Íoslódáil an bhileog eolais ar ghairmeacha le Gaeilge #
Íoslódail an bhileog eolais ar phoist féideartha le Gaeilge nó léigh an téacs atá ann thíos.
An Státseirbhís #
Poist Fhéideartha san Earnáil
- Oifigeach Feidhmiúcháin – Is grád iontrála do bhainistíocht shóisearach sa Státseirbhís é grád an Oifigigh Feidhmiúcháin. Bíonn Oifigigh Feidhmiúcháin fostaithe i ngach roinn agus oifig rialtais agus bíonn róil agus gníomhaíochtaí éagsúla ar siúl acu idir plé leis an bpobal, plé le beartais agus reachtaíocht a dhréachtú agus/nó a chur i bhfeidhm agus eile.
- Oifigeach Cumarsáide – Le ról an Oifigigh Cumarsáide, déantar an eagraíocht ábhartha a chur i lár an aonaigh ó thaobh na meán mar aon le cuspóirí na heagraíochta a chur trasna go hinmheánach agus go seachtrach m.sh. ceisteanna ó na meáin a fhreagairt nó feachtais meán agus preas-ócáidí a eagrú.
- Innealtóir – Duine a bhfuil baint acu le héagsúlacht struchtúir, meaisíní agus córais sonraí a chumadh, a dhearadh agus a chothabháil. Is saineolaithe iad ina réimsí, ag cruthú agus i mbun nuálaíochta i gcónaí.
- Dréachtóir nó Eacnamaí/Anailísí Polasaí – Is ról tábhachtach é an Eacnamaí/Anailísí Polasaí agus tá an obair a dhéanann siad éagsúil agus dúshlánach. Is féidir le hEacnamaí/Anailísí Polasaí freagracht a ghlacadh as sainréimsí oibre agus as foireann bheag a bhainistiú. Baineann an Eacnamaí/Anailísí leas as taithí agus saineolas ar anailís chun polasaí agus cinnteoireacht fianaise-bhunaithe a dhéanamh.
- Agus níos mó: Speisialtóir TFC, Oifigeach Oideachais, Oifigeach Talmhaíochta, Bainisteoir Tionscadail, Taidhleoir, Ailtire, Eolaí, Cuntasóir, Comhairleoir Dlí, Tréidlia, Maor Caomhantais, Fáilteoir

Cáilíochtaí / Scileanna
Tá gach ról sa státseirbhís difriúil óna chéile. Tá róil ann nach bhfuil gá le cáilíocht tríú leibhéil le dul ina mbun m.sh. Oifigeach Feidhmiúcháin; róil eile a d’fhéadfadh go mbeadh cáilíocht tríú leibhéal de dhíth m.sh. Cuntasóir agus róil eile fós ar féidir do cháilíocht a bhaint amach don ról sonrach sin fad agus atá tú ag obair m.sh. Printíseacht TFC. Bíonn roinnt solúbthacht i gceist leis na róil seo chomh maith agus is féidir leanúint le do chuid oideachais agus tú ag obair fiú.
Ó thaobh na Gaeilge de, tá riachtanas leagtha síos go mbeidh 20% d’earcaigh chuig an earnáil phoiblí inniúil i nGaeilge roimh dheireadh 2030. Ag brath ar an ról, bheadh caighdeán ard sa Ghaeilge labhartha agus/nó scríofa de dhíth chun dul i mbun oibre trí mheán na Gaeilge.
Beidh na deiseanna seo in iliomad ról, láithreacha agus comhthéacsanna agus cuirfear béim ar leith ar ionchuimsitheacht agus éagsúlacht sa mhéid seo.
Mar gheall air sin go léir, bheadh an Ghaeilge mar bhuntáiste suntasach duit agus tú ag dul le haghaidh aon ról sa státseirbhís, ach go háirithe na cinn thuasluaite.
