Skip to main content
The Irish language information hub: News, events, job vacancies & more

Author: David

Oíche Chultúir Bhéal Feirste faoi bhláth arís

Bhí Oíche Chultúir ar siúl arís i mBéal Feirste Dé hAoine, i ndiaidh sos ceithre bliana, agus scoth na n-imeachtaí faoi lán seoil timpeall na cathrach.

In 2020, cuireadh Oíche Chultúir ar ceal mar gheall ar COVID-19 agus ar an dianghlasáil. Cuireadh é ar siúl arís in 2021 ach i bhfoirm i bhfad níos lú. Mar sin de, bhí lúcháir ar an phobal agus ar earnáil na n-ealaíon gur beartaíodh tabhairt faoi athuair.

In Iarthar na Cathrach, bhí Oíche Chultúir faoi lán seoil i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, le léiriú scannán, céilí, ceardlann priontála ealaíne, imeacht scéalaíochta agus coirm cheoil. Bhí idir theaghlaigh, dhaoine fásta agus daoine óga i láthair agus atmaisféar fáilteach réchúiseach le mothú timpeall an ionaid.

D’fhreastail Meon Eile ar an oíche shiamsúil spleodrach agus labhairt muid le stiúrthóir na Cultúrlainne, Cónall Ó Corra, faoin tábhacht leis an oíche do chur chun na Gaeilge agus cur chun cinn na n-ealaíon trí chéile

Níos mó

25,000 Gael ar shráideanna Bhaile Átha Cliath don Mhórshiúl Náisiúnta

Bhí 25,000 duine i láthair ag Mórshiúl Náisiúnta na nGael i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn agus iad ag gníomhú ar cheithre mhórfhadhb i dtaca leis an Ghaeilge: maoiniú, oideachas, an ghéarchéim thithíochta sna ceantracha Gaeltachta agus cearta teanga.

In ainneoin na cúise dáiríre taobh thiar den lá mór, bhí díograis, bród agus féiniúlacht láidir le mothú timpeall na príomhchathrach ó Chearnóg Pharnell go Teach Laighean. Bhí idir scoileanna, theaghlaigh, mhic léinn, eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta, chlubanna CLG, pháirtithe polaitíochta agus cheardchumainn uilig i láthair chun siúl le chéile ar son na teanga agus pobal a labhartha.

Ba é seo an chéad agóid náisiúnta ar son na Gaeilge i mBaile Átha Cliath le breis agus deich mbliana agus an chéad ‘Lá Dearg’ ó 2022 i mBéal Feirste. I mí Feabhra na bliana seo, thosaigh iondaithe ó go leor eagraíochtaí Gaeilge as gach cearn den tír ag bailiú le chéile i ndiaidh ciorruithe €800,000 a bheith fógartha ag Foras na Gaeilge ar bhuiséad an eagrais do 2025. Ó shin i leith, d’oibrigh Conradh na Gaeilge in éineacht le eagraíochtaí pobail chun lá náisiúnta agóide mar seo a eagrú, agus is cinnte gur éirigh leis an sprioc sin.

Chríochnaigh an mórshiúl féin ag Teach Laighean, áit a raibh Síomha Ní Ruairc agus Hugh Carr mar Bhean agus Fear an Tí faoi seach. Ag labhairt ar stáitse, bhí dalta ó Choláiste de hÍde, Eibhlín Ní Bhraoin, Oifigeach Gaeilge le hAontas Daltaí Iar-bhunscoile na hÉireann, Rónán Ó hÍcí, Adhna Ní Bhraonáin ón bhfeachtas tithíochta Gaeltachta ‘BÁNÚ’, Príomhfheidhmeannach Menter Caerdydd sa Bhreatain Bheag, Heulyn Rees, agus Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin.

Bhí ceoltóirí den scoth le cloisteáil ar an ardán chomh maith – Breandan O’Beaglaoich, Ispíní na hÉireann, Huartan, agus bean Oileán Thoraí, Niamh Ní Dhubhgáin, lena hamhrán úr ‘Ár dTalamh Féin’ a rinneadh i gcomhpháirt le TG Lurgan.

Bhí lúcháir ar Meon Eile a bheith i láthair ar an lá ríthábhachtach seo. Bhí an deis againn labhairt le roinnt daoine – dalta meánscoile as Corcaigh, Ben Ó Muiridhe; mac léinn de chuid Ollscoil na Gailimhe as Muineachán, Eoin Mac Cléire; Oifigeach Polasaí Oideachais le Gael Linn, Séamas Mac Eochaidh; Caoimhe Ní Mhaolaí as Craobh 1916, Conradh na Gaeilge; an t-amhránaí Niamh Ní Dhubhgáin; agus Bainisteoir Cumarsáide ó Thuaidh le Conradh na Gaeilge, Pádraig Ó Tiarnaigh.

Níos mó

Tá cineáltas ag teastáil anois, níos mó ná riamh

Katie Saoidhbh McGreal

Ní minic go mbíonn a fhios againn céard atá ag dul ar aghaidh i saolta daoine eile, fiú na daoine a bhfuilimid an-mhór leo. Ní féidir linn tuiscint a bheith againn ar céard atá siad ag smaoineamh nó conas atá siad ag mothú.

