Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó
View Categories

Aimsigh podchraoltaí le Gaeilge

11 nóiméad ar fad

Más Gaeilgeoir thú, nó má tá tú ag iarraidh cleachtadh a dhéanamh agus cúpla focal a chloisteáil, seo liosta de na Podchraoltaí le Gaeilge

Aimsigh podchraoltaí le Gaeilge

Podchraoltaí greannmhara #

30 SOS

Le Caoimhe Ní Chathail. Nach ndeirtear gur 3 uimhir dhraíochtach? Thiocfadh gur mo thríú chéad mo chéad is fearr go dtí seo. Ach sula dtabhraim faoin turas seo beidh mé ag lorg comhairle ó chúpla saoi a shiúil an bealach romham.

Bantracht

Sraith raidió faoin mháithreachas le Méabh agus Milène.

🏆 Ainmnithe mar cheann de na cúig podchraolta Gaeilge is fearr i nGradam Phodchraoltaí na hÉireann 2023.


Gafa le Sinéad agus Rút

An bhfuil tú gafa leis an tae? An bhfuil a fhios agat an dóigh chun ‘Thirst Trap’ a dhéanamh? An bhfuil a fhios agat an difear idir Gen-Z agus Mílaoiseach? Foghlaim faoi sin agus tuilleadh ar Gafa le Sinéad agus Rút!

How To Gael

HOW TO GAEL is a bilingual podcast. A new generation of Irish speakers, Doireann, Louise and Síomha are living, working, socialising and reviving an Ghaeilge in a way that is súimiúil, spraoiúil agus just good craic. You will not learn the modh coinníollach on this pod – forget gramadach agus obair bhaile. This is giving bilingual bottomless brunch, car chats with your cairde, an stuff atá i do ghrúpa whatsapp.

Motherfoclóir

With a crack team of the internet’s soundest Irish speakers, Darach will explore topics like differences between the Irish and English versions of the Constitution, silent letters, Gaeilge and technology, how new words get added to the dictionary and which old words have fallen out.
It’s an all slammer, no grammar half hour.

Jó Johnny Joe

Saothar nua drámaíochta dúghrinn scríofa ag Darach Mac Con Iomaire. Scéal comhaimseartha, corraitheach, teannasach, siamsúil, lán le ceol, agus a bhfuil scoth na n-aisteoirí páirteach ann, ina measc: Darach Ó Dubháin, Sorcha Ní Chéide, Macdara Ó Fátharta, Ella Nic Dhomhnaill, Máire Eilís Ní Fhlatharta & Bríd Ní Neachtain agus go leor eile.

Na Galíní

Heyaigí a ghalíní 🤪 Fáilte is fiche go dtí an phodchraoladh is fearr do na gaels, na gals agus na inner girlbosses that we all are 💖 Is spás é seo leis an nGaeilge a spreagadh i mbealach ✨cruthaitheach✨(i.e. through icks lists, spicy Gael-cultúr agus “hot or not” the Gaeilge edition) Lotsa grá, Clí agus Emma xx

Seansálaithe

Is muidne Hugh Mac Giolla Chearra, Áine Mhaoir & James Ó Flatharta ag plé achan rud faoin spéir! 🤴🏻👸🏼🃏
Eagrán úr achan Aoine anseo agus ar Raidió Rí-Rá.

Podchraoltaí nuachta #

Fada is Fairsing

Is clár é Fada is Fairsing a tosaíodh ar Raidió na Life Mí Mheán Fómhair 2013. Díríonn an clár ar scéalta éagsúla ó thíortha ar fud an domhain ó scéalta móra nuachta, go scéalta phobail na Gaeilge, le cúpla píosa ceoil dhomhanda anseo is ansiúd fosta.

🏆 Ainmnithe mar cheann de na cúig podchraolta Gaeilge is fearr i nGradam Phodchraoltaí na hÉireann 2022.


Nuacht Mhall

Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. Podchraoladh de chuid Chonradh na Gaeilge i Londain.

Seachtain

Scéalta, Eolas, Tuairimí leis an nuachtán Seachtain; An Indo as Gaeilge.

Podchraoltaí ar ábhair chultúir #

Beo ar Éigean

Tá Beo ar Éigean á chur i láthair ag Comhordaitheoir Digiteach Gaeilge RTÉ, Siún Ní Dhuinn, agus Sinéad Ní Uallacháin agus Áine Ní Bhreisleáin ó RTÉ Raidió na Gaeltachta.

🏆 Thug mná Beo Ar Éigean an bonn óir leo i rannóg na Gaeilge ag Gradaim Podchraoltaí na hÉireann 2022.


Blas BBC

Scéalta atá i mbéal an phobail á bplé ag réimse leathan láithreoirí. Béim faoi leith ar chúrsaí ó thuaidh.

Bláth na dTulach

Bailiúchán gearrscéalta as Cúige Uladh ar fáil mar leabhar agus mar phodchraoladh

🏆 Ainmnithe mar cheann de na cúig podchraolta Gaeilge is fearr i nGradam Phodchraoltaí na hÉireann 2023.


Bluiríní Béaloidis

Is é Bluiríní Béaloidis an podchraoladh ó Chnuasach Béaloideas Éireann, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus is ardán é chun traidisiún béaloidis na hÉireann agus traidisiún béaloidis na hEorpa a iniúchadh i réimse leathan ábhar agus topaicí.

Canbhás Uí Chiaraidh

Sa chéad phodchraoladh riamh ó TG4, caithfidh Micheál Ó Ciaraidh seal le Gaeil aitheanta, Maitiú Ó Coimín, Clisare, Petrol Rose, Daniel Twomey, Jeaic O’Conghaile, Doireann Ní Ghlacáin agus Síomha Ní Ruairc.

Ceiliúradh na mBan

Sraith dírithe ar mhná éachtacha i réimsí éagsúla atá anseo, le téama ar leith ag baint le gach eagrán. I ngach clár, insítear scéal spleodrach faoi bhean Éireannach sa stair a rinne éacht agus cloistear agallaimh phearsanta le mná a bhfuil baint acu leis na réimsí céanna sa lá atá inniu ann

🏆 Buaiteoir an duais Podchraoladh Ghaeilge is Fearr ag Gradaim Podchraoltaí na hÉireann 2023.


ClubLeabhar.com

Tá sé mar aidhm ag ClubLeabhar.com daoine in Éirinn agus i dtíortha eile ar fud an domhain a spreagadh chun leabhair Ghaeilge a léamh.

Coinne Chultúir

Podchraoladh de chuid Raidió Rí-Rá ina dtugaimid léirmheas ar albaim, scannáin, leabhair agus a thuilleadh ná é atá go mór i mbéal an phobail Ghaeilge.
Faigh cupán tae nó gloine fíona, lig do scíth agus roinn do thuairimí linn faoin ábhar atá idir láimhe.

Comhrá le hÓgie

Sraith Podchraoltaí ina mbeidh aoi ag caint le hÓgie Ó Céilleachair gach seachtain. Rithfidh an chéad sraith ar feadh sé seachtaine le haoi nua gach seachtain.

Comhrá leis an gConradh

Podchraoladh faoi Chonradh na Gaeilge curtha i láthair ag iar-Choimeádaí Chonradh na Gaeilge, Cuan Ó Seireadáin.

Conallach na Céadaoine

Cúpla ceist do dhaoine ó Thír Chonaill

CRAIC POD

Sraith podchraoltaí náisiúnta ó Oifigigh Phleanála Teanga (OPT) na hÉireann. Tá Oifigigh Phleanála Teanga ó cheann ceann na tíre ag cur tús le sraith podchraoltaí úr darbh ainm Craic Pod le réalta móra na hÉireann idir réalta móra i saol an spóirt, saol an cheoil, saol na scríbhneoireachta, saol an damhsa, saol na filíochta srl.

