Skip to main content
The Irish language information hub: News, events, job vacancies & more

An Chéad Phlé Painéil – Maoiniú Thuaidh Theas, Géarchéim Thithíochta na nGaeltachtaí, Soláthar Oideachais agus Cearta Teanga

|

Agus muid ag dul i dtreo Mhórshiúl Náisiúnta na nGael ar an 20ú Meán Fómhair i mBaile Átha Cliath, tabharfaidh Meon Eile léargas ar chuid de na mórcheisteanna atá faoi chaibidil ag na Gaeil i láthair na huaire, go háirithe na constaicí atá ann in earnáil na Gaeilge.

An Chéad Phlé Painéil – Maoiniú Thuaidh Theas, Géarchéim Thithíochta na nGaeltachtaí, Soláthar Oideachais agus Cearta Teanga. Eagraíodh plé painéil ar na mallaibh in Áras Mhic Reachtain i dTuaisceart Bhéal Feirste a bhí dírithe ar cheithre cheist: Maoiniú Thuaidh Theas, Cearta Teanga, an tOideachas agus Tithíocht Gaeltachta. Tugadh cuireadh do cheathrar aíonna a bheith ar an ardán: Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta de chuid Chonradh na Gaeilge; Cassie Ní Chatháin, Feidhmeannach Taighde agus Anailíse Chonradh na Gaeilge; Aindriú de Buitléir, ceoltóir atá ina bhall gníomhach de Banú agus TINTEÁN; agus Fionnuala Nic Thom, Oifigeach Forbartha ag An Droichead. Ie é Ferdia Mac Corsain, Oifigeach Forbartha Gaeilge Áras Mhic Reachtain, a chuir na cainteoirí faoi agallamh.

Bhí deis ag Meon Eile labhairt le Conchúr, Cassie agus Aindriú faoin tréimhse atá romhainn agus na Gaeil ag dul i mbun gnímh. 

Le coinneáil ar an eolas faoin ábhar seo agus neart ceisteanna eile a bhaineann leis an Ghaeilge, is féidir An Dream Dearg a leanúint ar Instagram, Twitter agus Facebook

Níos mó

Where we are

Conradh na Gaeilge

66 Lower Camden Street,
Dublin 2,
D02 X201

Phone: +353 (0) 1 475 7401,
Fax: +353 (0) 1 475 7844,
Email: sceal@cnag.ie

Follow Scéal.ie on social media