Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó
View Categories

Cá bhfaighinn cláir theilifíse agus cláir raidió as Gaeilge

1 nóiméad ar fad

Léigh anseo faoi na craoltóirí a chuireann cláir i nGaeilge ar fáil. Mar mholadh, féach ar na cláir theilifíse gan fotheidil Bhéarla más féidir.

Cá bhfaighinn cláir theilifíse agus cláir raidió as Gaeilge

Craoltóirí teilifíse #

Bíonn cláir le Gaeilge ar RTÉ go minic agus mura bhfeiceann tú iad beo, is féidir cuardach a dhéanamh ar ‘Gaeilge’ ar Sheinnteoir RTÉ chun clár a roghnú óna chartlann. Féach ar Scannal, clár iniúchta atá thar a bheith suimiúil.

Cas ar TG4 aon uair den lá agus beidh cláir as Gaeilge le feiceáil, nó déan cuardach ar sheinnteoir TG4 chun cláir éagsúla a aimsiú. Is féidir breathnú ar TG4 beo ar líne freisin, ó aon áit ar domhan. Féach ar Ros na Rún, sobaldráma éadrom ar an gcartlann, nó Bailte, clár faisnéise ar bhailte na tíre, nó Laochra Gael ar imreoirí CLG.

cúla4, cainéal iomlán do pháistí, anois ag TG4.

Cuireann BBC Gaeilge cláir ar fáil freisin, agus is féidir féachaint orthu sa chartlann ar líne.

Is féidir cláir agus físeáin i nGaeilge a fheiceáil ar Youtube trí chuardach a dhéanamh ar ‘Gaeilge’. Bain triail as Scúp, dráma grinn suite in oifig nuachtáin i mBéal Feirste.

Craoltóirí raidió #

Tá stáisiúin ann atá go hiomlán as Gaeilge – RTÉ Raidió na Gaeltachta, Raidió Rí-Rá, Raidió na Life agus Raidió Fáilte.

Ina theannta sin, bíonn cláir as Gaeilge ar stáisiúin eile go rialta – mar shampla An Nuacht ar RTÉ Raidió 1 nó Hit 30 na hÉireann ar SPIN South West.

Eolas sa bhreis #

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta