Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó
View Categories

Aimsigh ainm Gaeilge do do bhabaí óg

1 nóiméad ar fad

Faigh amach anseo conas ainm Gaeilge a aimsiú do do bhabaí úr óg.

Aimsigh ainm Gaeilge do do bhabaí óg

Liostaí ar líne #

Is iomaí foinse eolais atá ar fáil d’aon duine gur mian leo teacht ar ainmneacha Gaelacha.  Tá dlúthbhaint ag na hainmneacha seo le gnéithe tábhachtacha de chultúr agus stair na hÉireann, tréithe atá le sonrú sna sainmhínithe acu.

Cuireann Sabhal Mòr Ostaig liosta fada d’ainmneacha d’fhir agus do mhná ar fáil, in éineacht leis an leagan Béarla agus le heolas ar cá as ar tháinig na hainmneacha.

Gach bliain, foilsíonn an bPríomh-Oifig Staidrimh na hainmneacha is coitianta do pháistí. Ba iad Rían agus Éabha na cinn ba choitianta i 2024, agus Rían agus Fiadh i 2023.

Má tá tú ag lorg ainm Gaeilge roinnt uathúil, is stór an-saibhir é miotaseolaíocht na hÉireann d’ainmneacha neamhchoitianta, cosúil le Caílte agus Bébhinn.

Foilsítear ailt sna meáin ó am go ham ar na hainmneacha is fearr, féach thíos ar rogha dóibh curtha ar fáil ag Gaelchultúr:

Leabhair #

Is féidir leabhair a fháil freisin a thabharfadh nodanna eile duit:

Baby names books
Tá na hainmneacha Gaeilge ag éirí níos coitianta mar rogha gach bliain, cuma air go leanfar leis sna blianta romhainn.

Eolas sa bhreis #

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta