Skip to main content
The Irish language information hub: News, events, job vacancies & more

Féile na hAbhann 2025

|

D’fhill Féile na hAbhann ar an Chosán Cois Lagáin agus ar na hOibreacha Gáis i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo caite le lá teaghlaigh lán spraoi, ceoil agus imeachtaí den scoth. 

Seo an 6ú bliain den fhéile agus rinne an t-ionad cultúrtha An Droichead comhoibriú lena lucht eagraithe le Sráidbhaile Gaeilgea chur ar fáil, limistéar ina raibh réimse leathan imeachtaí do chainteoirí Gaeilge agus dóibh sin gan Ghaeilge ach a mbeadh fonn orthu léargas a fháil ar an teanga.  

Dúirt Fionnuala Nic Thom, Oifigeach Forbartha An Droichead, go raibh sí thar a bheith sásta leis an mhéid daoine a tháinig ar an lá le blaiseadh den teanga a fháil.

Bhí Nuala Ní Scolláin ann ar an lá ag cleachtadh ióga leis na páistí. Bíonn Nuala ag teagasc ióga go rialta ach tháinig sí chun na féile le faoiseamh a thabhairt do pháistí in áit shuaimhneach ar shiúl ón challán ar feadh tamaill.

Labhair muid fosta le Aibreán Ní Ír, Rossa Mac Iomaire agus Aimée Ní hÉignigh faoin deis a thug an fhéile do dhaoine óga Gaeilge a labhairt agus iad ar saoire ón scoil.

Níos mó

Where we are

Conradh na Gaeilge

66 Lower Camden Street,
Dublin 2,
D02 X201

Phone: +353 (0) 1 475 7401,
Fax: +353 (0) 1 475 7844,
Email: sceal@cnag.ie

Follow Scéal.ie on social media