Skip to main content
The Irish language information hub: News, events, job vacancies & more

Camino ar an Mheal 2025

|

Cuireadh ‘Camino ar an Mheal’ ar siúl i gCathair Ard Mhacha Dé Sathairn, lá mór tiomsaithe airgid ar son Aonach Mhacha, ionad Gaeilge agus cultúrtha na cathrach. 

Is é atá sa Mheal ná páirc mhór fhada i lár Ard Mhacha agus is ann a cuireadh tús leis an Camino. Shiúil breis agus 100 duine thart ar an Mheal 25 huaire, turas arb ionann é agus siúlóid 25km. I ndiaidh gach ciliméadar, fuair na rannpháirtithe stampa ‘Aonach Mhacha’ ina gcárta chun iad a spreagadh le coinneáil orthu ag siúl.

Bhí spiorad láidir pobail le mothú an lá ar fad, le Gaeilgeoirí de gach cumas agus cúlra i láthair, mar aon leis an mhórphobal agus le lucht tacaíochta agus cairde an ionaid. 

Bhí an tAonach plódaithe don Tráth na gCeist a reáchtáladh níos moille sa lá, le beár oscailte san ionad é féin chomh maith le neart bia a bhuí le Caifé Mhacha. Is i dTeach Uí Raifeartaigh a cuireadh clabhsúr ar lá spreagúil spleodrach an Camino.

Is féidir tacú le hAonach Mhacha agus leis an obair ríthábhachtach a dhéanann siad go leanúnach ar son phobal Ard Mhacha tríd an leathanach Gofundme s’acu anseo.

Níos mó

Where we are

Conradh na Gaeilge

66 Lower Camden Street,
Dublin 2,
D02 X201

Phone: +353 (0) 1 475 7401,
Fax: +353 (0) 1 475 7844,
Email: sceal@cnag.ie

Follow Scéal.ie on social media