Skip to main content
The Irish language information hub: News, events, job vacancies & more

Ranganna Amhránaíochta le Róise Ní Mhurchú

|

Cuireadh ranganna amhránaíochta ar siúl i mBéal Feirste ar na mallaibh agus is í Róise Ní Mhurchú, ceoltóir óg agus amhránaí ar an tsean-nós as Contae Dhoire, a bhí ina mbun.

Bhí na ranganna ar siúl ón Luan go dtí an Déardaoin ag Barr a’ Tí in Áras Mhic Reachtain ar Bhóthar Aontroma agus cuireadh fáilte roimh dhaoine de gach leibhéal cumais Gaeilge freastal orthu. D’fhoghlaim siad amhráin ar nós ‘A Stór, A Stór, A Ghrá’, ‘A Mháithrín Dhílis’ agus ‘Tá an Coileach Ag Fógairt An Lae’. 

Bhuail Meon Eile isteach ar na ranganna agus bhí deis againn labhairt le Róise faoi na ranganna agus faoi chúlra s’aici féin leis an amhránaíocht. 

Is mar chuid de Scoil Samhraidh Mhic Reachtain 2025 a eagraíodh an tsraith ranganna.

Níos mó

Where we are

Conradh na Gaeilge

66 Lower Camden Street,
Dublin 2,
D02 X201

Phone: +353 (0) 1 475 7401,
Fax: +353 (0) 1 475 7844,
Email: sceal@cnag.ie

Follow Scéal.ie on social media