B’fhéidir go bhfuil tú san idirbhliain, nó ag smaoineamh ar athrú gairme, agus ag lorg taithí oibre dá bharr. Caith do shúil má tá ar na moltaí thíos maidir le heagraíochtaí agus comhlachtaí ar fiú dul i dteagmháil leo.

Deiseanna #
Is deis iontach í taithí oibre níos mó a fhoghlaim faoin saol gairmiúil; trí bhlaiseadh a fháil ar na rannóga éagsúla oibre atá ann agus níos mó taithí a fháil ag obair go dlúth leis na suimeanna atá agat.
Tá an t-uafás deiseanna éagsúla ann do chuid taithí oibre a dhéanamh trí Ghaeilge, ní gá go mbeadh ort do thaithí oibre a dhéanamh i mbunscoil nó le heagraíocht oideachais, ach is rogha é sin chomh maith. D’fhéadfaí a chur isteach ar thaithí oibre le do sheanscoil más spéis leat súil a chaitheamh ar shaol an mhúinteora.
Pé deis oibre atá ann, formhór an ama, bíonn an deis ann tabhairt faoi trí Ghaeilge. Tá samplaí iontacha le feiceáil ar ár n-eolaire gnó de ghnáthchomhlachtaí atá sásta seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge, má fheiceann tú ceann a bhfuil spéis agat ann, b’fhiú dul i dteagmháil leo le fiosrú an nglacfaidh siad leat ar thréimhse taithí oibre.
Na meáin #

Tá réimse leathan de na meáin in Éirinn ar fáil as Gaeilge nó a bhíonn ag feidhmiú as Gaeilge.
TG4
Is stáisiún iontach é TG4, atá i ndiaidh leathnú amach ó dhíreach cláir teilifíse a dhéanamh. Tá cuntais éagsúla acu ar na hardáin éagsúla, ag díriú ar roinnt réimsí éagsúla, ó chúrsaí spóirt, pobail, ó chúrsaí óga agus neart eile. Tá a leithéad de Mholscéal agus BLOC acu anois ar líne amháin agus bíonn siad i gcónaí sa tóir ar dhaoine le hintéirneachtaí agus taithí oibre a dhéanamh leo.
Raidió Rí-Rá
Más spéis leat bheith i do láithreoir raidió, nó díreach más spéis leat níos mó a fhoghlaim faoin méid a tharlaíonn ó lá go lá i staisiún raidió, is fiú go mór do chuid taithí oibre a dhéanamh le Raidió Rí-Rá. Is amhlaidh an scéal é le Raidió na Life agus Raidió Fáitle, ag brath ar cén áit sa tír a bhfuil tú!
Iriseoireacht
Más spéis leat sa iriseoireacht, tá an deis ann tabhairt faoi trí Ghaeilge. Sa lá atá inniu ann, tá neart iris ar fáil as Gaeilge, i bhfoirm fhisiciúil agus ar líne freisin.
Tá a leithéad de tuairisc.ie ann, a dhéanann trácht go saol laethúil an phobail Ghaeilge, ag coimeád suas le cúrsaí reatha lasmuigh agus laistigh den Ghaeltacht.
Tá an-chuid nuachtáin eile tagtha ar an saol le cúpla bliain anuas, is fiú dul i dteagmháil leo maidir le deiseanna taithí oibre.
Más spéis leat a bheith ag scríobh faoi thopaicí atá go mór i mbéal an phobail, scéalta atá ag treochtú nó díreach más spéis leat alt a scríobh faoi ábhar a bhfuil spéis agatsa ann, is fiú do chuid taithí oibre a dhéanamh le NÓS.ie. Tá cur chuige éagsúil ag NÓS ná atá ag Tuairisc, le spriocphobal ar leith acu.
Más spéis leat in ábhar litríochta agus polaitíochta, is fiú do chuid taithí oibre le Comhar, atá ag foilsiú irisí leis na blianta fada anuas.
Na ceanneagraíochtaí #

