Skip to main content
The Irish language information hub: News, events, job vacancies & more

Is ionann cúngú ceart agus cealú ceart

|

Agus muid ag dul i dtreo Mhórshiúl Náisiúnta na nGael ar an 20ú Meán Fómhair i mBaile Átha Cliath, tabharfaidh Meon Eile léargas ar chuid de na mórcheisteanna atá faoi chaibidil ag na Gaeil i láthair na huaire, go háirithe na constaicí atá ann in earnáil na Gaeilge. 

Sa dara heagrán seo den tsraith Cearta na nGael, thug Meon Eile cuairt ar Chultúrlann McAdam Ó Fiaich, áit a raibh plé painéil de chuid Chonradh na Gaeilge agus An Dream Dearg ar siúl.

‘Is ionann cúngú ceart agus cealú cearta’ t-ainm a bhí ar an phlé agus bhí ceathrar aíonna speisialta ag caint ar an lá: Nuala Ní Scolláin, Seán Mac Brádaigh, An Dr. Fionnghuala Nic Roibeard agus Eoghan Ó Conghaile. Is í an craoltóir Áine Ní Bhreisleáin a bhí sa chathaoir.

Dúirt Áine go raibh plé thar a bheith suimiúil ann ar chúrsaí timpeallachta, cearta na mban, daoine LADTA+, daoine óga agus dlúthpháirtíocht phobal na Gaeilge le muintir na Palaistíne.

Labhair muid leis an Dr. Fionnghuala Nic Roibeard agus le Seán Mac Brádaigh a dinis dúinn faoin nasc atá ag gluaiseachtaí amhail an feimineachas agus an comhshaol leis an Ghaeilge agus le pobal na teanga.

Níos mó

Where we are

Conradh na Gaeilge

66 Lower Camden Street,
Dublin 2,
D02 X201

Phone: +353 (0) 1 475 7401,
Fax: +353 (0) 1 475 7844,
Email: sceal@cnag.ie

Follow Scéal.ie on social media