Skip to main content
The Irish language information hub: News, events, job vacancies & more

Gnó spóirt: Gaelfit

|

Sa tsraith seo amharcfaidh Meon Eile ar ghnónna éagsúla spóirt atá lonnaithe i mBéal Feirste. Tabharfaidh muintir na ngnónna seo léargas dúinn ar chúrsaí margaíochta, ar úsáid na meán sóisialta agus ar na seirbhísí a chuireann siad ar fáil. San eipeasóid seo insíonn Oisín Mac An Bhiocaire, múinteoir scoile agus úinéir agus cóitseálaí Gaelfit, faoina thuras féin maidir lena chomhlacht a oscailt agus faoi na tréithe atá de dhíth le gnó rathúil a chur agus a choinneáil ar bun.

Thosaigh Oisín an tseirbhís traenála Gaelfit agus é ag obair mar mhúinteoir scoile. Bhí sé ag iarraidh seirbhís spóirt a chur ar fáil do pháistí trí mheán na Gaeilge agus scéim samhraidh a bhunú fosta. Chomh maith leis sin bíonn Oisín ag cóitseáil ar bhonn duine le duine ar líne.

Sa tsraith seo cluineann muid ó úinéirí gnó faoi na rudaí atá foghlamtha acu go dtí seo faoi ghnó rathúil a reáchtáil in earnáil an spóirt.

Tá níos mó eolais faoi sheirbhísí Oisín agus Gaelfit le fáil ar Instagram:

gaelfit_ltd

oisinmcv_coaching

Níos mó

Where we are

Conradh na Gaeilge

66 Lower Camden Street,
Dublin 2,
D02 X201

Phone: +353 (0) 1 475 7401,
Fax: +353 (0) 1 475 7844,
Email: sceal@cnag.ie

Follow Scéal.ie on social media