Tá saol inmheánach againn ar fad agus ní minic a deir muid na rudaí ar fad atáimid ag smaoineamh. Go minic bíonn muid ag ligint orainn féin go bhfuil muid ceart go leor. Deir muid ‘go breá’ nuair a chuirtear an ceist ‘caidé mar atá tú?’ orainn. Ní bhíonn muid ag iarraidh ár dtrioblóidí a chur ar dhaoine eile – is beannú atá sa cheist an chuid is mó den am seachas fíorfhiosrúchán faoin gcaoi a bhfuilimid.

Anuas air sin, is minic nach mbíonn muid ag éisteacht lena chéile mar is ceart agus muid i mbun comhrá. Bíonn muid díreach ag fanacht ar an duine stopadh de bheith ag caint le gur féidir linn ár smaointe féin a chur in iúl.

Mar is eol dúinn, tá an saol deacair. Go háirithe faoi láthair. Tá an domhan trí thine agus táimid ag breathnú ar na rudaí uafásacha ar fad atá ag tarlú ar ár bhfóin an t–am ar fad agus is beag smacht atá againn ar na rudaí seo.

Táimid ag foghlaim agus ag feiceáil na drochrudaí atá daoine ag déanamh do dhaoine eile lá i ndiaidh lae 24 uair an chloig.

Agus ansin sa bhaile, tá praghsanna ag ardú ach níl an pá ag ardú, tá fadhb na tithíochta ag dul in olcas, tarlaíonn rudaí deacra in saolta pearsanta daoine.  

Táimid ag dul i ngleic le go leor faoi láthair agus mar sin tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh a bheith cineálta lena chéile.

Lig do dhaoine dul romhat sa scuaine sa siopa nuair nach bhfuil ach rud amháin acu, coinnigh an doras oscailte don duine taobh thiar duit, tabhair miongháire don strainséir sin ar an sráid. Níl na rudaí beaga seo deacair ach déanfaidh siad saol duine eile níos fearr, agus seo an t-am le tabhairt fúthu.

Is sa Spáinn atá mé le tamall agus difear amháin atá mé i ndiaidh a aithint i gcomparáid le hÉirinn ná nach mbíonn daoine ag rá ‘haileo’ le daoine eile ar an tsráid anseo. Ní bhíonn siad ag beannú dá chéile ar an tslí chéanna agus iad amuigh, ach tá mé an-sásta a thuairisc go bhfuil mise go fóill á dhéanamh cá bith. Is breá liom miongháire a dhéanamh le daoine anseo agus an t-iontas agus an sásamh a fheiceáil ar a n-aghaidh.

Agus an t-olc ar fad atá sa domhan faoi láthair, teastaíonn cineáltas níos mó anois ná riamh. Mar sin de déan na rudaí beaga, déan meangadh le daoine eile, níl a fhios agat an difear a d’fhéadfadh sé a dhéanamh.  

Níos mó

Ceardlann ealaíne ag Laochra Loch Lao ar son Mhórshiúl Náisiúnta na nGael

Beidh Cearta – Mórshiúl Náisiúnta na nGael ag titim amach i mBaile Átha Cliath amárach (ag tosú ar 13:30 ó Chearnóg Pharnell) agus é mar sprioc leis aird a dhíriú ar cheithre mhórfhadhb i dtaca leis an Ghaeilge: maoiniú, oideachas, tithíocht sa Ghaeltacht agus cearta teanga. Le hullmhú don lá mór, d’eagraigh CLG Laochra Loch Lao ceardlann ealaíne Dé Máirt do dhaoine óga, ina dhiaidh dóibh seisiún traenála a dhéanamh ag Spórtlann na hÉireann in Iarthar Bhéal Feirste. 

Labhair Meon Eile le hAinle, ball den ógchumann, chomh maith leis an Oifigeach Forbartha Pobail, Bríd Nig Aoidh, Bainisteoir Forbartha Cumainn, Damien Mac Ailín agus Bainisteoir Laochra ar Leathchluas, Brenda Ní Chléirigh. 

Is é a dúirt Bríd linn:

“Úsáideann na páistí seo Gaeilge achan uile lá. Téann siad go Bunscoileanna lán-Ghaeilge agus imríonn siad peil leis na Laochra. De ghnáth déanann muid achan rud anseo trí mheán na Gaeilge, mar sin tá an teanga iontach tábhachtach dóibh agus tuigeann siad sin. Ní ábhar seomra ranga amháin í, is teanga shóisialta í, bíonn siad ag caint i nGaeilge lena gcairde, tuigeann siad an tábhacht a bhaineann leis an Ghaeilge agus nach bhfuil muid ag fáil na cearta a bhí gealta dúinn. Beidh muid uilig ann ar an tSatharn chun tacaíocht a thabhairt.”

Níos mó

Naíscoil na Fuiseoige ag comóradh a 40ú bliain

D’oscail Naíscoil na Fuiseoige i gCill Uaighe, Iarthar Bhéal Feirste, sa bhliain 1985 le grúpa beag tuismitheoirí a bhí ag iarraidh páistí s’acu a thógáil trí mheán na Gaeilge.

Anois, tá dhá rang ann agus 34 pháiste ar an iomlán idir 3 agus 4 bliana d’aois ag freastal ar an naíscoil, iad ag súgradh agus ag foghlaim trí mheán na Gaeilge.

Thug Meon Eile cuairt ar an naíscoil agus iad tosaithe ar an 40ú bliain ar an fhód. Labhair muid leis an Stiúrthóir Ranga, Ciara Nic Ionnrachtaigh, faoi na rudaí is fearr léi faoin phost agus faoin dóigh a spreagann siad na páistí leis an Ghaeilge a úsáid.

Dúirt Ciara fosta go bhfuil pobal na scoile ar bís go mbeidh an naíscoil ag feidhmiú go lánaimseartha ó Mheán Fómhair 2026. Ciallaíonn sé seo go mbeidh na doirse oscailte ar feadh tuilleadh uaireanta sa lá, agus go mbeidh siad in ann níos mó seirbhísí a chur ar fáil don phobal.

Ar ndóigh, tá pobal bríomhar Gaelach i gCill Uaighe anois agus an Naíscoil i gcroílár an dul chun cinn. Is amach as togra na Naíscoile a d’fhás Bunscoil na Fuiseoige agus Ionad na Fuiseoige a chuireann seirbhísí éagsúla ar fáil don phobal áitiúil idir ranganna Gaeilge, ranganna ceol, oícheanta scannán agus tuilleadh lena chois.

Chun an cloch mhíle stairiúil seo a cheiliúradh, beidh Naíscoil na Fuiseoige ag eagrú Maidin Chaife saor in aisce uair sa mhí le go mbeidh iarscoláirí agus tuismitheoirí in ann teacht ar ais agus grianghraif nó scéalta a roinnt.

Coinnigh súil ar mheáin shóisialta Ionad na Fuiseoige anseo le níos mó eolais a fháil.

Níos mó

Bigil síochána ar son na Palaistíne ag Aerfort Idirnáisiúnta Bhéal Feirste

Inniu tá tuairisc speisialta againn i gcomhar le Luke Butterly ó The Detail faoin bhigil síochána mhíosúil a bhíonn ar siúl ag Cairde Palestine ag Aerfort Idirnáisiúnta Bhéal Feirste.

Thig leat an tuairisc ó The Detail a léamh anseo.

Ar an dara Domhnach de gach mí, tagann Cairde Palestine le chéile ar 2i.n. ag timpeallán an aerfoirt, sa Gharrán Fearnóige, faoi choinne bigil síochána agus le cur in aghaidh na n-eitleán cogaidh a thagann fríd an aerfort, ó SAM go háirithe, agus a théann chomh fada le hIosrael go minic.

Bíonn bigil den chineál chéanna ar siúl ag an am chéanna ag Aerfort na Sionainne i gContae an Chláir fosta.

Tá Colette Ansell, atá bainteach le Veterans for Peace Ireland ó 2023, gníomhach in Cairde Palestine chomh maith. Freastalaíonn Colette ar an bhigil mhíosúil agus bíonn cuid mhór oibre agus taighde á dhéanamh aici chun na heitleáin mhílteata a rianú agus a bpatrúin ghluaiseachta a thaifeadadh agus a aithint.

D’fhreastail Meon Eile ar bhigil síochána an Gharráin Fearnóige i mí Lúnasa agus bhí an deis againn labhairt le Padaí de Cléir atá ina bhall de Cairde Palestine le dhá bhliain anuas.

Beidh an chéad bhigil eile ar siúl an 12 Deireadh Fómhair agus beidh fáilte roimh gach duine páirt a ghlacadh ann le tacaíocht agus dlúthpháirtíocht a léiriú don Phalaistín. Is féidir Cairde Palestine a leanúint ar Twitter, Facebook agus Instagram

Chur Rialtas na hAlban cosc ar airgead poiblí a chur ar fáil do chomhlachtaí arm as Albain a easpórtálann a gcuid earraí go hIosrael. Chuaigh The Detail i dteagmáil le Roinn Geilleagair an Tuaiscirt lena fhiosrú an bhfuil sé i gceist ag an Fheidhmeannas an rud céanna a dhéanamh. Seo thíos an ráiteas a cuireadh ar fáil:

A spokesperson for the Department for the Economy said: “Invest NI does not support projects that supply arms to Israel. The Minister has also asked officials for analysis of recent developments in Scotland.”

Buíochas le Caitriona Ní Ghribín as amhrán s’aici, ‘Amhrán na Reabhlóide’, a chur ar fáil dúinn don fhíseán seo. Is féidir éisteacht leis ar Spotify anseo.

Níos mó

Sean-Nós Ard Mhacha Theas 2025

Is iontach an ceol a bhí le cluinstin i dTí Chulainn ar an Mhullach Bán ar na mallaibh agus an fhéile Sean-Nós Ard Mhacha Theas ar siúl don tríú bhliain i ndiaidh a chéile.

Bhí idir óg agus aosta ann le linn an lae ag freastal ar cheardlanna agus ar chomórtais éagsúla. Is í an eagraíocht áitiúil Ghaeilge, Gaelphobal Ard Mhacha Theas, a bhíonn i mbun na féile, atá ag fás achan bhliain.

Thug Meon Eile cuairt ar chomórtas Corn Mhic Cumhaigh do dhaoine fásta agus labhair muid le buaiteoir an choirn, Aighne Ní Chadhain.

