ghnóthach agus seolann siad leabhair amach sa phost go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

Díolann Litríocht réimse leathan de leabhair Ghaeilge éagsúla ar líne, agus is féidir iad a sheoladh chugat tríd an bpost.

Is siopa leabhar neamhspleách é An Ceathrú Póilí, lonnaithe i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste. Osclaíonn siad ó Luan go hAoine, agus ar an Satharn.

An Siopa Gaeilge lonnaithe i nGleann Cholm Cille, Dún na nGall. Tá Oideas Gael i bhfeighil air, grúpa atá ag múineadh na Gaeilge do dhaoine fásta ó 1984. Tá rogha ábhair acu atá oiriúnach don fhoghlaimeoir agus don mhúinteoir, chomh maith le hábhair do pháistí agus acmhainní ceoil thraidisiúnta.

Is i Ráth Chairn atá Siopa Údar lonnaithe, le cluichí, leabhair ábhar foghlama, stáiseanóireacht agus níos mó á ndíol acu.

Cuireann Gaelchultúr rogha leabhair ar fáil, chomh maith le dlúthdhioscaí, cártaí beannachta, t-léinte agus cluichí.

Tabhair cuairt ar shiopaí leabhar eile cosúil le hEasons agus O’Mahony’s– bíonn áit áirithe sa siopa ag an-chuid acu do leabhair Ghaeilge.

Ná déan dearmad go mbíonn closleabhair á dhíol ag siopaí leabhar freisin.

Treoir agus moltaí

Treoirleabhar Léitheoireachta 2025

Foilsíodh Treoirleabhar Léitheoireachta i 2025, atá lán le moltaí do 100 leabhar iontach a spreagfaidh léitheoirí óga suas le hocht mbliana déag d’aois leabhar Gaeilge a léamh.

Is comhthogra é an treoirleabhar idir Foras na Gaeilge agus Leabhair Pháistí Éireann, le tacaíocht ó Love Leabhar Gaeilge ina bhfuil leabhair chairtchláir agus pictiúrleabhair, neamhfhicsean agus cnuasaigh filíochta, greannáin agus ficsean do luathdhéagóirí, an bealach ar fad suas go ficsean d’aosaigh óga.

Tá cóipeanna den treoirleabhar ar fáil in 91 siopa leabhar agus 36 leabharlann ar fud na tíre agus is féidir é a íoslódáil saor in aisce ar www.childrensbooksireland.ie agus www.loveleabhargaeilge.ie.

Cuireann An Gúm clos-chnuasach de scéalta don éisteoir óg ar fáil saor in aisce, agus seo liosta eile de 13 closleabhair Ghaeilge atá saor in aisce.

Clubleabhar

Bhunaigh Gaelchultúr a shuíomh Clubleabhar.com i 2004. Spreagann an tionscnamh daoine in Éirinn agus ar fud an domhain chun club leabhar a bhunú do leabhair Ghaeilge.

Cuireann an suíomh leabhar amháin chun cinn in aghaidh na míosa, agus cuireann sé ardán ar fáil freisin, ionas gur féidir le daoine na leabhair a phlé agus chun tacaíocht a thabhairt dóibh.

Eolas sa bhreis #

 

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta