Seo 10 bhfáth gur chóir Gaeilge a úsáid i do ghnólacht, agus nuair atá, conas é a chur in iúl do do chustaiméirí ar ár nEolaire Gnó.

Deich bhfáth Gaeilge a úsáid #
Féach ar cé chomh luachmhar is atá sé Gaeilge a úsáid i gcúrsaí gnó:
- Is cúis bhróid í do mhuintir na hÉireann gur féidir leo úsáid a bhaint as a dteanga dhúchais féin.
- Tá Gaeilge ag go leor daoine agus tá éileamh ann do sheirbhísí trí Ghaeilge.
- Cruthaíonn an Ghaeilge nasc coitianta idir custaiméirí agus comhlachtaí.
- Cruthaítear caidreamh agus dílseacht ar leith idir custaiméirí agus comhlachtaí mar gheall ar an nasc sin.
- Cuireann úsáid na Gaeilge margaí nua ar fáil do chomhlachtaí.
- Tugann an Ghaeilge aitheantas agus USP ar leith do chomhlachtaí in áit an mhargaidh.
- Ardaítear líon na gcustaiméirí mar gheall ar ardú infheictheachta i measc phobal na Gaeilge.
- Cuireann tréithe an dátheangachais go mór le stádas náisiúnta agus domhanda an chomhlachta.
- Cruthaíonn sé eispéireas uathúil do thomhaltóirí, agus tugann sé léargas ar chultúr na hÉireann dóibh.
- Tá sé éifeachtúil ó thaobh costais de agus éasca le cur i bhfeidhm.
Tá an t-eolas seo bunaithe ar thaighde Millward Brown ón mbliain 2015.
De réir torthaí suirbhé a rinne Amárach Research agus Gaelchultúr ní ba dhéanaí i 2024, luaigh “beagnach leath (41%) de na tomhaltóirí in Éirinn go bhfuil seans níos mó ann go gceannóidís táirgí nó seirbhísí dá n-úsáidfí an Ghaeilge sa mhargaíocht a bhaineann leo agus gur luaigh 26% acu go mbeidís sásta costas níos airde a íoc as na táirgí nó na seirbhísí sin”.
Scaip an dea-scéal #
Má tá tú in ann Gaeilge a úsáid agat le do chustaiméirí, nó nuair a bheidh tú, ná déan dearmad clárú lenár nEolaire Gnó.
Is é an áit is fearr ar líne chun eolas faoi do sheirbhísí Gaeilge a scaipeadh i measc do chustaiméirí, agus tá sé saor in aisce. Is seirbhís mhargaíochta iontach é a thugann gné uathúil dhíolacháin (USP) do chuideachtaí, agus d’fhéadfadh sé cabhrú leat custaiméirí breise a mhealladh.
Mar eolas, ní gá go mbeadh gach seirbhís agus gach comhartha, nó do shuíomh idirlín uilig ar fáil trí Ghaeilge chun a bheith páirteach. Is féidir seirbhísí áirithe atá ar fáil trí mheán na Gaeilge a chlárú más maith leat.
Má bhuann tú 🥇Bonn Óir nó Airgid🥈 i gcatagóir ‘Seirbhísí i nGaeilge’ ag Gradam Gnó Ghlór na nGael na bliana, cuirimid an t-eolas sin le do chur síos ar an eolaire .