Tuilleadh Eolais
Is féidir teacht ar thuilleadh eolais faoi ghairmeacha sa státseirbhís ag: Publicjobs.ie, saoloibre.ie
An tSeirbhís Phoiblí #
Poist Fhéideartha san Earnáil
- Múinteoir Bunscoile/Iarbhunscoile – Beidh tú i seomra ag múineadh suas go tríocha dalta ag múscailt grá iontu d’ábhair éagsúla agus ag cur tacaíochta ar fáil dóibh de réir mar a bhíonn siad ag fás agus ag forbairt.
- Dochtúir – Tar éis céime sa leigheas a bhaint amach, is féidir seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil, go háirithe d’othair arb í an Ghaeilge a bpríomhtheanga.
- Garda – Má tá fonn ort a bheith i measc an phobail agus ag cabhrú leis, is post é seo duitse. Beidh ort caidrimh a fhorbairt leis an bpobal, chomh maith le hiad a chosaint agus éisteacht leo.
- Agus níos mó: Altra, Teiripeoir Urlabhra & Teanga, Léachtóir, Oibrí Sóisialta & Cúraim Shóisialta, Fear/Bean an Phoist, Tiománaí Bus, Pleanálaí Forbartha Cathrach & Tuaithe, Oideachasóir Luathbhlianta

Cáilíochtaí / Scileanna
Mar a fheiceann tú thuas, tá an-chuid éagsúlachta sa tseirbhís phoiblí. Uaireanta, beidh céim ábhartha de dhíth – m.sh. má tá tú ag iarraidh a bheith i d’altra, tá gá le céim san altranas.
Ó thaobh na Gaeilge de, tá riachtanas leagtha síos go mbeidh 20% d’earcaigh chuig an earnáil phoiblí inniúil i nGaeilge roimh dheireadh 2030. Ag brath ar an ról, bheadh caighdeán ard sa Ghaeilge labhartha agus/nó scríofa de dhíth chun dul i mbun oibre trí mheán na Gaeilge.
Beidh na deiseanna seo in iliomad ról, láithreacha agus comhthéacsanna agus cuirfear béim ar leith ar ionchuimsitheacht agus éagsúlacht sa mhéid seo.
Mar gheall air sin go léir, bheadh an Ghaeilge mar bhuntáiste suntasach duit agus tú ag dul le haghaidh aon ról sa tseirbhís phoiblí, ach go háirithe na cinn thuasluaite. Más duine eagraithe thú, atá ag iarraidh cabhair a thabhairt do dhaoine eile, beidh sé sin ina chabhair duit chomh maith.
Tuilleadh Eolais
Is féidir teacht ar thuilleadh eolais faoi ghairmeacha sa tSeirbhís Phoiblí: saoloibre.ie, ar shuíomhanna na n-eagraíochtaí ábhartha.
Is féidir go ndéantar poist sna heagraíochtaí seo a fhógairt chomh maith ar: Publicjobs.ie, Scéal.ie
Róil eile le Gaeilge #
Poist Fhéideartha san Earnáil
- Oibrí Óige – An Ghaeilge a chur chun cinn i measc na n-óg. Duine spreagúil ar féidir leo úsáid na Gaeilge a mhisniú ar bhealach cruthaitheach trí chluichí, ceol, spórt is eile.
- Feidhmeannach Cumarsáide – Beidh tú freagrach as cúrsaí meán sóisialta agus suíomh idirlín na heagraíochta. Beidh tú i mbun preasráiteas a scríobh agus an eagraíocht a chur chun cinn sna meáin.
- Oifigeach Pleanála Teanga – Ag forbairt pleananna teanga chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus a neartú i gceantair ar leith ar fud na tíre.
- Cúramóir Leanaí – Ag tabhairt aire do na bunriachtanais atá ag na naíonáin. Coinníonn siad freisin sceidil na bpáistí le néalta, am súgartha agus béilí. Ról an-tábhachtach ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge ag an aois óg seo.
- Taighdeoir – Déanann taighdeoirí tionscadal a stiúradh agus an taighde a chomhordú́ agus a riaradh ó lá go lá. Déanann siad tuarascáil dheiridh a chur i dtoll a chéile chomh maith leis an mbainistíocht shinsearach a uasdátú ar dhul chun cinn an tionscadail úd ar bhonn rialta. Téann siad i gcomhar le páirtithe leasmhara chomh maith mar chuid dá thaighde.

