Skip to main content
The Irish language information hub: News, events, job vacancies & more

An uair gur bheag nár maraíodh duine eile de na ‘Kennedys’ 

|

Bhí mé ag freastal ar choinne rialta le mo chomhairleoir leighis, an speisialtóir ailse, an tOllamh John Crown, nuair a d’fhiafraigh sé díom cad a bhíonn ar bun agam na laethanta seo. D’inis mé dó faoin alt seachtainiúil ar Tuairisc agus chuir sé an-spéis ann. Go háirithe nuair a d’inis mé dhó go bhfuil saoirse agam scríobh faoi mo rogha ábhar.

‘Seo smaoineamh duit,’ arsa seisean agus scríobh sé ainm ar nóta ‘post-it’ – an tOllamh Gordon Hamilton Fairley. Bhí sé ag smaoineamh ar alt a scríobh faoin bhfear seo é féin, d’iris leighis éigin.

‘Ba é an chéad ollamh riamh le ‘Oncology’ é sa mBreatain nuair a maraíodh é taca an ama seo i 1975,’ dúirt sé. ‘Ba iad an tIRA a bhí taobh thiar de shraith buamála i Sasana ag an am, ba chionsiocair lena mharú.’

Agus mé ar ais sa mbaile, ag léamh na dtuairiscí nuachta a scríobhadh ag an am, chonaic mé an t-ainm ‘Caroline Kennedy’. Ba bheag nach raibh sí féin i measc na marbh an lá sin ach gur tharla ceann de na heachtraí sin a athraíonn an stair.

Ansin léigh mé alt Mháirtín Uí Chatháin i Tuairisc faoi Chlann Uí Chinnéide agus na cuimhní a músclaíodh ann an tseachtain seo nuair a bhásaigh Joan Kennedy, iarbhean chéile Ted Kennedy. ‘Is beag ceangal daonna atá fanta anois le ré órga na gCinnéideach,’ a dúirt Máirtín. An ré cháiliúil sin a raibh an teideal ‘Camelot’ baiste air.

Is í Caroline an t-aon duine atá fágtha as clann JFK é féin agus níl aon aint ná uncail léi fágtha beo ach an oiread. Cuireann Máirtín an cheist ina alt fhéin: ‘Cén chaoi a mbeadh an saol dá mbeadh seo nó siúd tarlaithe?’

Is ceist í sin a d’fhéadfaí a chur i gcás na heachtra marfaí a tharla i Londain i 1975.

Níorbh é an dochtúir cáiliúil Hamilton Fairley an duine a bhí le marú le buama i Londain i 1975. Ar chúis éigin ba é an duine a bhí roghnaithe ag an IRA ná Sir Hugh Fraser. Ba pholaiteoir Caomhach é ach ní raibh aon phost mór le rá aige. Bhí seisean pósta le Antonia Fraser, iníon leis an Tiarna Longford. Bhí an chlann an-chairdiúil le muintir Uí Chinnéide sna Stáit Aontaithe. Ag an am, i 1975, dhá bhliain déag tar éis mharú an Uachtaráin JFK, bhí a iníon óg Caroline ag fanacht le muintir Fraser agus í ag freastal ar chúrsa ealaíne i Londain. An mhaidin áirithe sin, bhí Hugh Fraser réidh le dul amach go dtí a charr chun síob a thabhairt di chomh fada leis an gcúrsa ealaíne i lár na cathrach.

Ag an nóiméad deiridh, bhuail an teileafón. (Ní raibh teileafóin phóca ann ag an am) agus chas sé ar ais chun é a fhreagairt. A chara Jonathan Aitken, polaiteoir eile leis an bpáirtí Caomhach agus cara leis, a bhí ar an bhfón. Stad Caroline Kennedy freisin.

Ag an nóiméad céanna bhí an dochtúir ag siúl thar an teach agus a chuid madraí in éindí leis. Duine fiosrach a bhí ann agus ba chosúil go bhfaca sé rud éigin thíos faoi charr Hugh Fraser. Dúradh gur bhreathnaigh sé níos géire ar an ‘rud’ agus phléasc an buama. Maraíodh ar an toirt é.

Baineadh croitheadh as a raibh istigh i dteach mhuintir Fraser, Caroline Kennedy ina measc. Foilsíodh pictiúr di i gceann de na páipéir agus na póilíní á tionlacan amach go háit ní ba shábháilte.

Nach beag an t- iontas gur mheas a máthair Jackie Kennedy, baintreach an Uachtaráin, go raibh daoine i ngach áit ag iarraidh Clann Uí Chinnéide a chur den saol?

Ní raibh Gordon Hamilton Fairley ach 45 bliain d’aois nuair a maraíodh é. Bhí sé tar éis tús a chur le réimse staidéir ar an ailse a bhfuil a fhiúntas le feiceáil go forleathan sa lá inniu. Má fheiceann tú tagairt don imdhíon-teiripe [immunotherapy] mar leigheas ar an ailse, ba eisean a thionscain an staidéar air sin. Mar a dúirt mé, ba é an chéad ollamh le hoiceolaíocht riamh é. Cloisfidh tú daoine ag caint ar ‘my oncologist’ inniu amhail is gur gnáthrud é a bhí ann ariamh. Nach maith atá a fhios sin agam féin.

Astrálach a bhí ann a tháinig go dtí an Bhreatain mar mhac léinn agus a d’fhan ag obair in institiúidí éagsúla leighis agus taighde gur chríochnaigh sé mar Ollamh agus Comhairleoir in Ospidéal Naomh Bartholomew i Londain.

Tairgeadh post dó mar dhochtúir pearsanta na Banríona Eilís ach dhiúltaigh sé dó toisc go raibh sé ag iarraidh oibriú go poiblí.

Bhí oiread sin measa air gur socraíodh cuimhneacháin dealbhóireachta ina onóir in Ardeaglais Naomh Pól. Chríochnaigh an teistiméireacht leis na focail ‘It matters not how a man dies but how he lives’.

Cúisíodh an dream ar tugadh an ‘Balcombe Street Gang’ orthu i dtaobh a dhúnmharaithe, ainmnithe as léigear Shráid Balcombe i Londain. Cuireadh ina leith siúd gurbh iad a bhí taobh thiar den fheachtas buamála i Sasana agus go raibh seachtar maraithe dá bharr, Hamilton Fairley ina measc. I rith na trialach d’iarradar go dtabharfaí aird ar chás Cheathrar Guildford agus Sheachtar Maguire, a bhí i bpríosún de bharr buamáil a raibh dream ‘Balcombe Street’ ag admháil gurbh iadsan a bhí taobh thiar di. Ach níor tugadh cluas éisteachta dóibh.

I 1980 cúisíodh Brian Keenan, ceannasaí sinsearach san IRA, as a bheith ina eagraí ar an bhfeachtas buamála i Sasana. Gearradh téarma príosúnachta 18 mbliana air, i Meitheamh 1980.

Nuair a bhí na cainteanna ar siúl faoin socrú síochána, a chríochnaigh le Comhaontú Aoine an Chéasta, bhí Diana, iníon le Sir Gordon Hamilton Fairley, ina measc siúd a thacaigh leis an bpróiseas cé go raibh a fhios aici go scaoilfí saor daoine a bhí bainteach le bás a hathar.

Níos mó

Where we are

Conradh na Gaeilge

66 Lower Camden Street,
Dublin 2,
D02 X201

Phone: +353 (0) 1 475 7401,
Fax: +353 (0) 1 475 7844,
Email: sceal@cnag.ie

Follow Scéal.ie on social media