D’inis Aighne dúinn faoi aistear s’aici leis an sean-nós agus í ag ceol ó bhí sí ina páiste óg in éineacht lena seanmháthair. Luaigh sí fosta an t-atmaisféar thar a bheith dearfach a bhí ann agus achan iomaitheoir ag tabhairt tacaíocht dá chéile.

Is í Máire Ní Choilm, amhránaí mór le rá as Tír Chonaill, a bhí i mbun moltóireacht ar an chomórtas taobh le hAntaine Ó Faracháin, amhránaí aitheanta as Baile Átha Cliath. Labhair Máire faoin chaighdeán ard a mhothaigh sí le linn an lae agus í faoi dhraoícht ag na ceoltóirí uilig.

Mhol sí Aighne a bhuaigh Corn Mhic Cumhaigh chomh maith leis an obair atá déanta ag Gaelphobal Ard Mhacha Theas.

Seo iad torthaí Chorn Mhic Cumhaigh:

1ú: Áighne Ní Chadhain, Leitir Mucú, Casla

2ú: Róise Nic Corraidh, Béal Feirste

3ú: Bláithín Mhic Cana, Ard Mhacha Theas

Níos mó

Cogadh na reitrice

Ciarán Ó Pronntaigh

Tá córas polaitiúil na Stát Aontaithe i ndiaidh titim isteach in áit dhubh i mbeagán blianta. Ní gan rabhadh, áfach, a tháinig siad chuig an phointe a raibh siad tráthnóna Dé Céadaoin nuair a scaoileadh piléar cruinn i gcorp Charlie Kirk. Bhí siad ar an bhóthar sin le tamall. Limistéar éadrócaireach a bhí sa chró pholaitiúil i gcónaí ó cuireadh tús leis an chóras dé-pháirtí atá i réim sna Stáit leis na cianta. Mar sin féin, le teacht ré Donald Trump, tá leagan den trodaíocht dhorn-nochta ann nach bhfacthas ó aimsir an chogaidh chathartha. Tá an córas ann le húsáid agus is í cumhacht an t-aon sprioc atá ag na daoine seo.

Bhí an dearcadh sin le sonrú go mór san ionsaí ar an Capitol i mí Eanáir 2021 nuair a mheas Trump gurbh fhéidir leis na rialacha a shárú le fanacht in oifig. Tá an rud céanna ar siúl in Texas faoi láthair agus na limistéir thoghchánaíochta á n-atarraingt le buntáiste buan a thabhairt do na Poblachtaigh. Ach thairis sin, tá bonn nua faoin eite dheis agus friotal úr aimsithe acu a chuireann an dubh ina gheal orainn os comhair ár dhá súil. Níl am ann anois don díospóireacht mheáite, seo ré an fhuatha, na mbréag agus dímheas ar an daonlathas. Mura bhfuil tú linn, ní foláir nó go bhfuil tú inár n-éadan agus beidh orainn tú a scriosadh. Agus tá eagla ar go leor de mhuintir Mheiriceá na laethanta seo.

B’fhéidir nach raibh Charlie Kirk ar an duine ba mheasa den dream sin – bhí sé amuigh air go raibh sé sásta dul i ndíospóireacht le daoine nár aontaigh leis ach, le bheith fírinneach, bhí níos mó den chur ná den chúiteamh sna seisiúin argóna sin, an cineál ócáide poiblí ag ar feallmharaíodh é an tseachtain seo a chuaigh thart.

Níl aon amhras ach go raibh tallann faoi leith ag Charlie Kirk breith ar spiorad an aosa óig. Duine óg a bhí ann, ar ndóigh, ní raibh sé ach 31 bhliain d’aois nuair a cailleadh é. Agus bhí luach faoi leith leis sa Pháirtí Phoblachtach nó mheall sé an dream óg ina sluaite, ní hamháin chuig na cruinnithe móra poiblí a reáchtáil sé ar fud na tíre ach chuig an chineál Críostaíochta atá á brú ag an eite dheis. An cineál Críostaíochta a chuireann béim ar an fhearúlacht agus ar Mheiriceá láidir, a mholann tacaíocht do na Síónaigh in Iosrael agus a sheachnaíonn teagmháil ar bith le creideamh ar bith eile, go háirithe an tIoslamachas.

Cara pearsanta de chuid Trump a bhí ann agus crann taca don ghreim dhaingean atá ag an eite dheis ar an saol phoiblí faoi láthair. Más duine thú a fhaigheann de chroí aird a tharraingt ar chuid de na barúlacha samhnasacha a phumpáil Kirk amach faoi áit na mban, faoi dhaoine LADT nó faoi chearta sibhialta, is duine thú atá ar son na heite clé, an dream as ar eascair a mharú, dar lena lucht leanúna. Go híorónta, thug sé tacaíocht dóibh siúd a bhí i gcoinne rialú gunnaí, an oiread sin gur mhaígh sé nár mhiste dá bhfaigheadh líon áirithe daoine bás mar gheall orthu.

Dá ainneoin na líomhaintí go raibh lámh ag an eite chlé san eachtra, níl sé iomlán soiléir go fóill cad chuige ar maraíodh Charlie Kirk. Tá caint ann, mar shampla, go raibh an fear gunna míshásta nach raibh sé radacach go leor agus go raibh sé ag déanamh athmheas ar a dhearcadh faoi Iosrael. Ach is cuma, i ndáiríre, nó amharctar air anois mar mhairtíreach a thit go talamh sa chogadh bheannaithe, laoch a chuirfidh brí sa streachailt athuair, sna Stáit agus sna tíortha a bhfuil an eite dheis ag fás iontu. Go deimhin, bhí a ainm á adhradh ag an oll-léirsiú a bhí ag Tommy Robinson i Londain ag an deireadh seachtaine.