Ceanneagraíochtaí Gaeilge
Conradh na Gaeilge, Coláiste & Cumann na bhFiann, Gaeloideachas, Gael Linn, Glór na nGael, An tOireachtas
Eagraíochtaí eile (samplaí):
Comhar Naíonraí na Gaeltachta, Ógras, Gaillimh le Gaeilge, Cill Dara le Gaeilge…
Cáilíochtaí / Scileanna
Ag brath ar an ról, bheadh ardchaighdeán sa Ghaeilge labhartha agus/nó scríofa de dhíth chun dul i mbun oibre trí mheán na Gaeilge sna cineálacha ról seo. D’fhéadfadh sé go mbeadh suim i gcúrsaí Gaeilge mar bhuntáiste chomh maith agus go mba bhreá le roinnt de na heagraíochtaí do phlé leis an nGaeilge roimhe seo a fheiceáil, bíodh sé sin a bheith páirteach i gCumann Gaelach san ollscoil nó baint agat leis an nGaeilge i measc an phobail.
Ag brath ar an ról, d’fhéadfadh go mbeadh cáilíochtaí ar leith de dhíth nó inmhianaithe chomh maith m.sh. cáilíochtaí do chúramóirí leanaí nó d’oifigigh pleanála teanga.
Tuilleadh Eolais
Is féidir teacht ar thuilleadh eolais faoi ghairmeacha mar seo: saoloibre.ie, ar shuíomhanna na n-eagraíochtaí ábhartha.
Is féidir go ndéantar poist sna heagraíochtaí seo a fhógairt chomh maith ar: Scéal.ie, Publicjobs.ie
Institiúidí an Aontais Eorpaigh #
Poist Fhéideartha in Institiúidí an Aontais Eorpaigh
Braitheann na cineálacha oibre atá ar fáil san Aontas Eorpach ar an institiúid ina bhfuil tú ag obair:
- Aistritheoir – ag aistriú cáipéisí, reachtaíocht, preasráitis a thagann ón institiúid sin go teanga eile. Deis a bheith ag obair i d’aonair agus a bheith ag obair le foireann.
- Ateangaire – ag déanamh aistriú ó bhéal ar chainteoirí agus iad ag caint chun go dtuigfidh daoine eile sa lucht éisteachta iad (Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, mar shampla).
- Dlítheangeolaí – Freagrach as béarlagair dlíthiúil a úsáid chun cásanna sa chúirt a aistriú.
- Profléitheoir – Déanann siad cinnte go bhfuil cruinneas sa teanga in aon fhoilseachán agus go bhfuil leanúnachas in úsáid na teanga sna cáipéisí éagsúla.
- Cúntóir – ag tacú le róil eile, ag brath ar an institiúid ina bhfuil siad.
- Riarthóir – ag obair ar an taobh riaracháin den institiúid áirithe.

Príomhinstitiúidí an Aontais Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach – Cuireann sé na cinntí ón bParlaimint agus ón gComhairle i bhfeidhm. Neamhspleách ar an bpolaitíocht. Is é an Coimisiún a mholann an reachtaíocht.
Parlaimint na hEorpa – Bíonn Feisirí de Pharlaimint na hEorpa (FPEnna) ag feidhmiú anseo agus bíonn toghcháin ann dóibh gach cúig bliana.
Comhairle an Aontais Eorpaigh – Tagann Airí ó gach Ballstát le chéile chun plé a dhéanamh ar ábhar ar leith m.sh. más cúrsaí oideachais atá le plé, is iad na hAirí Oideachais ó gach Ballstát a bheadh ag freastal.
Cáilíochtaí / Scileanna
Déantar Scrúdú EPSO do phost buan in institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh. Cinntíonn sé cruinneas sa Ghaeilge agus oiriúnacht do ról. Mar sin, is minic nach mbíonn cáilíocht sa teanga de dhíth.
Seo roinnt cáilíochtaí/coinníollacha do róil áirithe:
Aistritheoir – ardchaighdeán agus cruinneas sa teanga ag teastáil, ach níl gá le céim ar leith. Bheadh cúrsa san aistriúchán ina bhuntáiste. Bíonn sé ina bhuntáiste teanga Eorpach eile a bheith agat chomh maith.
Ateangaire Comhdhála – tá cáilíocht ag teastáil san ateangaireacht. Tá cúrsa iarchéime ar fáil in Ollscoil na Gaillimhe. Bíonn sé ina bhuntáiste teanga Eorpach eile a bheith agat chomh maith.
Dlítheangeolaí – tá LLB riachtanach don ról seo. Bíonn sé ina bhuntáiste Fraincis a bheith agat chomh maith.
Profléitheoir – ardchaighdeán agus cruinneas sa teanga ag teastáil, ach níl céim ar leith ann don phrofléitheoireacht.
Cúntóirí agus Riarthóirí – braitheann na róil seo ar na cineálacha oibre a bheadh ar siúl ag an institiúid agus an oifig, ach de ghnáth cuirtear oiliúint ort le linn d’fhostaíochta.
Cuirtear traenáil agus ranganna teanga ar fáil laistigh den institiúid Eorpach chun teangacha a fhoghlaim.
Tuilleadh Eolais
Is féidir teacht ar thuilleadh eolais faoi ghairmeacha in Institiúidí an Aontais Eorpaigh ag: Epso.europa.eu, Saoloibre.ie, Deiseanna fostaíochta le Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh
Is féidir go ndéantar poist sna hinstitiúidí a fhógairt chomh maith ar: Publicjobs.ie, Scéal.ie
Na Meáin #
Poist Fhéideartha san Earnáil
- Cóipscríbhneoir – Cuireann cóipscríbhneoir an téacs scríofa ar fáil le haghaidh fógraí. Mar shampla sluáin nó téacs d’fhógraí clóite nó bileoga eolais, nó ceoilíní don raidió nó scripteanna d’fhógraí teilifíse.
- Láithreoir Teilifíse/Raidió – An duine a chuireann an seó i láthair. Duine atá compordach os comhair slua, agus in ann smaoineamh ar an spota.
- Iriseoir – Ag cur scéalta chun cinn i measc an phobail. Bíonn siad i gcónaí ag lorg an fhírinne. Ba cheart go mbeadh scileanna scríbhneoireachta maithe acu.
- Stiúrthóir Scannáin – Is iadsan an ceannasaí cruthaitheach ar an scannán. Tuigfidh siad an próiseas léiriúcháin ó thús go deireadh, is féidir leo obair faoi bhrú, agus tá samhlaíocht iontach acu.
- Agus níos mó:Láithreoir Aimsire, Tráchtaire Spóirt, Foilsitheoir, Eagarthóir, Aisteoir

Fostóirí san earnáil (samplaí)
Scríbhneoireacht: Tuairisc.ie, an nuachtán Seachtain, An Gúm
Teilifís: TG4, cúla4, NemetonTV
Raidió: RTÉ Raidió na Gaeltachta, Raidió Rí-Rá, Raidió na Life
Cáilíochtaí / Scileanna
Tá cúrsaí sna meáin ar fáil i nach mór gach ollscoil sa tír. Bíonn scileanna idirphearsanta an-tábhachtach do na róil seo. Bheadh ard-scileanna scríbhneoireachta, mar aon le bheith ar an eolas faoi chúrsaí reatha, ina chúnamh do go leor de na róil seo chomh maith.
Feilfidh na cineálacha róil seo thú más duine freagrach thú atá go maith ó thaobh cumarsáide de mar aon le bheith ag obair i dtreo comhsprice.
Tuilleadh Eolais
Is féidir teacht ar thuilleadh eolais faoi ghairmeacha sna Meáin: ar shuíomhanna na n-eagraíochtaí ábhartha, saoloibre.ie
Is féidir go ndéantar poist sna heagraíochtaí seo a fhógairt chomh maith ar: Scéal.ie, Publicjobs.ie