Dúchas

Podchraoladh faoinár mbéaloideas, ár miotaiseolaíocht, ár bpisreoga agus ár ndúchas. Buail isteach ag teach an dúchais d’oíche scéalaíochta cois teallaigh i dteannta Chían Mhic Choisteala ⁊ Chúáin de Búrca. Sa tsraith éadrom spraíúil seo, foghlaimeoimid faoi na creidimh agus na scéalta atá i gcroílár ár bhféiniúlachta mar Ghaeil. Fill ar do dhúchas!

Féidearthachtaí

Podchraoladh de chuid Sheachtain na Gaeilge agus Raidió Rí-Rá

Gaeilge Anois

An podchraoladh Ghaeilge don saol nua-aimseartha. Sa phodchraoladh seo beidh mé ag caint leis na daoine a bhfuil ag iarraidh ár dteanga a tharraingt isteach sa chéad aois is fiche!

Gaeilge Bhriste

Meascán beoga de theanga, ceol agus litríocht na Gaeilge curtha i láthair ag Shirley Ní Ríagáin

Gaeilge Weekly

Gach Céadaoin ag 4pm. Eipeasóid amháin i nGaeilge líofa, agus ceann eile le Gaeilge níos simplí. I gcomhpháirt le Learn Irish Online. Chun clárú ar bhallraíocht Learn Irish Online, agus rochtain a bheith agat ar acmhainní a fháil chun cabhrú leat le do chuid Gaeilge, téigh thall go Patreon.com/learnirishonline

Gaelgals

Is meon é a bheith i do Ghaelgal! 👯 Gaelgals ag plé gach rud faoin spéir trí mheán na Gaeilge; ceol faisean, spórt, smideadh, An Ghaeilge, ealaín, cúrsaí reatha & taisteal. Podchraoladh de chuid Raidió Rí-Rá.

Giob Geab

Fáilte chuig Giob Geab, podchraoladh de chuid Gaelbhratach! Seo guth phobal Gaelbhratach: dúshláin, deiseanna agus scéalta pearsanta na scéime. Cuirfidh muid an 5 cheist chéanna ar mhúinteoirí, ar dhaltaí, ar fhoireann agus ar phobal na scéime, mar aon le guth phobal na Gaeilge ar théama atá lárnach i ngach eagrán.

Grá Don Ghaeilge

Is podchraoladh é Grá Don Ghaeilge a cruthaíodh do Sheachtain na Gaeilge 2021, le Ciarán Wadd agus aíonna.

Guthanna Gaelphobal

Caitheann Guthanna Gaelphobal solas ar an obair atá ar bun ag grúpaí pleanála teanga fud fad na tíre lasmuigh den Ghaeltacht. Labhraíonn Ursula Ní Shabhaois le réimse leathan daoine atá i mbun oibre i nGaelphobal fud fad na tíre maidir leis an taithí atá acu, na dúshláin a bhí rompu go dtí seo agus an chomhairle a bheadh acu do dhaoine atá le tabhairt faoin obair seo sa todhchaí.

IGAEILGE

Podchraoladh a thugann mo léargas ar chúrsaí an tsaoil agus rudaí a mheallann mo shúil is m’aird.

Léim Thart

Podcraoladh dátheangach leis na buaicphointí ón stiúdeó & tuilleadh!

Litríocht

Podchraoladh dírithe ar litríocht na Gaeilge. Is féidir teacht ar gach leabhar Gaeilge i gcló ag www.litriocht.com

Lón Machnaimh

Sa tsraith seo, labhraíonn foireann Raidió Rí-Rá le daoine spéisiúla ó shaol na Gaeilge faoi nithe an tsaoil ó chúrsaí teangan go cúrsaí sláinte agus a thuilleadh ná é.
Eagrán nua gach Aoine agus ag meánlae ar Raidió Rí-Rá.

Meon na mBan

Ar chaill tú amach ar agallamh nó clár den scoth? Déantar gach iarracht agallaimh agus cláracha a chur ar fáil d’éisteoirí ar líne! Is féidir éisteacht le ‘Meon na mBan’ agus neart eile anseo.