Má tá rud le foghlaim as bás Charlie Kirk is ea go bhfuil miotas bréagach i gcroílár cuid mhaith de bholscaireacht na heite deise. Ní féidir an náisiún a bhailiú le chéile más é an reitric atá á húsáid daoine a scaradh óna chéile. Is maith leo daoine nach n-aontaíonn leo a cháineadh go géar ach is miste leo é má tá de dhánacht ag éinne dul i ngleic le tuairimí Charlie Kirk. Is ceart marú Charlie Kirk a cháineadh cionn is gur imigh duine den domhan go tragóideach. Ach is mithid dúinn a bheith airdeallach nach bhfuilimid ag fágáil an bhealaigh dá leithéid tarlú arís nuair nach gcuirimid in éadan pholaitíocht an fhuatha gach áit a n-éiríonn sí a cloigeann.

Níos mó

Fáilte curtha roimh lucht na chéad bhliana in Ollscoil na Banríona

Tá beocht le mothú ar champas Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste arís agus an chuid is mó de na mic léinn ag filleadh ar an chathair.

Ar ndóigh cuireadh fearadh na fáilte roimh lucht na chéad bhliana agus i mbliana tá beagnach 40 mac léinn nua ag déanamh staidéar ar an Ghaeilge san ollscoil.

Reáchtáladh ócáid sa QFT inné a thug deis do na mic léinn nua aithne a chur ar a chéile agus ar na léachtóirí agus cuireadh lón, cluichí agus eolas ar fáil.

Tá Éanna Nig Riabhaigh i measc mhuintir na chéad bhliana agus is i Scéim Chónaithe Ghaeilge Ollscoil na Banríona a bheidh sí ag cur fúithi. Tá sí ag dúil go mór le bualadh le cairde nua agus lena cuid Gaeilge a fhorbairt fríd an chúrsa agus sa saol sóisialta.

Labhair Meon Eile le Mark Harte, Oifigeach Tacaíochta Teanga in Ollscoil na Banríona chomh maith. Bíonn Mark ag tabhairt cuidiú agus comhairle do na mic léinn agus is comhartha iontach é go bhfuil líon na ndaoine a roghnaíonn an Ghaeilge ag ardú achan bhliain, dar leis.

Níos mó

‘Cúram Leanaí do Chách’ seolta i gCnoc an Anfa

Bhailigh tuismitheoirí, oibrithe cúraim leanaí, baill tionóil agus baill eagraíochtaí ar nós Melted Parents NI le chéile san Áiléar Fada i gCnoc an Anfa ar na mallaibh leis an straitéis ‘Cúram Leanaí do Chách’ a sheoladh.

Is liosta de mholtaí agus d’éilimh atá sa phlean, atá bunaithe ar thaighde agus ar thaithí phearsanta tuismitheoirí áitiúla, agus arb é is sprioc leis guth agus tacaíocht a thabhairt do pháistí, do thuismitheoirí agus d’oibrithe cúraim leanaí ó thaobh costas agus caighdeán de.

Beidh an Roinn Oideachais ag seoladh a straitéise nua féin go luath san Fhómhar, agus mhínigh Elaine Crory ó Women’s Resource and Development Agency go raibh sé tábhachtach liosta an phobail féin a chur ar fáil roimh ré le tionchar a imirt ar chur chuige na Roinne.

Labhair Meon Eile le Raissa Balduino ó Melted Parents NI, grúpa tuistí a dhéanann feachtasaíocht i réimse an teaghlaigh. D’inis Raissa dúinn go mbíonn an cúram leanaí ina ábhar struis agus buartha ollmhór do thuismitheoirí i gcónaí.

Dúirt sí go mbaineann an cheist le máithreacha go háirithe agus cuid mhór acu “ag déanamh cinneadh idir tuismitheoireacht agus an obair” mar gheall ar dheacrachtaí agus ar ardchostais an chúraim leanaí.

Níos mó

Ionad Uíbh Eachach – 35 bliana ar an fhód

Tá Ionad Uíbh Eachach – ionad cultúrtha, pobail agus cúraim lae atá suite lámh le Gaelscoil na bhFál in Iarthar Bhéal Feirste – 35 bliana ar an fhód i mbliana.

Mar chuid den cheiliúradh, seoladh múrphictiúr nua Dé hAoine seo caite, é deartha ag Tuathan Mac Eachaidh, a dhéanann cur síos ealaíonta cruthaitheach ar na seirbhísí a sholáthraíonn an tIonad agus ar an dóigh a gcuireann sé an Ghaeilge a chur chun cinn sa phobal áitiúil. Cuireadh taispeántas den scoth i láthair san Ionad é féin, taispeántas a thugann léargas ar dhul chun cinn an Ionaid agus an phobail thart air síos trí na blianta. Bhí ‘Aoine na Gaeilge’ faoi lán seoil ann chomh maith, teacht le chéile a bhíonn ar siúl gach seachtain ina dtagann Gaelgeoirí de gach leibhéal le chéile le haghaidh cupán tae agus comhrá.

