Skip to main content
The Irish language information hub: News, events, job vacancies & more

Siúlóid Treoraithe le Cormac Ó hÁdhmaill

|

Eagraíodh siúlóid treoraithe ar na mallaibh a thosaigh ag páirc foraoise Bhinn Mhadagáin, taobh amuigh de Chaisleán Bhéal Feirste i dTuaisceart Bhéal Feirste, agus a chríochnaigh ag barr an tsléibhe.

D’fhreastail thart ar 20 duine ar an tsiulóid agus ba é Cormac Ó hÁdhmaill a bhí á dtreorú. Tá Cormac ina Chathaoirleach ar Fheachtas Caomhnaithe Bhinn Mhadagáin, feachtas a bunaíodh in 1989. An aidhm taobh thiar den tsiúlóid, atá á reachtáil le cúpla bliain anuas, ná dúlra agus dúchas an cheantair a chur ar a súile do dhaoine. Le linn an turais mhínigh Cormac na plandaí, na luibheanna agus na torthaí éagsúla ar tháinig siad orthu, agus thug a n-ainmneacha Gaeilge chomh maith.

Bhí ceol beo ag an Chaisleán agus ar mhullach an chnoic le Conor Caldwell agus Brian Connolly. Eagraíodh an t-imeacht mar chuid de Scoil Samhraidh Mhic Reachtain 2025. Tá an fhéile bhliantúil ar siúl faoi láthair go tús mhí Lúnasa agus is féidir breathnú ar an chlár anseo.

Níos mó

Where we are

Conradh na Gaeilge

66 Lower Camden Street,
Dublin 2,
D02 X201

Phone: +353 (0) 1 475 7401,
Fax: +353 (0) 1 475 7844,
Email: sceal@cnag.ie

Follow Scéal.ie on social media