Nuall na nÓg

Is podchraoladh úrnua Gaeilge é Nuall na nÓg. Tabharfaidh an gang aghaidh ar mhórcheisteanna sóisialta agus polaitiúla a bhaineann go mór leis an aos óg in Éirinn agus ar fud fad na cruinne. Beidh spraoi againn fosta ag plé an tsó agus an anró, uilig faoi anáil na heite clé agus na Gaeilge.

Pod Beag

Tá an podchraoladh seo dátheangach.

Podchraoladh Bitesize

Seó plé i mBéarla d’fhoghlaimeoirí Gaeilge ar fud an domhain.

Podchraoladh Dearg

Sraith podchraoltaí a scrúdaíonn agus a phléann feachtas An Dream Dearg #AchtAnois agus gluaiseachtaí eile atá faoi stiúir an phobail agus muid ar thóir cearta teanga agus cearta daonna. Glac páirt sa phlé. #Dearg

Podchraoladh Met Éireann

Podchraoladh uaidh Met Éireann – an tSeirbhís Náisúnta Meitéareolíochta na hÉireann. Sa phodchraoladh míosúil seo beidh muid ag plé gach rud faoin aimsir agus an aeráid.

Podchraoladh NÓS

Podchraoladh faoi ábhair atá i mbéal an phobail agus roinnt mhaith eile

Podscéalta Chill Dara

Sraith podchraolta míosúil atá díríthe ar phobal na Gaeilge i gContae Chill Dara.

Raidió Fáilte

Ar chaill tú agallamh nó clár den scoth? Déantar gach iarracht agallaimh agus cláir a chur ar fáil d’éisteoirí ar líne!

Ráiméis

Podchraoladh Ghaeilge Mhaigh Eo. Éist leis an ráiméis a thigeanns ó bhéal na n-óstach agus iad ag labhairt ar an nGaeilge agus ar chúrsaí na Gaeltachta go leathan.

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Réimse leathan podchraoltaí ón stáisiún Gaeltachta mór le rá.

Scéalta agus Béilte

Tá an bia ag croílár an tsaoil agus baineann sé le scéal agus saol an duine agus an phobail. Sa tsraith seo labhraíonn Doireann Breathnach le haíonna speisialta faoi na béilte is mó a d’fhág rian orthu, agus na scéalta a ghabhann leo.

🏆 Ainmnithe mar cheann de na cúig podchraolta Gaeilge is fearr i nGradam Phodchraoltaí na hÉireann 2022.


Scéalta Thuatha Dé Danann

le Gráinne Holland.

Seal le Seán

Ar ‘Seal le Seán’, téann Seán Ó Dubhchon thart ar fud na tíre ag bualadh le haíonna speisialta i saol na Gaeilge. Tá Seal le Seán le cloisteáil gach Aoine ag 8rn ar Raidió Rí-Rá.

🏆 Ainmnithe mar cheann de na cúig podchraolta Gaeilge is fearr i nGradam Phodchraoltaí na hÉireann 2023.


Seoda ón Taisce Liteartha

Sa tsraith podchraoltaí seo, craolfar saothair a bhfuil duaiseanna liteartha bronnta ag an Oireachtas orthu thar na mblianta, ina measc, prós, filíocht, gearrscéalta, drámaíocht agus eile.

Sílim that…

Podchraoladh Gaeilge ina ndéantar plé ar an tsláinte, dea-nósanna, leideanna saoil agus neart craic ar an bhealach. Cláracha aonaracha le bhur n-óstach, Kathryn Ní Mhaoláin, agus agallaimh dhinimiciúla lenár n-aíonna speisialta!