Is féidir Ionad Uíbh Eachach a leanúint ar Twitter agus Instagram.

Níos mó

‘Saol trí Ghaeilge, Saol gan Bhochtanas’ – taispeántas nua GaelStair

Tá taispeántas úrnua á léiriú ag an togra oidhreachta, GaelStair, i Muileann Mhic Con Midhe, Béal Feirste, faoi láthair.

‘Saol trí Ghaeilge, Saol gan Bhochtanas’ is teideal don taispeántas tábhachtach tarraingteach a insíonn scéal, stair agus forbairt phobal na Gaeilge i mBéal Feirste, ó na 30idí ar aghaidh go háirithe. Díríonn an taispeántas ar roinnt forbairtí suntasacha sa tréimhse seo, agus ar na daoine taobh thiar den obair fhiúntach a rinneadh lena linn: bunaitheoirí Chumann Chluain Ard, ceannródaithe Ghaeltacht Bhóthar Seoighe, átógáil Shráid Bombay agus Fiontar Bhaile Uí Mhurchú, le cois neart eile.

Thug Meon Eile cuairt ar an taispeántas ar na mallaibh, áit ar labhair muid le Mick Jackson, Comhordaitheoir Tionscadail GaelStair.

Is é a dúirt Mick linn:

“Níl freagra ar na ceisteanna a d’ardaigh na daoine seo go fóill beag agus b’fhéidir gurbh iad na daoine óga atá ag teacht isteach i bpobal na Gaeilge na daoine a mbeas an freagra acu ar na ceisteanna sin. Tá géarchéim eacnamaíochta, tá a lán sórt géarchéimeanna ann ar bhonn idirnáisiúnta agus tá ról ar leith, sílim, ag pobal na Gaeilge chun dul i ngleic leis na fadhbanna sin, dul i ngleic leis an bhochtanas atá fud fad an cheantair seo, agus saol breá bríomhar a chruthú don lucht oibre, chan amháin don cheantar seo ach don domhan.”

Beidh an taispeántas sa Seomra Triomaithe i Muileann Mhic Con Midhe don chuid eile den tseachtain seo, agus is fiú go mór breathnú air.  

Beidh tuilleadh grianghraf, caipéisí agus eile le feiceáil amach anseo mar chuid d’obair GaelStair. Tá an fhoireann ag cruthú taispeántas faoi láthair a bheas ag dul isteach i roinnt leabharlann agus ag deireadh na bliana beidh taispeántas mór acu in Iarsmalann Uladh.

Níos mó

Oibrithe tábhachtacha ina dtargaidí ag Iosrael i gcónaí

Michelle Nic Pháidín

Tá sé dochreidte go ndéanfadh tír ar bith targaid d’otharlann, áit a bhfuil daoine go dona tinn agus daoine eile ina luí taobh leo ag saothrú an bháis.

Ach sin mar a tharlaigh i nGaza. Rinne fórsaí Iosrael Otharlann Násir a ionsaí Dé Luain, an 25 Lúnasa.

Dúradh gur buaileadh an otharlann faoi dhó ach go luath ina dhiaidh sin rinneadh go leor plé faoi cé acu ar buaileadh an foirgnimh níos mó ná sin. Tá fiosrúchán go fóill ar bun faoin cheist.

Nuair a dhéantar ionsaí ar fhoirgneamh ar bith faoi dhó, is iad na hoibrithe sláinte, na hoibrithe tarrthála, agus na hiriseoirí – iad siúd a thugann rúid le daoine a shábháil agus leis an scéal a chur i mbéal an phobal – is iadsan is mó a bhuailtear le linn an dara pléascadh.

Cé gur olc an chéad bhuille is olc ar fad na himpleachtaí a bhaineann leis an dara pléascadh mar go bhfuil tuilleadh maraithe agus dochar mór déanta don chumas tarrthála agus do na hoibrithe sláinte.

Is mar sin a bhí an cás i nGaza nuair a maraíodh ar a laghad scór duine. Ba ghníomh samhnasach, cruálach, mídhaonnachtúil é.

I ndiaidh na heachtra fuiltí seo, dúirt Netanyahu gur botún tragóideach a bhí ann, ach sna sála ar an ráiteas sin tháinig an IDF chun tosaigh le scéal eile, is é sin go raibh ceamara faireachais in airde ag Hamas ar an fhoirgneamh agus gurbh é sin an chúis gur dhírigh siad air.

Uaireanta, ní bhíonn a fhios ag an lámh dheas caidé atá an lámh chlé a dhéanamh, ach léiríonn seo go soiléir cé chomh hamaideach agus a bheadh sé éisteacht ar bith a thabhairt d’fiosrúchán a dhéanfaidh Iosrael féin i dtaca le himeachtaí an lae sin. Tá géarghá le fiosrúchán neamhspleách, dá ligfí aon ionadaí idirnáisiúnta isteach.

Muna bhfuil údaráis na tíre ábalta theacht amach leis an scéal céanna i ndiaidh na tragóide, caidé mar a d’fhéadfadh daoine glacadh leis go mbeadh an scéal ceart acu i ndiaidh próiseas fiosrúcháin?

Ní seo an chéad uair a rinneadh ionsaí ar an otharlann chéanna, ar ndóigh.

I lár mhí Feabhra 2024, chuir fórsaí Iosrael léigear ar an otharlann. Rinneadh go leor damáiste don fhoirgneamh san ionsaí sin agus tharlaigh eachtra eile i mí na Bealtaine inár maraíodh iriseoir.

Tá oibrithe sláinte agus tarrthála de dhíth go mór i nGaza faoi láthair, agus is iad na hiriseoirí a chuireann scéala na n-oibrithe sin, an t-uafás a bhíonn siad á fulaingt, ar fáil don saol mhór. Nuair a dhéantar na hiriseoirí a mharú dhéantar an insint ar an scéal a mhúchadh agus a phlúchadh.

Is mór an trua nach bhfuil réiteach ceart faighte ag ceannairí domhanda ar an ghéarchéim uafásach seo. Tá páistí ina luí agus a dtaobhanna buailte ar a chéile leis an ocras agus mar Éireannaigh téann ár smaointe ar ais go dtí am an Ghorta Móir. Bíonn macallaí den phian, den éagóir, den olcas inár gcroí mar gurbh é sin muidinne uair den tsaol, ár sinsir féin, agus tá a rian sin ionainn i gcónaí.

Tá muid uilig ag súil agus ag tnúth leis na cumhachtaí idirnáisiúnta rud inteacht a dhéanamh fá dtaobh de ar ár son.

Rinneadh cáineadh arís agus arís eile ar an ionsaí ar an otharlann agus go leor ag lorg fiosrúchán neamhspleách ar an chúis a bhí leis. Tá sos cogaidh á lorg ag daoine eile agus ceannairí eile ag iarraidh go mbeadh cosaint ceart tugtha do na hoibrithe sláinte, tarrthála agus iriseoirí sa Phalaistín.

Ag deireadh na dála, ba cheart go mbeadh stop curtha leis an slad seo i bhfad siar agus na mílte marbh dá bharr, ach ar chúis amháin nó ar chúis eile táthar ag ligint d’Iosrael rith leis.

Tá rud amháin cinnte, nuair a dhéanfar stair ár linne a scríobh is mór an náire a bheas ann do na cumhachtaí agus do na tíortha a lig dá leithéid tarlú agus nach raibh sé de mhisneach acu stop a chur leis.

Níos mó

Taispeántas Ealaíne ‘Turais Taibhsí’ sa Chultúrlann

Tá taispeántas úrnua leis an ealaíontóir as Cill Dara, Rónán Ó Raghallaigh, le feiceáil i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste faoi láthair.

‘Turais Taibhsí’ is teideal don dara taispeántas aonair seo atá aige i mBéal Feirste a chuireann scéal na talún agus mothúcháin na staire taobh le chéile.

Chuaigh Rónán i mbun taighde ar feadh trí bliana leis an saothar seo a dhéanamh, ag tabhairt cuairt ar áiteanna naofa timpeall na tíre. Rinne sé staidéar ar an bhéaloideas agus ar an tseandálaíocht a bhain leis na háiteanna, agus rinne sé machnamh orthu ar nós na bhfilí, rud a thug tuilleadh spreagtha dó. Tá Rónán ag athfhoghlaim na Gaeilge, gné eile a chuaigh go mór i bhfeidhm ar a chuid oibre.

Is taispeántas lán beochta agus mothúchán é agus tá an oiread eilimintí spéisiúla le feiceáil i ngach píosa de. Trína bheith ag breathnú ar an saothar, is féidir cuid mhór a fhoghlaim faoi stair agus oidhreacht na n-ionad naofa: Teampall Bhríde (Cill Dara), Sliabh an Iarainn (Liatroim), Binn Éadair (Baile Átha Cliath), Coillidh Chlogáin (An Cabháin), Buaile an Charraigín (Cill Mhantáin), agus Sliabh gCuillinn (Ard Mhacha), i measc áiteanna eile.

In ainneoin shaibhreas agus áilleacht na láithreacha seo áfach, is minic a rinneadh damáiste dóibh nó a goideadh taiscí seandálaíochta uathu, gan caint ar an ghalldú a rinneadh ar a n-ainmneacha.

Léiríonn taispeántas Rónáin an taobh dorcha seo den scéal, ag cur ina luí ar an phobal mhór gur fadhb í seo a bhaineann linn ar fad.

Beidh ‘Turais Taibhsí’ sa Chultúrlann go dtí an Déardaoin, an 11 Meán Fómhair, agus is fiú go mór breathnú air, chomh maith leis an taispeántas ‘Uisce Salach agus Dríodair’ le Anna Marie Savage atá i nDánlann Dillon.

Níos mó

Ceiliúradh Oiliúnaithe an Chiste Craoltóireachta Gaeilge 2025

Rinneadh ceiliúradh ar chéimithe de chuid Scéim na hIontrálaithe Nua leis an Chiste Craoltóireachta Gaeilge sna Saotharlanna Ormeau, Béal Feirste ar na mallaibh.

Achan bhliain cuireann an Chiste Craoltóireacht Gaeilge deiseanna ar fáil do dhaoine atá suim acu bheith ag obair in earnáil na meáin Gaeilge tríd an scéim seo.