Más duine thú a bhfuil spéis agat a bheith i mbun agóidíochta, ag feachtasaíocht, ag troid ar son do phaisin nó más duine thú a bhfuil an-suim agat sa Ghaeilge agus a bheith ag obair léi go ginearálta, tá an deis ann blaiseadh a fháil ó na ceanneagraíochtaí éagsúla.
Tá 6 cheanneagraíocht ann agus bíonn Foras na Gaeilge ag cur tacaíochta agus maoiniú ar fáil dóibh. Féach thíos ar na réimsí éagsúla atá siad freagrach as:
Conradh na Gaeilge – Fóram daonlathach don teanga. Ag seasamh leis an nGaeilge ar leibhéal náisiúnta ag feachtasaíocht ar a son agus á cur chun cinn go ginearálta. Tá Seachtain na Gaeilge, Raidió Rí-Rá, agus go leor eile faoina scáth, mar aon le roinnt feachtas aitheanta eile. Más spéis leat do chuid taithí oibre a dhéanamh linn i mBaile Átha Cliath, nó Gaillimh nó Béal Feirste, déan teagmháil linn ag eolas@cnag.ie.
Gaeloideachas – ag tacú le agus ag iarraidh forbairt a dhéanamh ar an gcóras Gaeloideachais lasmuigh agus laistigh den Ghaeltacht.
D’éinne ina gcónaí ó Thuaidh, bíonn Comhairle na Gaelscolaíochta ag feidhmiú sna 6 chontae.
Gael Linn – ag díriú ar chúrsaí dara leibhéal don chuid is mó, ag obair go dlúth le meánscoileanna ar fheachtais éagsúla agus ar chomórtas náisiúnta díospóireachta. Bíonn an Gaelbhratach faoina stiúradh chomh maith, mar aon le Scléip – comórtas náisiúnta ceoil do dhaoine óga.
Coláiste & Cumann na bhFiann – Bíonn clubanna óige trí Ghaeilge agus cúrsaí Samhraidh Ghaeltachta á reáchtáil ag Coláiste na bhFiann. Tá siad lonnaithe in ionad óige na hÉireann, Droim Rí, Co. na Mi.
An tOireachtas – ar an bhfód ó 1897. Féile bhliantúil atá ann, ach bíonn foireann an Oireachtais ag obair go diain don bhliain ar fad le hé a eagrú.
Glór na nGael – ag díriú ar chúrsaí a éascú le clann a thógáil trí Ghaeilge agus leis an nGaeilge a normalú ar bhonn áitiúil go ginearálta. Chomh maith leis sin, bíonn siad ag obair le gnólachtaí le seirbhís Ghaeilge a fhorbairt nó a chur ar fáil.
Eagraíochtaí Eile #
Tá grúpaí eile ann a bhíonn ag obair leis an nGaeilge nach ceanneagraíochtaí iad ach a bhíonn ag plé leis an nGaeilge go laethúil.

Údarás na Gaeltachta – Bíonn obair phleanáil teanga ar siúl ag Údarás na Gaeltachta ag díriú ar chúrsaí geilleagair, sóisialta agus cultúrtha na nGaeltachtaí a fhorbairt, dá mbeadh spéis agat sna réimsí sin.
An Foras Pátrúnachta – bíonn obair na gcapall ar siúl acu ag tacú le pobail áitiúla oideachas trí Ghaeilge a chur ar fáil i gceantair éagsúla timpeall na tíre.
Más suim sa mhúinteoireacht atá agat, b’fhiú é teagmháil a dhéanamh le do shean-bhunscoil le fiosrú an bhfuil siad ag glacadh le daoine ar thaithí oibre, nó d’fhéadfaí teagmháil ar bith a dhéanamh le Gaelscoil áitiúil le blaiseadh a thabhairt duit ar shaol an mhúinteora. Is féidir leis an nGaeilge tú a thógáil timpeall an Domhain ag múineadh. Mar sin, cén dochair é taithí oibre a dhéanamh san earnáil le feiceáil an dtaitníonn sé leat.
Ag deireadh an lae, is féidir aon phost in Éirinn a dhéanamh trí Ghaeilge, ach is iad na point thuasluaite a bhfuil Gaeilge lárnach sna róil atá ag daoine sna heagraíochtaí sin. Is earnáil í atá ag dul ó neart go neart – tá níos mó deiseanna a bheith ag obair leis an nGaeilge ag teacht chun solais i gcónaí.
Eolas sa bhreis #
- Cén saghas slí bheatha is féidir a bheith agat leis an nGaeilge
- Cé hiad na príomhfhostóirí do phoist le Gaeilge
- Ullmhaigh leagan Gaeilge do do CV
- Comhlachtaí eile in earnáil na meáin (teilifís, raidió, nuachtáin, irisí, leabhair srl)
- Tuilleadh eolais ar fhostaíocht agus níos mó ar leathanach na hóige