Skip to main content
The Irish language information hub: News, events, job vacancies & more

Lá Lúnasa le Cleamairí Feirste 

|

Léiríodh ómós don fhéile Lúnasa ar na mallaibh san ionad Gaeilge, Áras Mhic Reachtain, i dTuaisceart Bhéal Feirste, agus is iad Cleamairí Feirste a bhí i mbun an cheiliúrtha.

Le fada an lá sa tír seo tá comóradh á dhéanamh ar thréimhsí áirithe den bhliain – ina measc Grianstad an tSamhraidh, Grianstad an Gheimhridh, agus an Fómhar. Tá Lúnasa ar cheann de na féilte ráithe Gaelacha is mó – agus is iad Imbolg (tús mhí Feabhra), Bealtaine (tús na míosa) agus Samhain (tús na míosa) na trí chinn eile.

Agus tús aimsir an fhómhair ag druidim linn, rinneadh ceiliúradh ar an am speisialta seo le ceol, aisteoireacht, damhsa Gaelach agus siamsaíocht, ar leac dhoras an Árais féin.

Níos mó

Where we are

Conradh na Gaeilge

66 Lower Camden Street,
Dublin 2,
D02 X201

Phone: +353 (0) 1 475 7401,
Fax: +353 (0) 1 475 7844,
Email: sceal@cnag.ie

Follow Scéal.ie on social media