Bíonn deis ag na hoiliúnaithe bliain iomlán a chaitheamh ag foghlaim faoi léiriúchán, ceamaradóireacht, eagarthóireacht agus gnéithe éagsúla den earnáil.

Le linn na bliana seo, bíonn deis ag na hoiliúnaithe taithí oibre a fháil le comhlachtaí léiriúcháin agus a gearrscannán féin a dhéanamh.

Ar lá an bhronnta, d’amharc an lucht féachána ar dhá scannáin de chuid an ghrúpa oiliúnaithe seo. ‘Slán arís’ an t-ainm a bhí ar an chéad dráma a tháinig as an chúrsa riamh, bunaithe ar an néaltrú. Clár faisnéise a bhí sa dárna gearrscannán darb ainm ‘Aeracha Uladh’, faoin chéad foireann CLG i gCúige Uladh atá cuimsitheach don phobal LADTA+.

Labhair muid le hAntaine Ó Donnaile ó Macha Media faoin traenáil a chuireann seisean ar fáil don lucht traenála agus an sult agus tairbhe a bhaineann sé as scileanna nua a theagasc agus daoine nua a thbhairt isteach chuig an earnáil.

Bhí Hugh O’Reilly Fitzgerald páirteach sa scéim agus labhair sé linn faoin tacaíocht a fuair sé ó na daoine ar an scéim leis, agus ó daoine atá aitheanta san earnáil cheana féin.

Is í Bríd Ní Fhachtna atá nua-cheaptha mar Chaothaoirleach an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, agus mhol sí go hard an obair atá ar bun ag na oiliúnaithe iad féin agus na comhlachtaí a thugann tacaíocht agus treorú dóibh.

Níos mó

Salón úrnua oscailte ag GaelChúrsaí

Osclaíodh salón gruaige agus áilleachta úrnua Dé Luain ag Acadamh Oiliúna Gaeilge, GaelChúrsaí, atá suite ag 145 Bóthar na bhFál, Béal Feirste. 

D’oscail an t-acadamh an chéad salón s’acu in ionad eile an bhliain seo caite ach anois beidh tuilleadh spáis ann do na daltaí ar fad a bheidh ag tabhairt faoin traenáil den chéad uair i mbliana agus dóibh siúd atá tosaithe cheana féin. 

Tá scoth na foirne lonnaithe sa salón agus beidh sé oscailte don phobal mhór fosta agus fáilte roimh dhuine ar bith teacht isteach le haghaidh seirbhísí gruaige, smididh, ingne agus eile.

Bhuail Meon Eile isteach chuig an salón úr an tseachtain seo caite agus an fhoireann ag ullmhú don oscailt. Labhair muid le Bainisteoir GaelChúrsaí, Colma Mhic Aoidh, agus le beirt teagascóirí gruaige, Mícheál Ó Cuinn agus Cliona Doran. 

Is féidir GaelChúrsaí a leanúint ar Facebook agus ar Instagram.

Níos mó

Bliotsa iománaíochta ar son na Palaistíne le Gaels Against Genocide

Tháinig na céadta daoine amach chuig páirc pheile CLG Pádraig Sarséil, Béal Feirste, ar na mallaibh, áit a raibh Bliotsa Iománaíochta ar son na Palaistíne ar siúl. Ba é an grúpa Gaels Against Genocide a d’eagraigh an ócáid agus ba é téama an lae ná ‘Páistí ag tacú le páistí’.

Ghlac 8 bhfoireann faoi 9 mbliana d’aois ó Bhéal Feirste páirt sa Bhliotsa: Pádraig Sairséil, Naomh Pól, Naomh Eoin, Lámh Dhearg, Gort na Móna, Ó Donnabháin Rosa, Naomh Gall agus Cumann Mhic Dháibhéid.

Cruthaíodh geansaithe nua don imeacht agus bhí na foirne uilig ag imirt faoi ainmneacha cathracha éagsúla in Gaza nó sa Bhruach Thiar.

Bronnadh dhá sheic ar John Hurson agus ar an Dr. Saeb Sha’ath, ceann amháin ar luach £15,000 ó Gaels Against Genocide agus ceann eile ar luach £3,200 ó Upper Andersonstown Community Forum. Cuirfear an t-airgead seo uilig i dtreo Aonad Máithreachais Soghluaiste in Gaza.

Bhí Michael Gerard Ó Dochartaigh i láthair mar Bhainisteoir ar CLG Pádraig Sairséil agus d’inis sé dúinn faoin dlúthpháirtíocht ar an lá leis an Phalaistín, agus cé go raibh iomaíocht idir cuid de na foirne, bhí siad uilig aontaithe ar son cúis amháin.

Labhair Meon Eile leis an Dr. Saeb Sha’ath arb as an Phalaistín é féin ó dhúchas agus atá ag obair anois le Palestine Aid. Dúirt sé go mbeadh an lá seo ina chuidiú ollmhór do na máithreacha sa Phalaistín, ní hamháin ó thaobh airgid de ach le léiriú dóibh agus don domhan mór go bhfuil tacaíocht agus dlúthpháirtíocht ann dóibh.

Níos mó

Where we are

Conradh na Gaeilge

66 Lower Camden Street,
Dublin 2,
D02 X201

Phone: +353 (0) 1 475 7401,
Fax: +353 (0) 1 475 7844,
Email: sceal@cnag.ie

Follow Scéal.ie on social media