Splanc

ls é Cuán Ó Flatharta a chuireann Splanc i láthair. Irischlár faisnéiseach Gaeilge é Splanc a chraoltar ar Newstalk gach Aoine idir 10-12pm. Tugann sé léargas ar iliomad ghnéithe de shaol na hÉireann agus freastalaíonn sé orthu siúd gur spéis leo scéalta spéisiúla agus raidió siamsúil. Déanann an clár gach iarracht freastal ar an gcainteoir dúchais agus ar an bhfoghlaimeoir, bainfidh sibh araon taitneamh agus sult as Splanc.

Spreagadh Saoil

Lón machnamh don té gur mhaith leis feabhas a chur ar a shaol. Is agat féin atá an chumhacht spriocanna an tsaoil a leagan amach agus a bhaint amach.

Tae is Plé

Bígí linn agus muid i mbun cainte faoi na scéalta is mó i mbéal an phobail! Ceol, craic, comhrá agus ar ndóigh, tae le hEmma, Niall agus Aodhán.

Teachtaireachtaí

Is sraith nua í Teachtaireachtaí a thugann ardán do chruthaitheacht phobal na Gaeilge, le scríbhneoireacht, ceol agus filíocht féin-taifeadta. Agus guthanna ilchineálacha le cloisteáil sna cláir; idir chruthaitheoirí a bhfuil seantaithí acu agus iadsan atá ag cruthú ábhair den chéad uair anseo, is sraith í seo a léiríonn an tallann agus an tsamhlaíocht atá ann sa phobal.

🏆 Fuair an podchraoladh seo an dara háit i rannóg na Gaeilge ag Gradaim Podchraoltaí na hÉireann 2022.


Teanga Tí

Cuireann Sinéad Ní Uallacháin aíonna speisialta faoi agallamh sa tsraith seo.

The Nobody Zone

I ndomhan dearmadta an Underground i Londain, éiríonn le hÉireannach gan dídean scata daoine a mharú, gan aird ar bith air, ná ar a choireanna. Seo fíorscéal coiriúil, sraith shé eagrán ar fad, ó RTÉ in Éirinn agus Third Ear sa Danmhairg. Leagan Gaeilge agus Leagan Béarla ar fáil.

What the Focal!?

Ar mhaith leatsa snas a chur ar do chuid Gaeilge ach níl an t-am agat leabhair ghramadaí a cheadú? Fáilte chuig What the Focal!? – podchraoladh le Ciara Ní É a thugann ardán do na saineolaithe Gaeilge is suntasaí dá bhfuil amuigh ann! Gach seachtain cuirfidh Ciara agallamh ar aoi oilte, le cabhrú leatsa barr feabhais a chur ar do chuid Gaeilge. Más mian leatsa éisteacht le comhráite réchúiseacha a chuirfidh le do chumas teangan, bí linn!

Podchraoltaí ar chúrsaí spóirt #

Ar Mo Rotha‪r‬

Tá Barbara agus Dónal ina chónaí i nGaillimh agus is maith leo a bheith ag caint faoi rothaíocht.

An Spota Dubh

Éist leis an Spota Dubh, Clár spóirt le Cárthach Bán Breathnach agus Cian Ó Griallais gach maidin Aoine. Bíonn agallaimh le haíonna ó shaol an spóirt, comhrá agus neart eile acu ag plé scéalta spóirt na seachtaine. Bíonn an clár ar fáil ar iTunes agus ar Soundcloud chomh maith.

🏆 Fuair an podchraoladh seo an tríú háit i rannóg na Gaeilge ag Gradaim Podchraoltaí na hÉireann 2022


Comhscór

Fáilte chuig Comhscór, podchraoladh spóirt de chuid Raidió Rí-Rá. Á chur i láthair ag Clíodhna Ní Dhufaigh agus Seán Ó Maoilchiaráin, an aidhm atá le Comhscór ná spórt na bhfear agus spórt na mban a phlé ar comhchéim lena chéile agus comhionannas inscne i gcúrsaí spóirt a chur chun cinn. Beidh an clár le cloisteáil beo ar Raidió Rí-Rá gach Luan ag 20:00, agus ar fáil aon áit go n-éisteann tú le podchraoltaí i ndiaidh sin.

Eolas sa bhreis #

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta