Comhairle Cathrach Bhéal Feirste ag súil le 10,000 Gael ag an Oireachtas
(Grianghraf: Leas-Ard-Mhéara Bhéal Feirste, an Comhairleoir Paul Doherty ag baint taitneamh as ceol ó dhaltaí i Scoil an Droichid, agus iad ag déanamh réidh le páirt a ghlacadh in Oireachtas na Samhna, an fhéile Ghaeilge agus ealaíon is sine in Éirinn, a bheidh ar siúl i mBéal Feirste ón 29 Deireadh Fómhair go dtí an 2 Samhain.)
Beidh an Chéadaoin ar an lá is ciúine i rith an Oireachtais (seachas an Domhnach, b’fhéidir, ach fán lá sin ní bheidh fágtha ach na daoine a thiocfas slán ó Chlub na Féile i Halla Uladh). Cuirfear tús le Comórtais na gCór ag 11:00 i Halla Mór an ICC agus seolfaidh an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta Dara Calleary an fhéile go hoifigiúil ag 13:00.
Bronnfar Duaiseanna Liteartha an Oireachtais i Stiúideo an ICC ag 14:30 agus tar éis sin seolfar scéim forbarthar scríbhneoirí agus scéalaithe Gaeltachta le hArd-Stiúrthóir TG4 Deirdre Ní Choistín i láthair. ‘Ag scríobh don Scáileán’ is teideal don scéim nua.
Ag 16:00 i stáisiún Raidió Fáilte, nochtfaidh Uachtarán an Oireachtais Éamon Ó Cuív pictiúr de Ghearóid Ó Cairealláin, gníomhaí agus duine de bhunaitheoirí Raidió Fáilte a cailleadh i mí na Nollag 2024.
I dtuaisceart na cathrach ag Áras Mhic Reachtain, beidh an Caifé Ceoil ag ullmhú 4 mhias aitheantais don imeacht ‘Cáis, Ceol ’s Ól’ ag 18:30. Beidh scoth na n-ealaíontóirí ann idir Conor Caldwell, Catríona Ní Ghribín agus tuillead eile.
Bronnfaidh Dara Calleary TD na Gradaim Chumarsáide 2025 i Halla na Cathrach an oíche sin ag 20:00. Beidh NÓS ann a thabhairt uasdátaithe beo ar na buaiteoirí.
I ndiaidh Chomórtais na gCór Dé Céadaoin, beidh an ICC dubh le daoine ag dul don aithriseoireacht, don scéalaíocht, agus ag seinm uirlisí. Óstálfar na hagallaimh bheirte do dhaoine óga idir Halla 2A agus Halla 2B ón 10:00 ar aghaidh agus titfidh comórtas na ndaoine fásta amach sa Stiúideo ag 14:00. Tiocfar ar dhaoine óga ag dul don aithriseoireacht i Seomra Cruinnithe 2 nó ag seinm veidhlín nó feadóig stáin i Seomra Cruinnithe 3. Beidh an comórtas nua rapcheoil ar siúl i Seomra Cruinnithe 2 ag 15:30.
Osclófar Aonach an Oireachtas i Halla 1 ag 13:00 le ceol ó Burnchurch ón 12:00 agus seolfar an suíomh gréasán nua ‘sceal.ie’ ag 14:00. Athbhrandáil agus athnuachan ar peig.ie is ea Scéal.
Tabharfaidh an tOllamh Mícheál Ó Mainnín, Uachtarán Chonradh na Gaeilge Ciarán Mac Giolla Bhéin agus an Dochtúir Brian Devlin léacht speisialta faoi ainmniú áiteanna agus comhroinnt áiteanna mar chuid d’imeacht atá eagraithe ag Roinn Pobal Thuaisceart Éireann i nDánlann Dillon na Cultúrlainne.
Thig leas a bhaint as seomra teaghlaigh an lá ar fad (10:00-17:00) in ARC san ICC chomh maith. Beidh Dioscó Gaelach na Samhna ar siúl i Halla 2A ag 17:00, imeacht atá fóirsteanach do gach aoisghrúpa. Caith do chulaith bhréige!
