Beagnach míle punt bailithe ag duine óg dá chumann óige Gaeilge
Rinne cumann óige a riarann ar dhaoine óga a bhfuil riachtanais bhreise orthu ceiliúradh ar dhuine de na daoine óga i ndiaidh dó breis agus £900 a thiomsú don chlub i rith an tsamhraidh. Rinne Oisín beag éacht nuair a sháraigh sé an rás 5K le linn Féile an Phobail lena athair. Beidh an t-airgead a bailíodh ag dul i dtreo Shólás na nÓg.
Bunaíodh Sólás na nÓg in 2019 chun freastal ar Ghaeilgeoirí óg nár oir an gnáthchumann óige dóibh, bíodh sin mar gheall ar riachtanais bhreise foghlama nó fisiciúla nó eile. Tá Sólás suite ar an láthair chéanna le Glór na Móna, eagraíocht phobail agus óige in Iarthar Bhéal Feirste a chuireann ar fáil imeachtaí agus féilte don phobal, agus seirbhisí óige do Ghaeilgeoirí áitiúla.
“Bhí scéim phíolóta ann in 2019 ar feadh bliana agus ansin d’éirigh linn Awards4All a fháil ar feadh bliana agus ansin ceithre bliana maoinithe a fháil ina dhiaidh sin ó Big Lottery. Tá an scéim ag teacht chun deiridh i mí an Mhárta, mar sin tá muid ag tús an phróisis arís chun maoiniú nua a fháil,” a dúirt stiúrthóir an togra, Pádraigín Nic Mhathúna.
“Bhí Orliath mar chomhordaitheoir le Glór na Móna i mBéal Feirste ag an am agus d’aithin sí ón aischothú ón fhoireann agus ó bheith ag obair sna cumainn óige go raibh bearna ann de sheirbhísí ag riar ar riachtanais. Bhí daoine a raibh uathachas agus riachtanais eile orthu ag freastal agus ní raibh an gnáthchumann óige fóirsteanach dóibh agus is ansin a chuir siad tús leis an scéim phíolóta.”

‘Comhbhá. Cothú. Cumasú.’ is ea mana agus sprioc an chumainn, agus is léir go gcothaítear na spriocanna céanna i measc na ndaoine óga nó is duine óg atá anois ag cothú agus ag cumasú an chumainn trína obair dhícheallach. Ghlac Oisín, dalta bunscoile 11 bliain d’aois ón cheantar agus duine de na daoine óga a bhaineann leas as Sólás, páirt i rás 5K Féile an Phobail a thiomsú airgid don chlub.
Labhair muid le hOisín faoin éacht iontach seo atá bainte amach aige: “Bhí sé giota beag deacair ach bhí sé maith. Ghlac sé 28 bomaite lena dhéanamh agus is cuid mhór airgid é £950. Bhí mé ag dúil le burgar mór agus sceallóga i ndiaidh an rása ach is breá liom dinnéar stéige fosta.”
Labhair tuismitheoirí Oisín, Andrew agus Gerarda, linn faoi cad é mar a mhothaíonn siad faoin 5K agus faoin chumann féin.
Dúirt Andrew, “Ar fheabhas! Bhí muid ag iarraidh giota beag a bhailiú ar dtús ach ní raibh ag dúil leis go n-éireodh sé chomh hard agus a d’éirigh. Spás é seo inar féidir le hOisín bualadh le cairde trí oíche in aghaidh na seachtaine nó ar scéim samhraidh. Ach a chluinstin an fhoireann ag bualadh bos dó agus muid ag dul thart orthu, sin an rud is speisialta.”
Is é a dúirt Gerarda, “Bhí siad ag traenáil gach seachtain. Ní raibh mise ábalta dul a fhad leo nuair a chríochnaigh siad – bhí mise ar tí caoineadh. Tá muid iontach bródúil go bhfuil sé ag tabhairt rud éigin ar ais do Shólás mar tá an oiread sin tugtha dúinn acu. Tá sé sábháilte anseo, thig leis an Ghaeilge a úsáid. Tá sé ar dóigh.”
Beidh Sólás na nÓg in ann trealamh nua a bhfuil géarghá leis a cheannach chun cur le háiseanna an chlub. Faoi láthair, tá Sólás na nÓg lonnaithe i bpríomhfhoirgneamh Ghlór na Móna agus bothán taobh leis. Tá stóras beag sa bhothán in úsáid mar sheomra na gcéadfaí ach tá an t-eagras ag iarraidh a áiseanna a fhorbairt.

Chuir Pádraigín síos ar a bhródula agus a mhothaíonn siad: “Tharla seo i ndiaidh na scéime samhraidh agus bhí muid measartha ciúin ar feadh cúpla seachtain. Sin an fáth a bhfuil muid ag déanamh ceiliúrtha anocht. Shíl muid go raibh sé ina deis rud mór a dhéanamh den éacht a rinne Oisín. Luaigh mamaí s’aige liom, nuair a bhí sé ag dul don traenáil lena dhaidí, go raibh sé mar sprioc aige airgead a bhailiú. Bhailigh sé £950 san iomlán. Bhí muid thar a bheith bródúil agus buíoch as an airgead atá de dhíth go mór ar an tseirbhís. Tá sé suimiúil go bhfuil duine óg ar an aois sin airdeallach ar chúrsaí maoinithe agus rudaí nach bhfuil againn, agus léiríonn sé go bhfuil sé buíoch as an tseirbhís agus go bhfuil an soláthar de dhíth.”
Beidh Pádraigín ag súil le tuilleadh maoinithe a aimsiú don togra ar an bhliain seo chugainn ionas nach gcaillfidh an ceantar amach ar an tseirbhís iontach seo atá ag freastal ar shainriachtanais na nGael go háitiúil.
“Ar ndóighe, tá Sólás na nÓg de dhíth, ní hamháin ar an phobal ach ar an earnáil Ghaeilge. Níl a leithéid de sheirbhís mar seo sa cheantar i mBéarla fiú. Tá cúpla mír taighde déanta againn agus léiríonn sé go bhfuil na forbairtí seo de dhíth.”
The post Beagnach míle punt bailithe ag duine óg dá chumann óige Gaeilge appeared first on NÓS.