Skip to main content
The Irish language information hub: News, events, job vacancies & more

Albaim na Míosa le Ben Ó Faoláin – Meán Fómhair 2025

|
(Grianghraf le Dale Grant)

Satch Hoyt – Un-Muting (Traza)

Un-Muting by Satch Hoyt

Baineann an dí-bhalbú atá luaite i dteideal an albaim seo leis an rud gur eascair na traiceanna seo as ceol a mheall an t-ealaíontóir Satch Hoyt as ionstraimí stairiúla na hAfraice a choimeádtar i mbailiúcháin Mhúsaem na Breataine i Londain. 

Sa tóir ar ‘chúiteamh sonach’ de shaghas atá Hoyt ar son na gceardaithe a dhear na huirlisí a goideadh agus ar son na gceoltóirí a sheinneadh iad. 

Thosaigh an tionscadal le seisiún taifeadta ar rogha uirlisí Afracacha ó Roinn na hAfraice, na hAigéine agus Mheiriceá. Chum Hoyt na buntaifeadtaí beo ar an láthair, é ag freagairt do na mothúcháin a spreag fuaimeanna agus cumaí fisiciúla na n-uirlisí ann. Rinne sé breis forbartha ar na taifeadtaí sin ina stiúideo baile, ag baint feidhm as teicnící leictrea-acústacha, sampláil agus uirlisí ceoil eile óna bhailiúchán féin. 

An toradh ná ceirnín ealaíonta caolchúiseach lán de mhacallaí sinsir dhearmadta a mhúsclódh idir bhrón agus dóchas i gcroí an duine de chine daite agus i gcroí an Ghaeil araon.

Geckøs – Geckøs (Org Music)

Geckøs by Geckøs

Is iad Geckøs Howe Gelb (amhránaí an ghrúpa Giant Sand), an cumadóir M. Ward agus an t-ilionstraimí Éireannach McKowski (Mark McCausland as an Ómaigh dá chuid cairde). 

Tá idir mhagadh agus dáiríre ag baint leis na hamhráin shéimhe seo fé ghaistí ceilte an ghrá agus na bréaga beaga a insímid dúinn féin a d’fhéadfadh an saol a mhilleadh orainn i ndeireadh na dála. 

Ceann a mholaim go háirithe más spéis leat ceol leithéidí Calexico, LambchopRy Cooder.

Kassa Overall – Cream (Warp)

CREAM by Kassa Overall

Is fada léiritheoirí hip hap ag aimsiú inspioráide i gceirníní snagcheoil ach ar Cream cloisimid an nós sin casta droim ar ais ag an snagcheoltóir/drumadóir éirimiúil Kassa Overall. Albam ceart snagcheoil is ea Cream, ach é bunaithe ar ocht gcinn de na rianta hip hap is ansa le Kassa ó laethanta a óige. 

léamh teann fuinniúil hard-bop ghrúpa Kassa ar ‘Rebirth of Slick (Cool Like Dat)’ de chuid Digable Planets go diail ar fad. Casann an port bunaithe ar ‘Check The Rhime’ de chuid A Tribe Called Quest ina leagan tapa de ‘Passion Dance’ de chuid McCoy Tyner i dtreo an deiridh, agus tógtar port bossa nova luascach milis as ‘Big Poppa’ de chuid The Notorious B.I.G.

Tá tuilleadh ceoil le clos atá bunaithe ar amhráin aitheanta de chuid Wu-Tang Clan, Juvenile, Dr Dre agus Outkast.

Cnuasach na Míosa

Ceoltóirí Éagsúla – The World Is But a Place of Survival: Begena Songs from Ethiopia (Death Is Not The End)

The World Is But a Place of Survival: Begena Songs from Ethiopia by Various Artists

Cad é seo, go díreach? 

Ceol liotúirgeach ceartchreidmheach i dtraidisiún muintir Amhara Thuaisceart na hAetóipe. 

Amhránaíocht aonair atá anseo, le ceol seinnte ar an begena. Liúit mhór deich dtéad is ea an begana. Deirtear gur thug Menelik I chun na hAetóipe é ar a theacht aduaidh dó as Iosrael agus Iúdá sa 10ú céad (de réir dealraimh go raibh Áirc an Chonartha ina sheilbh aige chomh maith, bail ó Dhia air!). 

An bhfuil aon mhaith ann?

Bás agus pósadh amháin a thugann chun an tséipéil mise ach dá mbeadh an stuif seo le clos bheinn ann gach lá.

Tá blas ársa ar an gceol seo a thaitníonn go mór liom. Rinne Stéphanie Weisser taifeadadh ar na traiceanna in Addis Ababa sa tréimhse 2002-2005 ach mheasfá gur díreach mar a chéile a d’fhuaimneodh an stíl seo dá mbeadh éirithe le Weisser síob siar chun na bliana 1505 a fháil i meaisín ama. 

Tá dordán bog an begena draíochtúil ar a bhealach féin agus chuirfeadh glaineacht ghutha na n-amhránaithe seo – idir fhir agus mhná – suaimhneas ar do chroí.

Laigí: Ní gearánta dom, go háirithe agus The World Is But a Place of Survival: Begena Songs from Ethiopia le fáil saor in aisce i bhfoirm íoslódála ó leathanach Bandcamp ceirníní Death Is Not The End.

An breithiúnas? N’fheadar an fíor go bhfuil na poirt is fearr ar fad ag Lúicifir.

Albam Atheisithe na Míosa

Polygon Window – Surfing On Sine Waves (Warp)

Surfing On Sine Waves by Polygon Window

Ba cheart cóip den albam Selected Ambient Works 89-92 (1992) de chuid Aphex Twin a bheith i ngach teach, agus le ceart is minic a chífeá é ar an tseilf ag duine nach n-éisteann le ceol leictreonach go hiondúil. Idir mé féin is mo bhean tá trí chóip againn sa teach seo. Fé mar a deir Miss Kitten ar an bport leictreo gleoite seo fé réabháil sa teach altranais ‘I don’t care if evil lurks/Selected Ambient always works’.

Níl an clú céanna ar Surfing On Sine Waves, albam de chuid Richard D James (Aphex Twin) a d’eisigh an lipéad Warp sa bhliain 1993 faoin ainm stiúideo Polygon Window. 

Inseacht na fírinne, cé gur ardalbam é Surfing On Sine Waves,  níl an draíocht chéanna ag baint leis mar thuras éisteachta agus atá le Selected Works. 

Is easpa leanúnachais ó thaobh stíle de fé deara sin, óir rianta rábacha teicneo mar ‘Quoth’ agus ‘Supremacy II’ as an áireamh tá roinnt de na poirt is giorra dem’ chroí as ouvre James le haimsiú anseo. 

Acid-techno pointíleach ‘Polygon Window’, abair, agus ‘If It Really Is Me’ leis na córdaí aoibhne cumhacha pianó is órgáin. Tá eilimintí éagsúla ‘Audax Powder’ cóirithe sa tslí is go mbraithfeá an t-am féin ag lúbadh is tú ag éisteacht leis, agus port ceol timpeallach don tumadóir raice is ea ‘Quino Phec’.

Ní fhéadfainn a rá, áfach, go gcuireann aon cheann den sé phort ‘nua’ atá le clos ar an leagan leathnaithe seo de Surfing On Sine Waves leis mar albam. 

The post Albaim na Míosa le Ben Ó Faoláin – Meán Fómhair 2025 appeared first on NÓS.

Níos mó

Where we are

Conradh na Gaeilge

66 Lower Camden Street,
Dublin 2,
D02 X201

Phone: +353 (0) 1 475 7401,
Fax: +353 (0) 1 475 7844,
Email: sceal@cnag.ie

Follow Scéal.ie on social media