In Óstán Europa beidh imeachtaí ar siúl ó 20:00 ar aghaidh, is iad sin Flix Feirste, féile scannánaíochta na Ceathrún Ghaeltachta, ag Barr an Tí, an Cheolchoirm Liteartha le Breanndán Ó Beaglaoich agus Club na Féile sa Bhálsheomra ar an bhunurlár, agus an Club Amhránaíochta i mBálsheomra an dara hurlár.
Beidh formhór na gcomórtas ar an tsean-nós ar siúl Dé hAoine san ICC (agus beidh an seomra teaghlaigh ar ais!). Cluinfear craoladh beo ‘Beo ar Maidin’ ar Raidió Fáilte ó 10:00-11:00 i Mol na Meán. Tabharfar seisiún eolais ar Shlí na Gaeltachta agus stair na Gaeilge i mBéal Feirste ag 11:00 in Aonach an Oireachtais.
Beidh triúr uachtarán de chuid Chonradh na Gaeilge in ardharca a chéile ar phléphainéal dar teideal ‘Ról na nGael i dTógáil Éire Nua’ faoi stiúir an chathaoirligh Edel Ní Churraoin. Ar ndóighe, ní bheidh aon duine in adharca a chéile ach tabharfaidh Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán an Chonartha fá láthair, agus Paula Melvin agus an Dr Niall Comer, ar iar-uachtarán de chuid an Chonartha iad beirt, faoin cheist dhomhain seo ag 11:00 sa Stiúideo.
Tá roinnt eile le titim amach Dé hAoine idir dhrámaí agus seoltaí leabhair ach tá oíche spleodrach eagraithe do na mic léinn i mBálseomra an Europa ag 21:00 agus seinnfidh Pólca 4 scoth an cheoil do Chlub na Féile i Halla Uladh ag 22:30-01:00.
Lá álainn eile atá eagraithe don tSatharn a 1 Samhain. Tús maith leath na hoibre le #parkrunabú i bPáirc na bhFál (réiteoidh sin an tinneas póite) agus comórtais ceoil is uirlise do dhaoine fásta san ICC arís.
Beidh Ollchruinniú an Oireachtais, Aontas na Scríbhneoirí, le bheith i nDánlann Dillon sa Chultúrlann ag 10:30 agus tá An Clinic Leabhair eagraithe ag Leabhar Pháistí Éireann i Seomra Boird 1 san ICC ó 12:00-16:00. Cuirfear deireadh leis an tSatharn le Club Amhránaíochta agus dhá Chlub na Féile i Halla Uladh agus i mBálseomraí Europa ó 22:30 ar aghaidh.
Féach an clár iomlán ar shuíomh an Oireachtais anseo. D’eisigh Comhairle Cathrach Bhéal Feirste preas ráiteas ar maidin a chuir fáilte roimh an Oireachtas agus iad ag súil le breis agus 10,000 Gael teacht chun na cathrach.
“Tá an-áthas ar an chomhairle an tOireachtas a thabhairt ar ais go Béal Feirste arís, agus táimid ag éirí tógtha gan fágtha ach dhá sheachtain go mbeidh ‘Cruinniú na nGael’ ar siúl faoin bhaile.
“Bíonn dea-thionchar ag imeachtaí mar seo ar ár gcathair – tugann siad tacaíocht do lucht na siopaí, lucht soláthair turasóireachta agus fáilteachais, agus léiríonn siad an chuid is fearr de Bhéal Feirste do chuairteoirí, rud a spreagann daoine le teacht ar ais arís.
“Ó thaobh lucht na Gaeilge de, is deis faoi leith é an tOireachtas tumadh isteach sa Ghaeilge agus a ndíogras i leith chosaint agus chothú na Gaeilge a roinnt.
“Tá seo mar mhacalla ar chuspóir na comhairle a chinntiú mbeidh urraim agus meas ar gach teanga sa chathair, agus go ndéanfar iad a cheiliúradh agus a chothú. Tá imeachtaí den scoth beartaithe ar fud na cathrach chun blas a fháil ar an fhéile agus deis a thabhairt do chainteoirí idir nua agus reatha a bheith páirteach i ngach rud a bhaineann leis an Oireachtas.”
The post Comhairle Cathrach Bhéal Feirste ag súil le 10,000 Gael ag an Oireachtas appeared first on NÓS.